English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Guíonn an tAire Foley agus an tAire Madigan gach rath ar na scoláirí uile atá ag déanamh na Scrúduithe Stáit, 2022

Tá gach rath curtha in iúl ag an Aire Oideachais Norma Foley TD agus ag an Aire Stáit atá freagrach as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú Josepha Madigan TD ar an 131,431 scoláire atá ag déanamh scrúduithe na Sraithe Sóisearaí, na hArdteistiméireachta agus na hArdteistiméireachta Feidhmí, atá ag tosú Dé Céadaoin, an 8 Meitheamh.

Dúirt an tAire Foley:

“Ba mhaith liom ádh mór a ghuí ar rang 2022 atá ag déanamh scrúduithe na Sraithe Sóisearaí, na hArdteistiméireachta agus na hArdteistiméireachta Feidhmí. Tá sibh tar éis a bheith ag obair gan stad gan staonadh agus go dúthrachtach, fiú le linn na ndúshlán ar leith a bhí ann le dhá bhliain anuas. Mar thoradh ar an mbuanseasmhacht sin, tá sibh anseo anois, tá an obair dhian déanta agaibh agus rachaidh sé sin chun tairbhe daoibh sna laethanta agus seachtainí amach romhainn.

“I mbliana, tá na scrúduithe a dhéantar a sholáthar go seachtrach ar siúl arís ina n-iomláine, chomh maith leis an gcéad bhliain iomlán de scrúduithe faoi Chreat leasaithe na Sraithe Sóisearaí. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d’obair Choimisiún na Scrúduithe Stáit agus na n-iar-bhunscoileanna ar fud na tíre lena chinntiú gur féidir linn na scrúduithe a sholáthar sa chaoi chéanna a ndearnadh iad a sholáthar roimh an bpaindéim.

“Tá sé tábhachtach freisin a lua go mbeidh scrúduithe iarchurtha na hArdteistiméireachta ar siúl againn ag tosú ar an 30 Meitheamh d’aon scoláire a mbíonn Covid-19 air/uirthi nó nach féidir freastal ar scrúdú de bharr shiomptóim Covid chomh maith le scoláirí a fhaigheann duine muinteartha leo bás nó mar gheall ar ghortú nó tinneas tromchúiseach. Tá sonraí iomlána faoi na socruithe seo curtha ar fáil do scoileanna agus cuireadh in iúl d’iarrthóirí faoi na téarmaí agus na coinníollacha atá i bhfeidhm.”

Dúirt an tAire Madigan:

“Ba mhaith liom ádh mór a ghuí ar na scoláirí ar fad atá ag déanamh scrúduithe na hArdteistiméireachta, na hArdteistiméireachta Feidhmí agus na Sraithe Sóisearaí. Bhí an dá bhliain seo a chuaigh thart chomh deacair sin do na scoláirí uile a bhí ag ullmhú le haghaidh scrúduithe.

“Ná déan dearmad gur cuma cad a tharlaíonn, tá an méid sin bealaí éagsúla le go n-éireoidh go geal leat amach anseo. Go n-eirí an t-ádh leat.”

Beidh na scrúduithe i mbliana ar siúl i 5,575 ionad scrúdaithe a bheidh á reáchtáil go dtí Dé Máirt, an 28 Meitheamh don Ardteistiméireacht (Seanbhunaithe agus Gairmchlár); Déardaoin, an 16 Meitheamh don Ardteistiméireacht Fheidhmeach; agus Dé Luain, an 20 Meitheamh do scrúduithe na Sraithe Sóisearaí.

CRÍOCH


Nótaí d’Eagarthóirí

Cuireadh miontreoir eolais ar fáil d’Iarrthóirí na hArdteistiméireachta maidir le scrúduithe na hArdteistiméireachta, 2022. Tá an treoir ar fáil anseo