English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Léirítear i mórstaidéar idirnáisiúnta gurb iad daltaí na hÉireann na daltaí is fearr ag feidhmiú i litearthacht na léitheoireachta san ECFE agus san AE

Cuireann an tAire Foley fáilte roimh fhoilsiú thorthaí PISA 2022, ina léirítear go bhfuil daltaí go mór os cionn an mheáin sa mhatamaitic, sa léitheoireacht agus san eolaíocht

Inniu, Dé Máirt, an 5ú Nollaig 2023, lainseáil an tAire Oideachais, Norma Foley TD, torthaí an Chláir ECFE um Measúnacht Idirnáisiúnta Daltaí (PISA) 2022, ina léirítear gurb iad daltaí na hÉireann atá 15 bliana d’aois na daltaí is fearr i litearthacht na léitheoireachta san AE agus san ECFE.

Tá siad ag feidhmiú freisin go mór os cionn mheán an ECFE sa mhatamaitic agus san eolaíocht.

Is tionscadal é an Clár um Measúnacht Idirnáisiúnta Daltaí (PISA) den Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE), a bhfuil Éire mar bhall di. Tarlaíonn PISA gach trí bliana agus is é an aidhm atá leis tomhas a dhéanamh ar cé chomh maith agus atá daltaí 15 bliana d’aois ag feidhmiú i dtrí réimse – an léitheoireacht, an mhatamaitic agus an eolaíocht. Bhí an príomhbhailiúcháin ar shonraí staidéir de na hocht dtimthriall de PISA le tarlú in 2021 ach cuireadh siar é bliain amháin de bharr COVID-19 agus bogadh é freisin ó thástáil a dhéanamh in Éirinn ón earrach go dtí an fómhar.

San áireamh sna príomhthorthaí de mheasúnachtaí 2022 tá an méid seo a leanas:

• Is iad daltaí na hÉireann na daltaí is fearr ag feidhmiú i litearthacht na léitheoireachta i measc an 37 tír san ECFE agus an 26 tír de chuid an AE.

• Tá daltaí na hÉireann go mór os cionn mheán an ECFE sna trí réimse ar fad – litearthacht na léitheoireachta, litearthacht na matamaitice agus litearthacht na heolaíochta.

• Tá feabhas tagtha ar an áit ina bhfuil Éire i measc an 81 tír atá ag glacadh páirt i dtionscadal PISA sna trí réimse ar fad ó 2018.

• I litearthacht na léitheoireachta, bhogamar ón ochtú háit go dtí an dara háit i measc an 81 tír.

• I litearthacht na heolaíochta, bhogamar ón dara háit is fiche go dtí an dara háit déag

• I litearthacht na matamaitice, bhogamar ón aonú háit is fiche go dtí an t-aonú háit déag.

• Tá i bhfad níos lú daltaí nach bhfuil ag feidhmiú chomh maith sin in Éirinn sa léitheoireacht, san eolaíocht agus sa mhatamaitic i gcomparáid leis an meán ar fud thíortha an ECFE.

• D’fheidhmigh daltaí fireanna agus baineanna in Éirinn i bhfad níos fearr ná an meán ECFE sna trí réimse ar fad.

Dúirt an tAire Foley:

“Is dea-scéala an-dearfach iad na torthaí d’Éirinn. Tá ár n-áit coinnithe againn i measc grúpa beag de thíortha ardghnóthachtála nuair a cuireadh brú ar leith ar phobail scoile ar fud an domhain de bharr COVID-19. Tá sé cinntithe againn freisin go bhfanann líon na ndaltaí nach bhfeidhmíonn chomh maith sin i measc an líon is lú san 81 tír a tástáladh.”

“Cuireadh moill ar PISA 2022 go ceann bliana de bharr an tionchair a bhí ag COVID-19 ar ár gcóras oideachais. Mar gheall ar an bpaindéim bhí dúshláin romhainn nach raibh ann riamh cheana, ach tá an teacht aniar a léirigh scoileanna i rith an ama seo le moladh. Ba mhaith liom aitheantas ar leith a thabhairt do dhíograis na múinteoirí agus na gceannairí scoile le timpeallacht foghlama sheasmhach agus thacúil dár gcuid daltaí uile. Dar ndóigh, ba mhaith liom na daltaí iad féin a thréaslú a léirigh fócas agus diongbháilteacht den scoth chun a leithéid de thorthaí éachtacha a chur ar fáil.”

San iomlán, ghlac 5,569 dalta agus 170 scoil in Éirinn páirt in PISA 2022. Reáchtáladh na tástálacha i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna anuraidh. San iomlán, ghlac 600,000 dalta 15 bliana d’aois páirt i dtástálacha PISA in 81 tír/geilleagar, lena n-áirítear 37 tír de chuid ECFE (26 tír de chuid an AE).

• San fheidhmíocht fhoriomlán san eolaíocht, léiríodh méadú suntasach i gcomparáid le torthaí PISA 2018, agus bhí méadú ann d’ocht bpointe nach mór.

• D’fhan an fheidhmíocht fhoriomlán sa litearthacht léitheoireachta seasmhach i gcomparáid le torthaí PISA 2018.

• Tháinig laghdú suntasach de 8 bpointe ó 2018 ar mheánfheidhmíocht na hÉireann sa mhatamaitic, ach bhí sé seo faoi bhun an mheáin de laghdú 15 phointe ar fud na dtíortha de chuid an ECFE i rith na tréimhse ama céanna. Is fiú tuilleadh imscrúdaithe a dhéanamh ar an athrú i bhfeidhmíocht na matamaitice ar an iomlán ó na timthriallta roimhe seo. Sna tuarascálacha leantacha ón bhForas Taighde ar Oideachas (FTO), a riarann PISA thar ceann na Roinne Oideachais, ba chóir bunús a chur ar fáil maidir le cinntí a dhéanamh i dtaca leis seo.

Dúirt an tAire Foley, le lainseáil thorthaí PISA inniu, go dtugtar léargas ar leith dúinn faoin gcaoi a gcuireann daltaí 15 bliana d’aois in Éirinn an t-eolas agus na scileanna a d’fhoghlaim siad ar scoil i bhfeidhm sa mhatamaitic, sa léitheoireacht agus san eolaíocht ar fhadhbanna agus ar chásanna sa saol mar atá.

“I dtaca leis an léitheoireacht, tá caighdeáin fíorarda ag daltaí na hÉireann, ar na caighdeáin is fearr atá ann. Ní raibh ach tír amháin eile, Singeapór, ina raibh feidhmíocht i bhfad níos airde ná an meán. D’fhan an treocht ar an iomlán inár bhfeidhmíocht léitheoireachta seasmhach idir 2018 agus 2022”.

“Ó thaobh na heolaíochta, tá sé ar fheabhas féachaint cé chomh maith agus a d’éirigh linn agus bhí feabhsú suntasach idir 2018 agus 2022. Ní raibh ach 2 faoin gcéad de dhaltaí na hÉireann a ghlac páirt in PISA 2018 a bhí tar éis tabhairt faoi churaclam eolaíochta nua na Sraithe Sóisearaí. Anois, tá éifeachtaí na sonraíochtaí sa chóras á bhfeiceáil againn agus leanfaidh siad seo ag forbairt in imeacht ama.”

“Tháinig laghdú ar ár dtorthaí matamaitice ó 2018 ach bhí laghdú níos géire i dtíortha comparáide ar nós an Pholainn, an Fhionlainn agus an tSualainn ná mar a bhí in Éirinn. D’éirigh linn bogadh ón aonú háit is fiche go dtí an t-aonú háit déag sa liosta don mhatamaitic agus tá ár ndaltaí fós ag feidhmiú os cionn leibhéal an mheáin. Is féidir linn a fhoghlaim ó na torthaí seo agus bearta a chur i bhfeidhm chun cuidiú le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar smaointeoireacht chriticiúil ár ndaltaí”.

In ainneoin na ndúshlán a bhí i gcóras oideachais na hÉireann ón timthriall PISA roimhe seo, lean na daltaí in Éirinn ag feidhmiú go han-mhaith in PISA 2022 ó thaobh mheáin an ECFE agus an AE. Is fíor é seo go háirithe i réimse na léitheoireachta, áit a raibh an fheidhmíocht an-mhaith i gcomparáid leo siúd dár dtíortha comparáide roghnaithe, chomh maith le meán an ECFE.

Cé go bhfuil an fheidhmíocht san eolaíocht agus sa mhatamaitic os cionn an mheáin, in Éirinn, tá meánsciar nó sciar faoi bhun an mheáin de dhaltaí ardghnóthachtála sna réimsí seo a léiríonn go bhfuil dúshlán fós ann chun tacú le daltaí barr a gcumais a bhaint amach sna leibhéil inniúlachta is airde sna réimsí seo. Tá scóip ann dul chun cinn a dhéanamh air seo trí fhorbairtí leanúnacha sa churaclam, san oideolaíocht agus sa bheartas. Tá grúpa oibre bunaithe ag an Roinn Oideachais chun beartas a fhorbairt maidir le daltaí atá an-ábalta nó a bhfuil bua iontu.

In Éirinn, ní raibh aon difríocht inscne shuntasach san eolaíocht. Ach, d’fheidhmigh daltaí baineanna i bhfad níos fearr ná a gcomhdhaltaí fireanna i litearthacht na léitheoireachta agus ag an am céanna bhí meánscóir i bhfad níos airde ag daltaí fireanna ná ag daltaí baineanna sa mhatamaitic.

I bhfianaise na difríochta inscne, go háirithe i leith na ndaltaí baineanna sa léitheoireacht agus i leith na ndaltaí fireanna sa mhatamaitic, i dtuarascáil an Fhorais Taighde ar Oideachas, moltar gurbh fhiú féinmhuinín a fheabhsú i measc daltaí fireanna i litearthacht na léitheoireachta agus daltaí baineanna sa mhatamaitic.

Dúirt an tAire Foley:

“Tá an Rialtas tiomanta do roghnú na hEolaíochta, na Teicneolaíochta, na hInnealtóireachta agus na Matamaitice (ETIM) a chur chun cinn inár scoileanna agus fócas ar leith ar mhná agus ar fheabhsú na litearthachta, na huimhearthachta agus na litearthachta digití do na foghlaimeoirí uile. Cuirfimid torthaí PISA san áireamh agus cur i bhfeidhm na ngníomhaíochtaí ó Phlean Forfheidhmithe Oideachas ETIM á mheas agus i bhforbairt straitéis nua litearthachta, uimhearthachta agus litearthachta digití.”

CRÍOCH

Feidhmíocht na ndaltaí in Éirinn sa léitheoireacht, sracfhéachaint den liosta.

Ar an iomlán (81 tír)  ECFE (37 tír)  AE (26 tír)
1. Singeapór  1. Éire  1. Éire 
2. Éire  2. An tSeapáin  2. An Eastóin 
3. An tSeapáin   3. An Chóiré 3. An Fhionlainn 
4. An Chóiré  4. An Eastóin  4. An Danmhairg 
5. Taipei na Síne  5. Ceanada  5. An Pholainn 
6. An Eastóin  6. Na Stáit Aontaithe  
7.Macao (An tSín)  7. An Nua-Shéalainn 
8. Ceanada  8. An Astráil 
suas ó 8 in 2018  suas ó 4 in 2018  suas fó 3 in 2018 

Foinse: ECFE 2023c, Tábla I.B1.2.1.

Feidhmíocht na ndaltaí in Éirinn san eolaíocht, sracfhéachaint den liosta.

Ar an iomlán (81 tír) ECFE (37 tír)  AE (26 tír) 
Singeapór  An tSeapáin  An Eastóin 
An tSeapáin  An Chóiré  An Fhionlainn 
Macao (An tSín)  An Eastóin  Éire
Taipei na Síne  Ceanada 
An Chóiré  An Fhionlainn 
An Eastóin  An Astráil 
Hong Cong (An tSín)  An Nua-Shéalainn 
Ceanada  Éire
An Fhionlainn 
An Astráil 
An Nua-Shéalainn 
Éire
suas ó 22 in 2018  suas ó 17 in 2018  suas ó 11 in 2018 

Foinse: ECFE 2023c, Tábla I.B1.2.3

Feidhmíocht na ndaltaí in Éirinn sa mhatamaitic, sracfhéachaint den liosta.

Ar an iomlán (81 tír)  ECFE (37 tír)  AE (26 tír) 
Singeapór   An tSeapáin   An Eastóin  
Macao (An tSín)   An Chóiré   An Ísiltír 
Taipei na Síne   An Eastóin   Éire 
Hong Cong (An tSín)*   An Eilvéis  
An tSeapáin   Ceanada*  
An Chóiré   An Ísiltír*  
An Eastóin   Éire 
An Eilvéis  
Ceanada*  
An Ísiltír*  
Éire
suas ó 21 in 2018  suas ó 16 in 2018  suas ó 11 in 2018 

Foinse: ECFE 2023c, Tábla I.B1.2.1.

  • Tá nótáil in éineacht leis na sonraí don tír seo, féach Tuarascáil Theicniúil PISA 2022 atá le teacht le haghaidh tuilleadh sonraí.

Tuilleadh eolais:

Is féidir rochtain a dhéanamh ar an tuarascáil náisiúnta faoi PISA 2022 in Éirinn ar www.erc.ie

Is féidir rochtain a dhéanamh ar thuarascálacha idirnáisiúnta faoi PISA 2022 ar www.oecd.org/pisa

Is féidir amharc ar shamplaí de mhíreanna ón matamaitic, litearthacht na léitheoireachta agus ón eolaíocht de chuid PISA go hidrghníomhach ar www.oecd.org/pisa

Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh i dteagmháil le:

Brenda Donohue, Bainisteoir Tionscadail Náisiúnta, PISA 2022 – 01-8065 234

Rachel Perkins, An Fhoireann Taighde Náisiúnta, PISA 2022 – 01-8065 216

PISA.Ireland@erc.ie

Eolas Breise faoi PISA

Cad is PISA ann?

Is tionscadal é an Clár um Measúnacht Idirnáisiúnta Daltaí (PISA) den Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE), agus is é an aidhm atá leis tomhas a dhéanamh ar cé chomh maith agus atá daltaí 15 bliana d’aois ullmhaithe chun na dúshláin a shárú a bheadh rompu sa saol amach anseo, cúrsaí oideachais san áireamh. In PISA, déantar measúnú ar dhaltaí sna trí réimse den léitheoireacht, den mhatamaitic agus den eolaíocht.

De ghnáth, tarlaíonn PISA gach trí bliana, ach cuireadh siar an t-ochtú timthriall, ina raibh a riarachán Príomhstaidéir le bheith déanta in 2021, go ceann bliana de bharr phaindéim

COVID-19.

In 2022, rinneadh na measúnachtaí PISA a riar sa 37 tír as an 38 tír de chuid an ECFE (níor ghlac Lucsamburg páirt ann) agus in 44 tír/geilleagar comhpháirtíochta sa bhreis. Chuir na daltaí sa chuid is mó de na tíortha seo, Éire san áireamh, na tástálacha i gcrích ar ríomhaire, agus chuir ceithre thír (tíortha ar fad nach baill den ECFE iad) na leaganacha ar páipéar i gcrích.

Is sampla ionadaíoch é PISA de dhaltaí 15 bliana d’aois i ngach ceann de na tíortha atá ag glacadh páirt ann. Ghlac níos mó ná 690,000 dalta ar fud an domhain páirt in PISA.

Sna caighdeáin theicniúla de chuid PISA éilítear go sroicheann tíortha/geilleagar ráta freagartha ualaithe scoile de 85% agus ráta freagartha ualaite dalta de 80%. In PISA 2022, theip ar sheacht dtír/ngeilleagar an ráta freagartha scoile a bhaint amach agus bhí deich dtír/ngeilleagar, lena n-áirítear Éire, ar theip orthu an ráta freagartha dalta a bhaint amach. Ba ghá do thíortha nár bhain amach caighdeáin theicniúla PISA anailís ar laofacht neamhfhreagartha a dhéanamh.

In 2022, ghlac 170 iar-bhunscoil páirt ann. Ba ráta 100% a bhí i ráta rannpháirtíochta leibhéal scoile na hÉireann, a sháraigh riachtanas an ECFE de rannpháirtíocht 85% ag leibhéal na scoile. Tar éis díolúintí, diúltuithe agus neamhláithreachtaí a chur san áireamh, chuir 5,569 dalta in Éirinn an mheasúnacht i gcrích, a thug ráta freagartha scoláire de 76.8%. Bhí sé seo faoi bhun riachtanas an ECFE de 80% agus dá bhrí sin rinneadh anailís ar laofacht neamhfhreagartha ar na sonraí d’Éirinn. Léiríodh san anailís go mb’fhéidir go raibh na meastacháin ghnóthachtála d’Éirinn beagán níos ísle ná mar a tuairiscíodh dá mbeadh na daltaí uile a roghnaíodh tar éis an mheasúnacht a chur i gcrích. D’fhéadfadh an laofacht aníos seo a bheith níos lú d’anailís ar threochtaí, má tá na meastacháin ó na timthriallta roimhe seo laofa sa treo céanna. Ba chóir ciall a bhaint as na comparáidí leis na timthriallta roimhe seo agus an laofacht a tuairiscíodh do 2022 a chur san áireamh.

In Éirinn in 2022, bhí an chuid is mó de dhaltaí PISA san Idirbhliain (57.0%), agus ina dhiaidh sin sa Tríú Bliain (26.1%) agus sa Chúigiú Bliain (16.2% de na daltaí). Bhí níos lú ná 1% de dhaltaí PISA in Éirinn sa Chéad Bhliain/Dara Bliain (0.2%) nó sa Séú Bliain (0.5%).

Níos mó eolais faoi PISA: https://www.oecd.org/pisa/ agaus https://www.erc.ie/studies/pisa/

Conas a dhéantar PISA a riar?

Is iad ballrialtais a dhéanann PISA a stiúradh trí Rúnaíocht an ECFE, ar bhonn leasanna atá comhroinnte agus bunaithe ar bheartais. Is é cuibhreannas institiúidí a dhéanann PISA a bhainistiú. In Éirinn, is é an Foras Taighde ar Oideachas (FTO) a chuireann PISA i bhfeidhm thar ceann na Roinne Oideachais (RO).

In Éirinn, bhí PISA 2022 á riar sna scoileanna ag cigirí ón RO, in éineacht le cigirí ar scor agus príomhoidí agus ionadaithe ón FTO.

In Éirinn, cuireadh scoileanna i ngrúpaí de réir mhéid an rollaithe agus na hearnála (meánscoileanna, scoileanna BOO/gairmoideachais, pobalscoileanna/scoileanna cuimsitheach). Laistigh de gach ceann de na naoi ngrúpa a d’eascair as, cuireadh scoileanna in ord de réir chéatadán na ndaltaí baineanna 15 bliana d’aois sa scoil, agus de réir na ceathairíle socheacnamaíche. I ngach scoil roghnaithe, roghnaíodh suas le 46 dalta a bhí 15 bliana d’aois (iad siúd a rugadh idir 1ú Lúnasa 2006 agus 31ú Iúil 2007) le páirt a ghlacadh ann.

Cad air a ndéanann PISA measúnú?

I ngach timthriall de PISA dírítear ar ‘mór-réimse’ amháin, ar a gcaitear an chuid is mó den am tástála. Sna ‘mionréimsí’ cuirtear cuntas gnóthachtála ar fáil ina bhfuil níos lú sonraí.

In PISA 2022 ba í an mhatamaitic an mór-réimse, agus ba iad litearthacht na léitheoireachta agus an eolaíocht na mionréimsí. Ba mhór-réimse í an mhatamaitic in 2003 agus in 2012 freisin. Ós rud é go ndearnadh tástáil níos mine ar an matamaitic in 2003, 2012 agus 2022, creideann an ECFE gur féidir sonraí treochta níos cruinne a bhunú don mhatamaitic trí chomparáid a dhéanamh ar fheidhmíocht na ndaltaí sna blianta seo. Sa mhatamaitic, tomhaistear cumas na ndaltaí i gceithre réimse ábhair (Athrú & Gaoil; Cainníocht; Neamhchinnteacht & Sonraí; agus Spás & Cruth) agus ceithre phróiseas chognaíocha (Foirmliú, Úsáid a bhaint as nithe, Ciall a bhaint as nithe, agus Réasúnaíocht).

Socraíodh an meánscór (meán) do gach réimse go 500 agus bhí diall caighdeánach de 100 sa chéad timthriall ina ndearnadh measúnú ar an réimse mar an mór-réimse (i.e. socraíodh an meánscór ag 500 don léitheoireacht in 2000, don mhatamaitic in 2003 agus don eolaíocht in 2006). Ciallaíonn sé seo gur féidir comparáid a dhéanamh ar na tástálacha i ngach timthriall de PISA i gcoinne na dtorthaí sna timthriallta roimhe seo. Don léitheoireacht, is féidir comparáid a dhéanamh ar na torthaí i ngach timthriall ó 2000, agus don mhatamaitic, is féidir comparáid a dhéanamh ar na torthaí i ngach timthriall ó 2003. Is féidir comparáid a dhéanamh ar na torthaí don eolaíocht siar go dtí 2006.

In PISA, bailítear eolas comhthéacsúil freisin trí cheistneoirí a chuir daltaí agus ceannairí scoile i gcrích, chomh maith le roinnt eolais ó fhoinsí náisiúnta (ar nós bunachar sonraí iar-bhunscoile an RO).

In Éirinn, in 2022, san áireamh sna ceistneoirí a riaradh, bhí an méid seo a leanas:

• croícheistneoir an dalta

• ceistneoir gearr roghnach do dhaltaí faoi TFC

• ceistneoir gearr roghnach do dhaltaí faoi Fholláine.

• ceistneoir gearr roghnach do phríomhoidí scoile nó don duine/na daoine atá ainmnithe acu

• ceistneoir gearr roghnach do thuismitheoirí

• ceistneoir a forbraíodh go náisiúnta do mhúinteoirí matamaitice.

Cén chaoi a raibh an tástáil in 2022 difriúil ó mheasúnachtaí níos luaithe de chuid PISA?

Tharla tástáil PISA 2022 in Éirinn idir lár mhí Dheireadh Fómhair agus go luath i mí na Nollag 2022. Go hiondúil, bhíodh an tástáil do PISA ar siúl in Éirinn san earrach (de ghnáth i mí an Mhárta agus i mí Aibreáin). Do thimthriall 2022 de PISA rinneadh cinneadh an tástáil a bhogadh go dtí an tréimhse tástála d’Éirinn san fhómhar mar iarracht leis an ualach ar scoileanna a laghdú i rith na tréimhse roimh na scrúduithe stáit. San fhómhar in 2018, thug an FTO faoi staidéar féidearthachta (Denner, 2023) chun scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht d’Éirinn an tástáil a bhogadh ón earrach go dtí an fómhar. Sa staidéar, fuarthas nach raibh aon difríochtaí suntasacha ó thaobh staitistice de idir rátaí rannpháiríochta na ndaltaí ná idir an ghnóthachtáil ar an iomlán sa léitheoireacht, sa mhatamaitic ná san eolaíocht nuair a tharla an tástáil san fhómhar i gcomparáid leis an earrach.

Riar 77 as 81 tír rannpháirteacha, Éire san áireamh, an mheasúnacht ag baint úsáid as ardán ríomhaire-bhunaithe in 2022.

Chomh maith le hábhar tástála agus formáidí míre nua a fhorbairt, in PISA 2022, tugadh isteach tástáil oiriúnaitheach don mhatamaitic i dtíortha ríomhaire-bhunaithe chun feabhas a chur ar chruinneas agus ar chothroime na tástála. Déantar an tástáil a oiriúnú do leibhéal cumais gach dalta – tosaíonn daltaí ar shraith choiteann de mhíreanna, agus ansin, go tráthrialta, téann an dalta ar aghaidh go dtí míreanna nach bhfuil chomh deacair nó atá níos deacra, bunaithe ar an gcaoi ar fheidhmigh sé/sí roimhe sin. Tugadh tástáil oiriúnaitheach isteach don léitheoireacht in PISA 2018 agus tabharfar í isteach don eolaíocht in PISA 2025.

Cad iad na saincheisteanna ba chóir a chur san áireamh agus ciall á baint as treochtaí in imeacht ama?

Is measúnacht ríomhaire-bhunaithe é PISA anois (ó 2015), agus san áireamh sna tástálacha anois sa mhatamaitic, sa léitheoireacht agus san eolaíocht tá formáidí míre nua agus modh measúnachta nach mbeadh cleachtadh ag daltaí in Éirinn orthu.

Tá líon na mballtíortha de chuid an ECFE ag méadú go fóill. Ón timthriall PISA deiridh, i mí na Bealtaine 2021, tháinig Cósta Ríce isteach mar bhall den ECFE, an 38ú tír de chuid an ECFE. Ciallaíonn sé seo go n-athraíonn meán an ECFE go tréimhsiúil nuair a thagann tíortha nua isteach. Ghlac na tíortha uile de chuid an ECFE páirt in PISA 2022, seachas Lucsamburg.

D'fhéadfadh sé go mbaineann sé leis an gcomhdhéanamh atá ag athrú de chuid an ECFE í féin, go bhfuil laghdú seasta ag teacht ar mheán an ECFE síos trí na trí réimse sna timthriallta is déanaí de PISA.

Fuarthas na daltaí a bhí rannpháirteach in PISA 2022 in Éirinn ó réimse leibhéal de ghráid idir an Chéad Bhliain agus an Séú Bliain (leis an gcuid is mó díobh san Idirbhliain).

Tugadh isteach sonraíochtaí nua na Sraithe Sóisearaí ar bhonn céimnithe ag tosú in 2014.

Tugadh isteach sonraíocht an Bhéarla in 2014, agus tugadh isteach sonraíocht na heolaíochta in 2016 agus dá bhrí sin rinne na daltaí uile a bhí rannpháirteach in PISA 2022 staidéar faoi na sonraíochtaí nua seo. Tugadh isteach an tsonraíocht nua don mhatamaitic in 2018 agus bhí beagnach gach dalta PISA (99.5%) in Éirinn tar éis staidéar a dhéanamh nó ag déanamh staidéir faoin sonraíocht nua.