English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Minister announces arrangements for schools to apply new special core status of History at Junior Cycle ga

Ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh beidh Stair á tairiscint ag gach iar-bhunscoil agus déanfaidh gach scoláire a thagann isteach sa chéad bhliain staidéar ar an ábhar.

D’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh T.D. inniu (Dé Máirt, 18ú Feabhra 2020) na socruithe atá le cur i bhfeidhm le croístádas speisialta a éascú don Stair sa Chreat don tSraith Shóisearach.

Tar éis an chinneadh ar an 1ú Deireadh Fómhair, 2019 le croístádas speisialta a thabhairt don Stair laistigh den Chreat don tSraith Shóisearach, iarradh ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ar chomhairle a chur maidir leis an tslí is fearr chun é seo a chur i bhfeidhm.

Ghabh an tAire McHugh buíochas leis an CNCM as ucht a tacaíochta agus comhairle.

Dúirt an tAire,

“Tá an croístádas nua don Stair á dheimhniú agam do gach scoláire a thosaíonn an tSraith Shóisearach ó mhí Mheán Fómhair seo chugainn ar aghaidh.

“Creidim go bhfuil dualgas ar cheannairí agus ar na glúnta níos sine a chinntiú go gcuirimid an deis ar fáil don chéad ghlúin eile tuiscint a fháil ar an am a chuaigh thart – na rudaí maithe agus na drochrudaí. Ní mór dúinn an seans a thabhairt do dhaoine óga foghlaim ón stair chorrach atá againn agus tuiscint a fháil ar conas go gcabhríonn eolas ar an aimsir siar le cur chun cinn an todhchaí.”

Lean an tAire McHugh ar aghaidh a rá

“táim fíorbhuíoch den CNCM as ucht an obair ar fad a rinne siad chun athbhreithniú a dhéanamh ar áit na Staire sa tSraith Shóisearach agus as ucht na comhairle freisin ar an mbealach is fearr le mo chinneadh a chur i bhfeidhm le croístádas speisialta a thabhairt di.”

Chinn an tAire McHugh go mbeidh ar gach scoil Stair a chur ar fáil mar ábhar de chuid na Sraithe Sóisearaí ó mhí Mheán Fómhair 2020 ar aghaidh, agus go mbeidh ar gach scoláire a thosaíonn sa chéad bhliain ag an am staidéar a dhéanamh ar Stair mar chuid den churaclam. Leanfaidh na scoláirí sonraíocht Staire na Sraithe Sóisearaí atá ann cheana féin, atá 200 uair an chloig ar a laghad ar fad agus déanfar measúnú uirthi ag an gcomhleibhéal.

Tugadh isteach sonraíocht na Staire i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2018, mar chuid de chur i bhfeidhm Chreat na Sraithe Sóisearaí de réir a chéile.

Sular tugadh isteach an Creat nua, ba ábhar éigeantach é Stair i dtuairim agus leath de na hiar-bhunscoileanna, cé go ndéanann naoi scoláire as deich scoláire an scrúdú Staire sa tSraith Shóisearach.

Tá 21 ábhar á gcur ar fáil faoin gCreat. Is ábhair éigeantacha iad trí cinn díobh seo, Matamaitic, Béarla agus Gaeilge agus bíonn 240 uair an chloig ar a laghad i ngach ceann díobh ag teastáil chun iad a fhoghlaim. Tá Stair tar éis a bheith curtha leis an liosta agus beidh 200 uair an chloig ar a laghad ag teastáil chun í a fhoghlaim. Is ábhair roghnacha iad an 17 n-ábhar eile, laistigh den riachtanas iomlán le staidéar a dhéanamh ar 10 n-ábhar ar a mhéad.

Tá iarrtha ar an CNCM freisin forbairt a dhéanamh ar ghearrchúrsa sa Stair do scoláirí áirithe a bhfuil deacrachtaí/riachtanais foghlama ginearálta acu. Ní bheidh ar scoláirí sa chatagóir seo staidéar a dhéanamh ar an ábhar sula gcuirtear an gearrchúrsa nua ar fáil i mí Mheán Fómhair 2021.

I gciorclán na Roinne tá na socruithe praiticiúla á gcur in iúl do scoileanna maidir le cur i bhfeidhm chinneadh an Aire le croístádas speisialta a thabhairt don Stair.

Críoch

Nótaí d’Eagarthóirí

Creat don tSraith Shóisearach - Ábhair

Ó mhí Mheán Fómhair 2020 ar aghaidh, déanfaidh scoláirí uile na Sraithe Sóisearaí staidéar ar ábhair sa mheascán mar a thaispeántar sa tábla thíos, agus beidh Stair curtha isteach mar chroí-ábhar:

Croí-ábhair Ábhair   Eile/Gearrchúrsaí Clár Folláine Uaireanta Fágtha sa Churaclam Sceidealaithe
Mata   – 240 uair an chloig ar a laghad   6 Ábhar x 200 Uair an chloig ar a laghad nó meascán eile d’Ábhair agus Gearrchúrsaí OSSP, OSPS, Corpoideachas agus Réimsí Foghlama Eile
Béarla – 240 uair an chloig ar a laghad 
Gaeilge – 240 uair an chloig ar a laghad
Stair – 200 uair an   chloig ar a laghad
920 Uair an chloig 1200 Uair an chloig 400 Uair an chloig 285 Uair an chloig

Déanfaidh scoláirí staidéar ar 10 n-ábhar ar a mhéad, nó níos lú má dhéantar iad a mheascadh le gearrchúrsaí. Clúdaíonn sé seo ábhair a dhéantar lasmuigh de shuíomh scoile aitheanta.

Scoláirí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu

Nuair a bhíonn clár na Sraithe Sóisearaí á phleanáil ag gach scoil, beidh uirthi comhthéacs áitiúil na scoile agus cúlraí, spéiseanna agus cumais na scoláirí a chur san áireamh lena chinntiú go bhfuil dóthain solúbthachta i gclár Shraith Shóisearach na scoile, chun freastal ar riachtanais foghlama aonair na scoláirí uile, iad siúd a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu san áireamh.

Tá an Roinn tar éis iarraidh ar an CNCM forbairt a dhéanamh ar ghearrchúrsa sa Stair a bheidh ailínithe go ginearálta le Leibhéal 2 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí. Déanfar an gearrchúrsa a dhearadh do líon beag scoláirí a bhfuil deacrachtaí/riachtanais foghlama ginearálta acu sa raon cumais ó éadrom íseal go dtí meánach ard agus beidh sé ar fáil do scoilbhliain 2021/2022. Ní bheidh ar scoláirí sa raon míchumas ginearálta foghlama meánach íseal agus trom agus dian staidéar a dhéanamh ar Stai

Acmhainní le Stair a theagasc

Is é atá i gceist le Lamháltais Churaclaim ná uaireanta teagaisc breise a chuirtear ar fáil do scoil a raibh tionchar ag easnamh scileanna nach rabhthas ag súil leo uirthi i réimsí ábhair áirithe agus nach raibh in ann réiteach a fháil trí na próisis pleanála scoile agus bainistíochta.

Beidh scoileanna ar gá dóibh acmhainní teagaisc a fháil le Stair a theagasc dá scoláirí ar fad sa chéad bhliain ó mhí Mheán Fómhair 2020 in ann iarratas a dhéanamh ar lamháltais churaclaim mar bheart gearrthéarmach.

Nuair a dhéanann scoil iarratas ar lamháltais churaclaim ní mór don scoil na huaireanta in aghaidh na seachtaine atá á lorg aici a chur in iúl agus breac-chuntas a thabhairt ar chúiseanna leis an iarratas. Cuirtear ceist ar na scoileanna, ós rud é gur lamháltais churaclaim ghearrthéarmacha atá i gceist, cad iad na pleananna atá an scoil á gcur i bhfeidhm ionas go mbeidh na scoileanna in ann feidhmiú laistigh den ghnáth-leithdháileadh sna blianta amach romhainn.

Iarrtar ar scoileanna freisin féachaint ar cuireadh socruithe comhoibrithe le scoil in aice láimhe léi san áireamh.

Forbairt Ghairmiúil Leanúnach (FGL)

D’fhonn tús a chur le staidéar a dhéanamh ar an Stair a éascú do gach scoláire ó mhí Mheán Fómhair 2020 ar aghaidh, cuirfidh an tseirbhís um an tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí (JCT) clár le chéile le FGL a sholáthar.