Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an tAire McEntee agus an tAire Stáit Moynihan Plean Oideachais 2025

Breis agus 100 beart i bPlean Oideachais 2025, lena n-áirítear Seirbhís Teiripe Oideachais a bhunú

Cead an rialtais faighte ag Airí chun suas le 90 teiripeoir a chur ar fáil ar bhonn céimnithe i 45 scoil speisialta

Inniu (19 Meitheamh), d'fhoilsigh an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee TD, agus an tAire Stáit don Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, Michael Moynihan TD, Plean Oideachais 2025. Tá sé mar sprioc ag an bplean cuimsitheach seo córas oideachais den scoth a sholáthar, ar córas é a sháraíonn constaicí agus a chinntíonn gur féidir le gach leanbh barr a c(h)umais a bhaint amach.

Dúirt an tAire McEntee:

“Cuireann sé an-áthas orm Plean Oideachais 2025 a fhoilsiú inniu— mo chéad cheann mar Aire Oideachais agus Óige. Is plean cuimsitheach é seo ina dtugtar breac-chuntas ar chnuasach suntasach oibre atá idir lámha agam i mbliana chun soláthar a dhéanamh do gach duine inár bpobail scoile agus seirbhísí óige. Is é atá mar sprioc agam córas oideachais den scoth a sholáthar, ar córas é a sháraíonn constaicí agus a chinntíonn gur féidir le gach leanbh barr a c(h)umais a bhaint amach. Foilseoidh mé Plean Oideachais nua gach bliain”.

Dúirt an tAire Stáit Moynihan:

“Mar Aire Stáit don Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, tá an-áthas orm a bheith ag foilsiú Phlean Oideachais 2025. Sonraíonn an plean seo liosta de na príomhbhearta a chuirfidh feabhas ar acmhainn, ar sholáthar seirbhíse agus ar thacaíochtaí do na leanaí go léir a bhfuil riachtanais bhreise acu, dá dteaghlaigh, agus do bhaill foirne inár scoileanna.

"Tá ról ríthábhachtach ag iompar scoile maidir le tacú le rochtain ar oideachas ar fud na tíre. Má dhéantar an scéim iompair scoile a neartú, tá ár n-uaillmhian go mbeidh 100,000 dalta breise á n-iompar faoi 2030, á baint amach againn.”

Seirbhís Teiripe Oideachais

I measc na mbeart i bPlean Oideachais 2025, atá curtha faoi bhráid an rialtais ag an Aire McEntee, tá bunú na Seirbhíse Teiripe Oideachais nua ina mbeidh teiripeoirí ag obair i scoileanna speisialta sa scoilbhliain seo amach romhainn.

Ag fógairt go bhfuil cead an rialtais faighte chun an tSeirbhís Teiripe Oideachais a bhunú, tá sé i gceist ag an Aire McEntee agus Moynihan go gcuirfidh an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) tús leis an obair agus é mar aidhm acu 90 teiripeoir a chur ar fáil le bheith ag obair i 45 scoil speisialta sa scoilbhliain seo amach romhainn.

Tá sé aontaithe ag an Rialtas anois:

  • gur poist do theiripeoirí saothair agus do theiripeoirí urlabhra agus teanga a bheidh sna poist nua i dtús báire
  • go gcuirfear tuilleadh post ar fáil ar bhonn céimnithe i scoileanna speisialta eile i scoilbhliain 2026/27
  • cé go gcuirfear tús leis an tSeirbhís Teiripe Oideachais i scoileanna speisialta ar dtús, go bhfuil sé i gceist go gcuirfear i bhfeidhm í ar bhonn céimnithe ina dhiaidh sin i ranganna speisialta agus i scoileanna príomhshrutha
  • go gcuirfidh CNOS tús le hearcaíocht, ag cur na dtéarmaí agus na gcoinníollacha céanna i bhfeidhm le teiripeoirí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, agus go mbeidh feachtas earcaíochta náisiúnta ar siúl chun earcú na dteiripeoirí sin a éascú do scoilbhliain 2025/26
  • próiseas léirithe spéise ag FSS a éascú chun ligean do bhaill foirne ó na hearnálacha sláinte agus míchumais iarratas a dhéanamh go deonach chun oibriú sa tSeirbhís nua Teiripe Oideachais
  • ní hamháin go gcuirfidh na tacaíochtaí teiripeacha a gheobhaidh leanaí sna scoileanna, le hacmhainn phobal na scoile tacú níos fearr le gach leanbh, ach go gcuirfidh siad idirghabhálacha teiripeacha aonair ar fáil do na leanaí sin a dteastaíonn sin uathu.

Lean an tAire McEntee ar aghaidh agus dúirt sí:

"Is áit iontach í Éire le maireachtáil agus fás aníos inti agus léiríonn ár scoileanna é sin. Tá mé diongbháilte leanúint ar aghaidh ag tacú lenár scoileanna, lenár scoláirí agus lenár ndaoine óga - agus le gach duine a oibríonn iontu agus inár seirbhísí óige – agus leagtar amach i bPlean Oideachais 2025 céimeanna a ghlacfaidh mé chun é sin a dhéanamh.

"Tá tacú le leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu agus dul i ngleic le míbhuntáiste oideachais mar phríomhthosaíochtaí agam. Fuair mé cead ón rialtas le déanaí chun Seirbhís Teiripe Oideachais nua a bhunú ina mbeidh teiripeoirí urlabhra agus teanga agus teiripeoirí saothair ag obair i mbeagnach 45 dár scoileanna speisialta níos déanaí i mbliana agus tuilleadh post á soláthar ar bhonn céimnithe i scoileanna eile i scoilbhliain 2026/27. Is athrú ó bhonn a bheidh ansin do leanaí atá ag freastal ar ár scoileanna speisialta, ag cinntiú go mbeidh rochtain luath agus tráthúil acu ar na seirbhísí a theastaíonn uathu.

"I gcás leanaí a fhreastalaíonn ar ranganna speisialta i scoileanna príomhshrutha, tá ceadú níos luaithe na ranganna sin lárnach maidir le soiléireacht a sholáthar dóibh féin agus dá dteaghlaigh.

"I mbliana, foilseoidh mé plean nua DEIS freisin chun dul i ngleic le míbhuntáiste oideachais agus céimeanna a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar an neamhláithreacht.

"Oibreoidh mé le scoileanna chun na costais atá rompu a laghdú agus oibreoidh mé freisin chun na costais atá ar thuismitheoirí a laghdú, amhail costas éide scoile. Beidh comhairliúchán le tuismitheoirí mar phríomhghné agus mé ag tosú ag obair chun ciorclán nua a fhorbairt chun dul i ngleic leis na costais a bhaineann le filleadh ar scoil.

"Ní mór go mbeadh ár scoileanna mar léiriú ar ár sochaí: i mbliana seolfaidh mé suirbhé náisiúnta ar gach tuismitheoir leanaí atá ag dul ar scoil agus ar gach tuismitheoir leanaí réamhscoile chun a fháil amach cén cineál oideachais is mian leo a fheiceáil dá leanbh, rud a chabhróidh le bonn eolais a chur faoi athruithe féideartha sa todhchaí. Creidim go gcaithfear guth na dtuismitheoirí agus na scoláirí a chloisteáil agus muid ag pleanáil don soláthar sa todhchaí.

"Is áiteanna iontacha iad ár scoileanna do scoláirí, ach freisin do mhúinteoirí, CRSanna, feighlithe, rúnaithe agus baill eile d’fhoireann na scoile. Is í an toisc aonair is mó a théann i bhfeidhm ar thorthaí oideachais do leanaí ná cáilíocht ár múinteoirí. Ba mhaith liom a chinntiú ní hamháin go bhfuil na múinteoirí a theastaíonn uainn againn ach go dtacaítear leo ina ngairmeacha anseo in Éirinn. Céim thábhachtach atá á glacadh agam is ea rochtain níos luaithe ar chonarthaí buana.

"Tá an-áthas orm go bhfuil seirbhísí óige faoi shainchúram mo Roinne. Cuireann sé seo fíordheiseanna ar fáil lena chinntiú go n-oibríonn earnálacha an oideachais fhoirmiúil agus na hearnálacha neamhfhoirmiúla le chéile chun na torthaí is fearr is féidir a chinntiú dár ndaoine óga. Táim ag tnúth le bheith ag obair le heagraíochtaí agus le baill foirne atá ag obair leis an óige agus ag soláthar seirbhísí óige, chomh maith le daoine óga, chun é sin a chinntiú."

Lean an tAire Stáit Moynihan ar aghaidh agus dúirt sé:

“Má thugtar tacaíocht dóibh siúd a bhfuil riachtanais bhreise acu, cinnteoimid go dtabharfar cothromas deiseanna do na leanaí agus na daoine óga sin agus go mbraitheann siad go bhfuil meas orthu laistigh den chóras oideachais.

“Chomh maith le bheith ag obair chun feabhas a chur ar na hamlínte soláthair maidir le socrúcháin ranga speisialta agus scoile speisialta cuí a chur ar fáil, tá an-fhonn orm forbairt na Seirbhíse Teiripe Oideachais a chur chun cinn, ag tosú ar dtús i scoileanna speisialta sula leathnófar an tseirbhís chuig ranganna speisialta i scoileanna príomhshrutha. Beidh sé seo bunathraitheach ní hamháin do leanaí atá ag fáil teiripí ar scoil, ach don chaoi a dtacóidh sé leis an bpobal scoile i gcoitinne freisin. I ndeireadh na dála, creidim go laghdóidh sé sin an brú agus an strus a bhíonn ar thuismitheoirí agus iad ag iarraidh teacht ar thacaíocht teiripe.

"Mar a dúirt mé cheana, is cuid lárnach dár bpobail scoile iad na Cúntóirí Riachtanas Speisialta (CRSanna), agus iad ag soláthar eispéireas scoile atá fiúntach agus dearfach do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Tá an obair ar siúl chun an plean forbartha d’fhórsa saothair CRS a thabhairt chun críche agus réiteoidh sé sin an bealach don chaoi is fearr chun tacú le CRSanna amach anseo, agus ag an am céanna a chinntiú go bhfuil tacaíochtaí cuí i bhfeidhm chun tinreamh agus rannpháirtíocht gach linbh ar scoil a éascú."

Leagtar amach i bPlean Oideachais 2025 na bearta a chuirfidh an Roinn i bhfeidhm gach ráithe. Foilseofar tuairiscí ar dhul chun cinn gach sé mhí. Foilseofar Plean Oideachais nua gach bliain.

I measc na mbeart eile i bPlean Oideachais 2025 tá:

  • Infheistíocht in oideachas speisialta: 400 rang speisialta nua a oscailt; a chinntiú go ndéanann gach comhlacht pátrúnachta athbhreithniú ar a mbeartais iontrála do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu; na hamlínte go léir do scoilbhliain 2026/2027 a thabhairt chun cinn; an t-athbhreithniú ar Acht EPSEN a fhoilsiú; socrúchán éigeantach a thabhairt isteach do mhúinteoirí faoi oiliúint i scoil speisialta nó i rang speisialta agus deiseanna foghlama gairmiúla ar ardchaighdeán a chur ar fáil do mhúinteoirí atá ann cheana féin; plean forbartha d’fhórsa saothair CRS a thabhairt chun críche

  • Costais a laghdú: Ciorclán nua a fhorbairt do scoileanna agus béim á leagan ar chostais do thuismitheoirí a laghdú (e.g. éide scoile); leabhair scoile saor in aisce a sholáthar ar bhonn céimnithe do gach bunscoil, scoil speisialta agus iar-bhunscoil aitheanta sa Scéim Saoroideachais; tacú le béilí scoile saor in aisce a thabhairt isteach ar bhonn céimnithe agus tionscadal nua 'Ocras Saoire' a reáchtáil ar bhonn píolótach

  • Feabhas a chur ar fholláine i scoileanna: Céimeanna a ghlacadh chun dul i ngleic le húsáid fón cliste i scoileanna; maoiniú €9m a chur ar fáil do scoileanna chun tacú le bearta nua chun dul i ngleic le húsáid fón póca; clár iar-bhunscoile nua Neart a chur i bhfeidhm ar bhonn céimnithe, lena n-áirítear comhpháirtíocht idir CNOS agus Jigsaw, a sholáthróidh sraith chuimsitheach d'acmhainní, oiliúint agus cláir mheabhairshláinte agus folláine d'iar-bhunscoileanna thar an dá bhliain amach romhainn; leanúint ar aghaidh le cur i bhfeidhm ar bhonn céimnithe agus le meastóireacht na Comhairleoireachta agus na Meabhairshláinte i gClár Píolótach na Folláine i mbunscoileanna

  • Tacú le scoileanna: Tabhairt faoi athbhreithniú tosaigh ar chostais árachais i scoileanna agus ar chúinsí a bhaineann leo; dul chun cinn a dhéanamh ar an ngealltanas i gClár an Rialtais maidir le caipitíocht; an deontas mionoibreacha agus an deontas TFC a chur i bhfeidhm ar bhonn céimnithe; an Clár Oibreacha Samhraidh nua um Ghníomhú ar son na hAeráide a sheoladh; an beart i gClár an Rialtais maidir le maoiniú caipitíochta a mhéadú do scoileanna de gach cineál lena chinntiú gur féidir le scoileanna na costais reatha arda a sheasamh agus an t-ualach airgeadais ar theaghlaigh a laghdú, a chur chun cinn mar chuid de phróiseas na meastachán

  • Pleanáil d'fhórsa saothair múinteoirí: Bearta breise a dhéanamh chun soláthar múinteoirí a fheabhsú, lena n-áirítear plean fórsa saothair a fhorbairt; a chinntiú go mbeidh rochtain níos luaithe ag múinteoirí ar chonarthaí buana; an deontas sparánachta ETIM agus an scéim aisíocaíochta MGO a chur i bhfeidhm; éagsúlacht a mhéadú i ngairm na múinteoireachta; cead a thabhairt do mhúinteoirí nuacháilithe a oileadh lasmuigh d'Éirinn iarratas a dhéanamh ar chlárú agus a n-ionduchtú a chríochnú in Éirinn

  • Athchóiriú curaclaim: Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí a chur chun cinn tuilleadh; sonraíochtaí nua curaclaim bunscoile a fhoilsiú agus a sheoladh

  • Córas Iarratais Comhchoiteann nua: Mar chéad chéim i dtreo córas iarratais comhchoiteann ar fud na tíre, córas iarratais aonair a thabhairt isteach d'iontrálacha scoile a bheidh i bhfeidhm i roinnt scoileanna píolótacha in 2026, rud a chuirfidh deireadh leis an ngá atá do thuismitheoirí iarratais iomadúla a dhéanamh chuig scoileanna

  • Dul i ngleic le míbhuntáiste oideachais: Plean nua DEIS a fhoilsiú in 2025; Clár nua DEIS+ a fhorbairt chun díriú ar na leibhéil is airde de mhíbhuntáiste oideachais; tionscnaimh a fhorbairt chun dul i ngleic le míbhuntáiste i scoileanna nach scoileanna DEIS iad

  • Neamhláithreacht a laghdú: Bearta a thabhairt isteach chun neamhláithreacht scoile a laghdú, lena n-áirítear reachtaíocht a leasú chun leanaí faoi bhun sé bliana d'aois atá ag freastal ar bhunscoil a thabhairt laistigh dá raon feidhme chun idirghabháil níos luaithe a chinntiú

  • Tacú le tuismitheoirí agus le scoláirí: Reachtaíocht a chur chun cinn chun foráil a dhéanamh do nós imeachta nua um ghearáin do thuismitheoirí agus do scoláirí; dul i gcomhairle le leanaí agus le daoine óga maidir le treoir do scoileanna chun tacú le bunú comhairlí scoláirí in iar-bhunscoileanna agus i mbunscoileanna

  • Suirbhé náisiúnta ar thuismitheoirí: Suirbhé náisiúnta ar gach tuismitheoir bunscoile agus ar thuismitheoirí réamhscoile a sheoladh chun roghanna don chineál scoile a chinneadh, lena n-áirítear ceisteanna maidir le teagasc trí Ghaeilge agus pátrúnacht ilchreidmheach, chun bonn eolais a chur faoi phleanáil scoile sna blianta amach romhainn

  • Comhordú seirbhísí óige: Grúpa ionadaíoch de ranna agus gníomhaireachtaí stáit ábhartha a bhunú a sholáthraíonn tacaíocht nó maoiniú do sheirbhísí óige, chun comhoibriú, comhtháthú agus, nuair is cuí, comhtháthú seirbhísí níos fearr a bhaint amach

  • Tacú le ceannairí scoile agus le múinteoirí: Bearta a dhéanamh chun feabhas a chur ar cháilíocht na foghlama gairmiúla múinteoirí agus tacaíochtaí ceannaireachta scoile do mhúinteoirí agus do scoileanna, lena n-áirítear aiseolas comhtháite ó mhúinteoirí; bearta breise a aithint chun ceannaireacht scoile a chumasú le hoiliúint, meantóireacht agus acmhainní

  • Coinbhinsiún ar an Oideachas a óstáil: Na páirtithe leasmhara go léir san oideachas a thabhairt le chéile do Choinbhinsiún

  • Ag díriú ar an nGaeilge Polasaí nua don Ghaelscolaíocht lasmuigh den Ghaeltacht agus plean gníomhaíochta don Ghaeilge i scoileanna meán-Bhéarla a fhoilsiú

  • Feabhas a chur ar iompar scoile: Meastóireacht a dhéanamh ar thionscadail phíolótacha i scoilbhliain 2024/25 chun bonn eolais a chur faoi scéim leasaithe a fheidhmiú ar bhonn céimnithe; tús a chur le ríomhThicéadú a tabhairt isteach, chun feabhas a chur ar shonraí seirbhíse do chustaiméirí maidir le húsáid na scéime agus chun cabhrú le pleanáil do scéim leathnaithe

  • Foirgnimh Scoile Na gealltanais sa Phlean Forbartha Náisiúnta a chomhlíonadh chun áiteanna scoile a sholáthar agus bonneagar atá ann cheana féin a uasghrádú, ag díriú go sonrach ar sholáthar a chinntiú do scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus acmhainn áiteanna scoile a mhéadú; bearta breise a fhorbairt ar féidir iad a dhéanamh chun go spreagfar úsáid mhéadaithe áiseanna scoile ag pobail lasmuigh d'uaireanta scoile.
Plean Oideachais 2025
Amharc amharc