Fógraíonn an tAire McEntee athruithe ar bhandaí grád na Sraithe Sóisearaí
- Foilsithe: 22 Aibreán 2025
- An t-eolas is déanaí: 22 Aibreán 2025
Inniu, d'fhógair an tAire Oideachais, Helen McEntee, athruithe ar bhandaí grád na Sraithe Sóisearaí.
Beidh an líon céanna bandaí grád ann agus a bhí roimhe seo agus na ceithre thuairisceoir grád is fearr (Gradam, Ardtuillteanas, Tuillteanas, agus Gnóthaithe) á ndáileadh go cothrom i mbandaí de chúig phointe dhéag céatadáin.
Dúirt an tAire McEntee:
"Tá an-áthas orm a dheimhniú go ndéanfar na bandaí grád sa tSraith Shóisearach a leasú, agus go mbeidh feidhm ag na hathruithe sin maidir leis an mbreis is 73,000 scoláire a bheidh ag tabhairt faoina gcuid scrúduithe sna seachtainí seo amach romhainn.
"De bhrí go mbeidh na ceithre ghrád uachtair á ndáileadh go cothrom anois, beidh tionchar dearfach aige sin ar scoláirí agus cinnteoidh sé go dtabharfaidh a gcuid grád léiriú níos fearr ar a gcuid oibre agus ar a gcuid dúthrachta, agus ar obair ár gcuid múinteoirí.
"Is féidir a bheith ag súil go mbainfidh líon níos airde scoláirí na Gráid Gradam agus Ardtuillteanas amach mar thoradh ar an athrú seo.
"Cé go bhfuilim ag fógairt athruithe ar na bandaí grád do scoláirí in 2025 agus sna blianta amach romhainn inniu, tá siad fós leathan go leor lena chinntiú gur féidir le scoláirí díriú ar fhoghlaim agus ar rannpháirtíocht sa scoil, agus ar a bheith ina bhfoghlaimeoirí neamhspleácha, seiftiúla agus muiníneacha, seachas díriú ar scrúduithe amháin. Tá sé ríthábhachtach go bhfanfadh na scoláirí, a bhfoghlaim agus a rannpháirtíocht ag croílár na Sraithe Sóisearaí."
Luaigh an tAire McEntee freisin go bhfuil tuarascáil deiridh an Staidéir Fadaimseartha ar fheidhmiú Chreat na Sraithe Sóisearaí, arna choimisiúnú ag CNCM ó Ollscoil Luimnigh, á breithniú faoi láthair ag Comhairle CNCM.
Agus í ag tabhairt suntais do na téamaí dearfacha atá tagtha chun cinn ó na tuarascálacha eatramhacha a foilsíodh go dtí seo, chomh maith leis na dúshláin, dúirt an tAire McEntee:
"Táim ag tnúth le tuarascáil deiridh an Staidéir Fadaimseartha ar an tSraith Shóisearach a fháil go luath. Scríobh mé chuig CNCM agus chuir mé in iúl go láidir, aon áit a bhfuil gníomh de dhíth, go bhfuil sé i gceist agam gluaiseacht go tapa, ar mhaithe le scoláirí agus múinteoirí, lena chinntiú go bhfuil feabhas leanúnach ag teacht ar eispéireas na Sraithe Sóisearaí."
Eolas Breise
Bandaí Grád Reatha agus Nua

Níl sa scrúdú stát-dheimhnithe ach gné amháin de chur chuige níos cothroime, níos leithne i leith an mheasúnaithe sa tSraith Shóisearach. Cuidíonn gach gné den mheasúnú le pictiúr cuimsitheach a sholáthar de ghnóthachtáil an scoláire atá gafa i bPróifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS). Tá na bandaí athbhreithnithe fós leathan go leor chun an brú ar scoláirí gnóthachain imeallacha scrúdaithe a bhaint amach, a sheachaint.
Ba chóir gurb é an toradh a bheadh ar na hathruithe seo ná gur dócha go mbainfidh níos mó scoláirí Gradaim amach, agus de bharr go mbeidh banda an Tuillteanais níos caoile beidh níos mó scoláirí ag dul isteach i mbanda an Ardtuillteanais agus chomh maith leis sin tabharfar léiriú níos fearr do scoláirí, do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí maidir lena leibhéal gnóthachtála.
Dheimhnigh Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) gur féidir na hathruithe sin a dhéanamh do scrúduithe 2025, trí choigeartú teicniúil seachas trí ghnáthphróiseas CSS um shocrú caighdeáin. Déanfar an coigeartú teicniúil seo trí theorainneacha grád nua a chur i bhfeidhm ar na marcanna scrúdaithe tar éis gach próiseas eile scrúdaithe, marcála, agus soláthair torthaí a bheith curtha i gcrích.
Sna blianta amach romhainn, tá sé curtha in iúl ag CSS go bhfuil sé ar intinn acu an t-athrú sin a bhaint amach trína ngnáthphróiseas um shocrú caighdeáin. Is éard atá i gceist leis an bpróiseas sin ná anailís mhionsonraithe ar shonraí de réir ábhair agus comhpháirte; athruithe ar na scéimeanna marcála chun na teorainneacha grád leasaithe a léiriú; agus iad sin á bhfeidhmiú ag na foirne scrúdaithe trí na scéimeanna marcála athbhreithnithe a chur i bhfeidhm ar an obair a chuirtear i láthair sna scrúduithe. Toisc go mbeidh modheolaíocht 2025 difriúil leis na blianta amach anseo, ba cheart a thabhairt faoi deara go measfar gur sraith neamhspleách torthaí iad na torthaí do 2025.