Fógraíonn an tAire McEntee bearta polasaí nua chun cur le soláthar múinteoirí, lena n-áirítear conarthaí buana tar éis bliana
- Foilsithe: 21 Aibreán 2025
- An t-eolas is déanaí: 21 Aibreán 2025
D'fhógair an tAire Oideachais, Helen McEntee TD, dhá bheart nua inniu chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin leanúnacha agus cur le soláthar múinteoirí.
Tá an tAire McEntee ag glacadh céimeanna lena chinntiú gur féidir le múinteoirí nuacháilithe conarthaí buana a fháil níos luaithe, agus chun cabhrú le múinteoirí incháilithe a oileadh lasmuigh d'Éirinn oibriú anseo.
Beidh múinteoirí a ghlacann lena gcéad chonradh i bpost múinteoireachta inmharthana i mí Mheán Fómhair 2025 i dteideal conradh buan a fháil i mí Mheán Fómhair 2026. Tá an incháilitheacht seo ag brath ar athcheapadh rathúil tar éis próiseas earcaíochta iomaíoch. Oibreoidh an tAire McEntee leis an gComhairle Mhúinteoireachta freisin chun an próiseas clárúcháin do mhúinteoirí incháilithe a cháiligh lasmuigh d'Éirinn a chuíchóiriú, rud a chuirfidh ar a gcumas iarratas a dhéanamh ar chlárúchán agus a riachtanais ionduchtúcháin a chur i gcrích laistigh den tír.
Dúirt an tAire Oideachais, Helen McEntee TD:
"Tá os cionn 78,000 múinteoir cáilithe fostaithe in Éirinn faoi láthair, níos mó ná riamh roimhe seo. Ar mhaithe leo sin, táim meáite ar aghaidh a thabhairt ar chinnteacht phoist agus gairm níos tarraingtí agus níos inbhuanaithe a dhéanamh den mhúinteoireacht.
"Má ligtear do mhúinteoirí nuacháilithe atá ag tosú i mí Mheán Fómhair conradh buan a fháil bliain níos luaithe, cabhróidh sé le múinteoirí a ngairmeacha a chur ar bhonn níos seasmhaí i bhfad níos luaithe ná mar a d’fhéadfaidís a dhéanamh roimhe seo. Soláthróidh sé sin an chinnteacht a theastaíonn ó mhúinteoirí, go háirithe nuair a bhíonn siad ag cur isteach ar mhorgáistí.
"Is beart praiticiúil, ciallmhar eile é cur ar chumas múinteoirí incháilithe a cháiligh lasmuigh d'Éirinn iarratas a dhéanamh ar chlárúchán agus a n-ionduchtúchán a chríochnú anseo in Éirinn, rud a spreagfaidh níos mó múinteoirí chun dul i mbun oibre agus tús a chur lena ngairmeacha anseo in Éirinn.
"Tá rún agam tógáil ar fhógraí an lae inniu agus bearta breise a thabhairt isteach sna míonna seo amach romhainn agus mé ag leanúint de bheith ag tabhairt aghaidh ar sholáthar múinteoirí. Táim tiomanta go hiomlán do chóras oideachais atá ar ardchaighdeán agus a bhfuil dóthain soláthair foirne ann a chinntiú do gach scoláire in Éirinn."
Forbrófar treoirlínte mionsonraithe agus nósanna imeachta maidir le feidhmiú an pholasaí nua le tacaíocht ó pháirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear ceardchumainn múinteoirí agus ionadaithe comhlachtaí bainistíochta.
CRÍOCH
Nótaí d'Eagarthóirí
Próiseas clárúcháin na Comhairle Múinteoireachta
Is beart praiticiúil é an tionscnamh seo a bhfuil sé mar aidhm aige níos mó oideoirí cáilithe a mhealladh go hÉirinn, tacú le forbairt a ngairmeacha beatha agus an fórsa saothair náisiúnta teagaisc a threisiú sna míonna seo amach romhainn.
Tionscnamh um chonarthaí buana
Is feabhas suntasach é seo ar an staid reatha, inar éilíodh ar mhúinteoirí dhá chonradh as a chéile a chríochnú sula gcáileoidís do phost buan. Tugann an tionscnamh nua aghaidh go díreach ar ábhair imní a d'ardaigh ceardchumainn múinteoirí agus tá sé ag teacht le moltaí ó phríomhthuarascálacha, lena n-áirítear Tuarascáil Ward, inar leagadh béim ar an ngá atá le dul i ngleic le fostaíocht neamhchinnte in earnáil an oideachais.
Faoi na rialacháin nua, bronnfar conradh buan ar mhúinteoirí a athcheaptar sa phost céanna tar éis bliana, ar choinníoll go bhfanann an post inmharthana.
Beidh an dara próiseas iomaíoch i gceist leis an bpróiseas seo chun oiriúnacht leanúnach don ról a chinntiú. Beidh feidhm ag an mbealach giorraithe seo chun post buan a bhaint amach i gcás múinteoirí i róil ar conradh (neamhionaid) ina bhfuil riachtanas foirne inbhuanaithe ag an scoil.
Aghaidh tugtha ar thionchar Thuarascáil Ward:
Tugann an polasaí nua seo aghaidh go díreach ar phríomh-shaincheisteanna a ardaíodh i dTuarascáil Ward, go háirithe maidir le cinnteacht phoist agus forleithne na fostaíochta neamhchinnte do mhúinteoirí nuacháilithe (MNCanna). Táthar ag súil go mbeidh tionchar dearfach suntasach ag an athrú mar go laghdóidh sé éiginnteacht fostaíochta do MNCanna. Cuirfear bealach níos soiléire agus níos tapúla ar fáil do MNCanna chun fostaíocht bhuan a bhaint amach. Cuideoidh an beart seo le coinneáil múinteoirí mar go soláthraíonn sé cinnteacht phoist níos luaithe, rud a fhágann gur rogha ghairme fhadtéarmach níos tarraingtí a bheidh i ngairm na múinteoireachta. Is freagra é an beart seo ar ábhair imní cheardchumainn na múinteoirí agus tugann sé aghaidh ar fhadhb sheanbhunaithe a bhain le neamhbhuaine ar feadh tamall fada in earnáil na múinteoireachta.
Beidh an bealach reatha chun post buan a bhaint amach i bhfeidhm fós i roinnt cásanna:
Leanfaidh múinteoirí nach bhfuil clúdaithe ag an bpolasaí nua seo, mar shampla iad siúd i róil ionadaíochta nó iad siúd nach meastar go bhfuil a bpoist inmharthana tar éis bliana, an bealach reatha chun post buan a bhaint amach, a chiallaíonn de ghnáth Conradh Tréimhse Éiginnte (CID) a bhaint amach tar éis an tríú conradh.