Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire McEntee foilsiú Thuarascáil Forfheidhmithe Cineáltas 2023

Inniu (2 Iúil), d’fhógair an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee TD, foilsiú na Chéad Tuarascála Bliantúla ar Fhorfheidhmiú Cineáltas.

Tugtar an t-eolas is déanaí sa tuarascáil ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur i bhfeidhm na mbeart atá in Cineáltas, plean gníomhaíochta náisiúnta na hÉireann chun iompraíocht bhulaíochta a chosc agus dul i ngleic léi i scoileanna, le linn na chéad bhliana den fhorfheidhmiú, 2023.

Foilsíodh Cineáltas: Plean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht i mí na Nollag 2022 agus tá sé dírithe ar iompraíocht bhulaíochta, lena n-áirítear cibearbhulaíocht, bulaíocht chiníoch, bulaíocht maidir le féiniúlacht inscne agus ciapadh gnéasach, i measc réimsí eile, a chosc agus dul i ngleic leo i scoileanna. Cuimsíonn an plean gníomhaíochta gach ceann de na naoi ngné a bhaineann le Cur Chuige Oideachais Uile EOECNA chun iompraíocht bhulaíochta a chosc agus dul i ngleic léi.

Sa phlean forfheidhmithe do Cineáltas, a foilsíodh i mí Aibreáin 2023, tugtar gealltanas na bearta atá in Cineáltas a chur i bhfeidhm thar thréimhse cúig bliana ó 2023-2027.

Dúirt an tAire McEntee:

"Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le Grúpa Forfheidhmithe Cineáltas, faoi chathaoirleacht Ard-Rúnaí mo Roinne, as a gcuid oibre chun na bearta atá in Cineáltas a chur chun cinn. Tá 61 beart sa phlean forfheidhmithe do Cineáltas. Sa chéad bhliain de Cineáltas, cuireadh tús le 56 den 61 beart agus cuireadh cúig cinn díobh sin i bhfeidhm go hiomlán.

"Is cúis dóchais dom an dul chun cinn atá déanta ag an gcéim luath seo den fhorfheidhmiú. Léiríonn an tuarascáil 2023 seo céimeanna inbhraite a glacadh chun cabhrú lena chinntiú go mbraitheann ár leanaí agus ár ndaoine óga go léir sábháilte agus sona inár scoileanna. I measc na gcéimeanna sin tá comhairleoireacht duine le duine ar bhonn píolótach i mbunscoileanna ar fud roinnt contaetha, bratach Cineáltas á heisiúint do gach bunscoil agus iar-bhunscoil agus bunú an aonaid rannpháirtíochta scoláirí i mo roinn.

"Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh lenár gceannairí scoile, lenár mBoird Bhainistíochta, lenár bhfoireann teagaisc agus neamhtheagaisc, le tuismitheoirí agus le scoláirí as an obair a dhéanann siad gach lá chun iompraíocht bhulaíochta a chosc agus dul i ngleic léi.

"Ní féidir áibhéil a dhéanamh faoi thábhacht na hoibre sin. Ní hamháin gur áiteanna foghlama iad scoileanna; is pobail iad ina bhforbraíonn leanaí agus daoine óga a mothú féiniúlachta, muintearais agus féinmhuiníne. Is gné bhunúsach dár misean a chinntiú go bhfuil na pobail sin sábháilte, cuimsitheach agus cothaitheach. Tá sé de dhualgas orainn timpeallacht a chruthú ina mbraitheann na scoláirí go léir go bhfuil meas orthu agus go ndéantar iad a chumasú chun barr a gcumais a bhaint amach.

"Táim ag tnúth leis an dea-obair a fheiceáil ag leanúint ar aghaidh agus na bearta go léir atá in Cineáltas á gcur i gcrích."


Eolas d’Eagarthóirí

Foilsíodh Cineáltas: Plean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht ar an 1 Nollaig 2022. Is é Cineáltas cur chuige oideachais uile na Roinne Oideachais chun iompraíocht bhulaíochta a chosc agus dul i ngleic léi i scoileanna.

Tá Cineáltas dírithe ar chur chuige atá bunaithe ar chearta an linbh agus soláthraíonn sé fís chomhchoiteann agus treochlár soiléir maidir leis an mbealach ar féidir le pobal uile an oideachais agus leis an tsochaí oibriú i gcomhar chun iompraíocht bhulaíochta a chosc agus dul i ngleic léi inár scoileanna.

Foilsíodh Plean Forfheidhmithe do Cineáltas ar an 10 Aibreán 2023 agus tá tiomantas ann gach ceann den 61 beart atá in Cineáltas a fhorfheidhmiú laistigh de thréimhse cúig bliana.

Tá Grúpa Forfheidhmithe bunaithe chun maoirseacht a dhéanamh ar fhorfheidhmiú na mbeart agus tuarascálacha bliantúla ar fhorfheidhmiú a fhoilsiú, a gcuirfidh aiseolas ó leanaí agus ó dhaoine óga, tuismitheoirí, foirne scoile, comhpháirtithe oideachais, príomhpháirtithe leasmhara agus gníomhaireachtaí ábhartha bonn eolais fúthu.

Clúdaíonn an tuarascáil a foilsíodh inniu an dul chun cinn a rinneadh le linn 2023.

Chun tuilleadh eolais a fháil féach Cineáltas: Plean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht’ anseo ar gov - Cineáltas:Plean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht (www.gov.ie)