Treoir Nua Eisithe ag an Aire McEntee maidir le hÚsáid Fón Póca i Scoileanna, le tacaíocht Mhaoinithe de €9m
- Foilsithe: 13 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 13 Meitheamh 2025
D’fhógair an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee TD, treoir chuimsitheach náisiúnta inniu (13 Meitheamh) maidir le húsáid fón póca pearsanta agus fáil a bheith ag daltaí orthu le linn an lae scoile.
Faoin treoir nua:
- tá sé de dhualgas ar bhunscoileanna aitheanta polasaí a chur i bhfeidhm chun cosc a chur ar úsáid fón póca agus ar rochtain orthu le linn an lae scoile.
- Ní mór d’iar-bhunscoileanna aitheanta polasaí a chur i bhfeidhm chun úsáid fón póca a shrianadh le linn an lae scoile, agus maoiniú praiticiúil ag tacú leis an gcur i bhfeidhm.
Ceapadh an treoir chun folláine scoláirí a fheabhsú, rioscaí amhail cibearbhulaíocht agus nochtadh d’ábhar míchuí a laghdú, timpeallachtaí scoile níos spriocdhírithe a chur chun cinn, chomh maith le idirghníomhaíocht agus sóisialú níos mó le piaraí.
Dúirt an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee:
“Ar an gcéad dul síos, baineann an polasaí seo lena chinntiú go bhfuil ár scoileanna ina dtimpeallachtaí foghlama saor ó fhóin. Níor cheart do scoláirí a bheith ar a bhfóin le linn an lae scoile; cinnteoidh an treoir agus an tacaíocht seo go mbeidh na tacaíochtaí atá de dhíth orthu ag gach scoil chun é seo a bhaint amach, agus aird á tabhairt ar a riachtanais féin.
“Tar éis dom dul i mbun plé le mórán de na pobail scoile éagsúla ar fud na tíre, táim muiníneach go dtacóidh an polasaí seo le folláine scoláirí, lena rannpháirtíocht agus lena n-idirghníomhú lena bpiaraí, agus ag an am céanna go dtabharfaidh sé aitheantas do thaithí agus do shaineolas phobail na scoileanna agus an gá atá le comhairliúchán.
“Déanann an tionscnamh seo pobail scoile a chumasú chun ceannaireacht a ghlacadh ar an gceist, agus tá maoiniú de €9 milliún mar thacaíocht aige chun ligean d’iar-bhunscoileanna an réiteach stórála fón is fearr a oibríonn dá bpobal scoile agus dá scoláirí féin a úsáid.
“Cé nár cheart fóin a úsáid inár scoileanna, ní mór dúinn a aithint freisin gur cuid de shaol ár leanaí í an teicneolaíocht, mar sin tá sé ríthábhachtach go mbeadh teacht ag scoláirí ar fhaisnéis agus ar acmhainní sábháilteachta cuí ar líne. Tá mo roinn ag leanúint ar aghaidh ag infheistiú chun litearthacht dhigiteach ár leanaí agus ár ndaoine óga a fhorbairt, agus ag an am céanna ag tacú le scoileanna chun na hiarmhairtí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag an domhan ar líne dóibh a laghdú.”
Gné lárnach den treoir is ea an ceanglas atá ar gach scoil a polasaí a fhorbairt i gcomhairle le pobal na scoile — lena n-áirítear tuismitheoirí, scoláirí, foireann teagaisc agus neamhtheagaisc. Tá taithí ag scoileanna a bheith ag plé lena bpobail agus moltar dóibh cur le struchtúir atá ann cheana féin amhail:
- seisiúin eolais do thuismitheoirí
- plé le comhairle na scoláirí
- plé le cumainn tuismitheoirí
- cruinnithe foirne agus grúpaí fócais
- úsáid coistí scoile amhail comhairlí scoláirí
- suirbhéanna agus ceistneoirí
Cinntíonn an cur chuige comhoibríoch seo go léiríonn polasaí gach scoile riachtanais áitiúla agus go dtacaíonn sé le sprioc náisiúnta ag an am céanna: nochtadh scoláirí d’ábhar díobhálach ar líne a laghdú agus iad a chumasú chun tarraingt siar óna bhfóin le linn uaireanta scoile.
Cinnfidh gach scoil na córais um chur chun feidhme, agus beidh solúbthacht ann chun a roghnú cad is fearr a oibríonn, agus maoiniú ar fáil don rogha is fearr leis na scoileanna. I measc na samplaí atá in úsáid cheana féin tá:
- púitsí stórála fón póca iniompartha slána nó boscaí glais ar thaisceadáin
- fóin á gcoimeád i dtaisceadáin
- boscaí nó cúngaigh inghlasáilte sa seomra ranga
- fágáil agus bailiú ag oifig na scoile
Glacfaidh scoileanna cur chuige comhsheasmhach don lá scoile iomlán, agus ceadófar díolúintí teoranta ar chúiseanna leighis nó comhbhácha, mar atá leagtha amach san fhaisnéis treorach.
Scéim Maoinithe €9m d’Iar-bhunscoileanna
Maidir leis na hiar-bhunscoileanna sin a chuireann réiteach stórála slán i bhfeidhm d’fhóin phóca le linn an lae scoile, amhail púitsí nó boscaí glais, is féidir le scoileanna iarratas a dhéanamh anois ar shruth maoinithe €9 milliún ag an bhfoirm seo, do gach scoil sa Scéim Saoroideachais. Tá tuilleadh eolais faoin scéim maoinithe, an ráta, na téarmaí agus na critéir ar fáil ag ciorcláin 0044/2025, 0045/2025 and 0046/2025 anseo.
Tacaíocht agus Acmhainní do Scoileanna
Chun cabhrú le scoileanna agus teaghlaigh, tá an roinn ag soláthar:
- polasaithe samplacha agus treoir um chur chun feidhme
- ábhair chumarsáide do thuismitheoirí agus d’fhoireann scoile
- comhairle soláthair le haghaidh réitigh stórála slána
- tacaíocht trí chláir atá ann cheana féin ar nós Webwise, Oide, agus CNOS
- ailíniú le straitéisí náisiúnta digiteacha agus folláine
Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.gov.ie/education