Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Meastóireacht ar Thionscadal Scoileanna Beaga foilsithe ag an Aire McEntee

D'fhoilsigh an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee TD, tuarascáil meastóireachta eatramhaí neamhspleách inniu (16 Bealtaine) ar chéim a haon den tionscadal taighde gníomhaíochta do scoileanna beaga atá dírithe ar thacú le scoileanna beaga tuaithe. Spreagann an tionscadal, a bunaíodh in 2021, scoileanna beaga chun teacht le chéile i ngrúpaí áitiúla, rud a chuireann ar a gcumas comhoibriú agus dúshláin chomónta a aithint agus réitigh nuálacha a thástáil.

San áireamh sa taighde a rinneadh chun bonn eolais a chur faoin athbhreithniú ar chéim a haon bhí cruinnithe le hoifigigh na roinne, an grúpa stiúrtha, an comhordaitheoir náisiúnta, comhordaitheoirí cnuasaigh, príomhoidí, príomhoidí tánaisteacha, foireann eile na scoile, daltaí agus tuismitheoirí. Tugtar breac-chuntas sa tuarascáil ar thionchar dearfach an tionscadail ar na scoileanna atá i gceist agus cuirtear roinnt príomhthorthaí agus moltaí i láthair.

Dúirt an tAire McEntee:

"Tá scoileanna i gcroílár na bpobal ar fud na tíre agus beag beann ar a méid, tá ról ríthábhachtach acu i saol an phobail. Leanann tionscadal na scoileanna beaga ar aghaidh ag triail tionscnaimh nua a rachaidh chun tairbhe do scoileanna beaga chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá rompu sa todhchaí.

"I gClár an Rialtais, déantar foráil do roinnt beart chun tacú le scoileanna beaga, lena n-áirítear tionscadal náisiúnta nua do scoileanna beaga a thabhairt isteach agus tacaíochtaí riaracháin nua a thástáil. Beidh an fhoghlaim ó mheastóireacht an tionscadail reatha luachmhar agus beidh sé ina bhonn láidir chun bonn eolais a chur faoi threo beartais na todhchaí i ndáil le gach scoil bheag."

Bhí céim 2021-2024 an tionscadail dírithe go príomha ar chúnamh a thabhairt do scoileanna agus do cheannairí scoile chun tacú lena chéile i ndúshláin laethúla riaracháin agus eagraíochtúla. Tá tionscnaimh éagsúla curtha i gcrích ag scoileanna i gcodanna éagsúla den churaclam, lena n-áirítear:

  • Is féidir le scoileanna a laethanta scaoilte príomhoide a chumasc le huaireanta TOS (Teagasc Oideachais Speisialta) leo féin nó mar chuid de chnuasach chun post lánaimseartha a chruthú. Tá an tionscnamh seo, a ndearnadh tástáil air i dTionscadal na Scoileanna Beaga agus ar éirigh go maith leis, curtha i bhfeidhm anois go náisiúnta.
  • Cóitseáil do phríomhoidí, rúnaithe scoile, príomhoidí tánaisteacha agus foireann teagaisc i ngach cnuasach.
  • Tá pacáistí bogearraí riaracháin, le tacaíocht ón tionscadal, tar éis am riaracháin suntasach a shábháil agus cumarsáid idir an baile agus an scoil a fheabhsú.

Thug an mheastóireacht eatramhach deis d'ionchur neamhspleách i réimsí féideartha le haghaidh forbairt inbhuanaithe agus anailís a dhéanamh ar inscálaitheacht na ngníomhartha a rinneadh go dtí seo. De réir mar a théann an tionscadal ar aghaidh, déanfar meastóireacht deiridh bhreise.


Nóta d'eagarthóirí:

Sainmhínítear scoileanna beaga chun críocha staitistiúla mar scoileanna ina bhfuil ceathrar múinteoirí príomhshrutha nó níos lú. Is ionann scoileanna a chomhlíonann an sainmhíniú seo agus 39 faoin gcéad de na bunscoileanna go léir – thart ar 1,262 scoil aonair (figiúirí 2024/2025) agus is ionann a bhfigiúirí rollaithe agus 12.6 faoin gcéad de rolluithe iomlána na mbunscoileanna go léir.

Tá an tionscadal á mhaoirsiú ag grúpa stiúrtha agus ag fáil tacaíochtaí uaidh agus san áireamh sa ghrúpa sin tá ionadaithe ó Chumann Múinteoirí Éireann (INTO), Líonra Príomhoidí Bunscoile na hÉireann (IPPN), Bord Oideachais Ard-Sionad Eaglais na hÉireann (COI), Cumann Bainistíochta na mBunscoileanna Caitliceacha (CPSMA), Gaeloideachas agus an Roinn.