Tugann an tAire McEntee cuairt ar Thionscadal Óige Bhaile Átha Luain de chuid Obair d’Ógra Éireann, an Lár Tíre, mar chuid den Treoirchlár Béilí Saoire Samhraidh na bliana 2025
- Foilsithe: 21 Lúnasa 2025
- An t-eolas is déanaí: 21 Lúnasa 2025
Thug Helen McEntee TD, an tAire Oideachais agus Óige, cuairt ar Thionscadal Óige Bhaile Átha Luain de chuid Obair d’Ógra Éireann, an Lár Tíre, inné (an 20 Lúnasa) chun tionchar Threoirchlár Béilí Saoire Samhraidh na bliana 2025 a fheiceáil lena súile féin, áit a bhfuiltear ag tacú le daoine óga sa phobal áitiúil le linn na laethanta saoire samhraidh scoile.
Tá Tionscadal Óige Bhaile Átha Luain ar cheann amháin de 41 cheann de sheirbhísí óige UBU: D’Áit, Do Spás atá ar siúl ar fud na tíre mar chuid den treoirchlár, ina dtugtar béile te nó tacúil do dhaoine óga le linn mhíonna an tsamhraidh.
Ag labhairt di le linn na cuairte, dúirt an tAire McEntee:
“Tá lúcháir orm a bheith anseo i mBaile Átha Luain inniu chun bualadh leis na daoine óga agus na baill foirne atá páirteach sa tionscnamh tábhachtach seo. Tá sé mar aidhm leis an Treoirchlár Béilí Saoire Samhraidh a chinntiú nach ndéanfaidh aon leanbh ar bith gan béile cothaitheach toisc go bhfuil na scoileanna dúnta.
“Sholáthair Tionscadal Óige Bhaile Átha Luain níos mó ná 300 béile gach seachtain do 155 dhuine óga i mí an Mheithimh agus i mí Iúil cheana féin, agus ba mhaith liom é a mholadh as a dhúthracht agus as an tacaíocht atá á tabhairt aige do roinnt de na daoine óga is soghonta inár bpobal.
“Tá sé mar phríomhthosaíocht ag an Rialtas deireadh a chur le bochtaineacht leanaí, agus léiríonn an chuairt seo an dóigh ar féidir le cláir spriocdhírithe phraiticiúla fíordhifear a dhéanamh. Táim ag tnúth leis an meastóireacht ar an treoirchlár seo, rud a chabhróidh linn a chinneadh conas is fearr is féidir an obair seo a leathnú agus a fhorbairt arís eile sa todhchaí.”
Tá Treoirchlár Béilí Saoire Samhraidh na bliana 2025 á sholáthar ag an Roinn Oideachais agus Óige, i gcomhpháirt leis an Oifig um Bochtaineacht agus Leas Leanaí i Roinn an Taoisigh. Tá buiséad náisiúnta €500,000 aige.
Fuair Tionscadal Óige Bhaile Átha Luain leithdháileadh €22,500 don tionscnamh béilí samhraidh. Oibríonn sé le raon leathan daoine óga.
Tá Tionscadal Óige Bhaile Átha Luain á chistiú trí UBU: D’Áit, Do Spás, a sholáthair €138,351 chun tacú lena chuid seirbhísí sa bhliain 2025.
Agus í faoi threoir ag Boird Oideachais agus Oiliúna na hÉireann, tá meastóireacht neamhspleách ar an treoirchlár ar siúl faoi láthair chun tionchar agus éifeachtacht an chláir a mheas.