English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn na hAirí Helen McEntee agus Michael Moynihan Scéim nua um Ath-imlonnú Cúntóirí Riachtanas Speisialta

Dheimhnigh an tAire Oideachais Helen McEntee TD agus an tAire Stáit atá freagrach as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, Michael Moynihan TD inniu go bhfuil obair ar bun ar scéim ath-imlonnaithe do Chúntóirí Riachtanas Speisialta (CRSanna).

Is í an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) a reáchtálfaidh an scéim um ath-imlonnú CRSanna agus, den chéad uair, féadfar CRSanna, atá i bpoist a bhféadfadh sé nach mbeadh gá leo a thuilleadh ar chúiseanna amhail rolluithe ag titim, riachtanais chúraim laghdaithe nó déimeagrafaic a bheith ag athrú, a ath-imlonnú chuig scoil ina bhfuil folúntas do phost.

Dúirt an tAire McEntee:

"Tá an-áthas orm an scéim um Ath-imlonnú CRSanna a fheiceáil ag teacht ar an bhfód. Tá os cionn 23,000 CRS ag obair i scoileanna ar fud na tíre; tá siad i gcroílár ár scoileanna, idir scoileanna príomhshrutha agus scoileanna oideachais speisialta. Baineann na mílte scoláirí ar fud na tíre leas as a gcuid scileanna, a gcuid eolais agus a dtaithí ar bhonn laethúil.

"Tá sé ríthábhachtach gur féidir CRSanna a bhfuil taithí acu a ath-imlonnú chuig scoil ina dtagann folúntas poist chun cinn, rud a ligfidh dóibh fanacht san earnáil agus a chinntíonn gur féidir leo leanúint ar aghaidh ag roinnt a gcuid scileanna agus a gcuid taithí le leanaí agus le daoine óga a bhfuil riachtanais shuntasacha chúraim acu.

"Méadóidh an Scéim seo cinnteacht phoist do CRSanna, agus spreagfaidh sí CRSanna ionchasacha chun dul isteach san fhórsa saothair. Rud atá an-tábhachtach freisin is ea go rachaidh an Scéim chun tairbhe do leanaí agus do phobail scoile mar go gcinnteoidh sí go bhfuil fórsa saothair na CRSanna sofhreagrúil, agus in ann freagairt do riachtanais atá ag teacht chun cinn.

"Is fianaise í an Scéim seo ar thiomantas daingean an Rialtais do thacaíocht a thabhairt do leanaí agus do dhaoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu trí rochtain chothrom agus thráthúil ar thacaíocht CRSanna."

Táthar ag tabhairt faoin tionscnamh seo i gcomhar leis an obair leanúnach ar an gcéad Phlean Forbartha don Fhórsa Saothair CRSanna atá le foilsiú níos déanaí i mbliana agus tacaíonn sé leis an gcuspóir maidir le seirbhís fheabhsaithe CRSanna a sholáthraíonn an toradh is fearr do leanaí a bhfuil riachtanais shuntasacha chúraim acu inár scoileanna.

Dúirt an tAire Moynihan:

"Tá ról ríthábhachtach ag CRSanna mar chuid de phobal na scoile maidir le heispéireas scoile atá fiúntach agus dearfach a chur ar fáil do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Mar a dúirt mé cheana, tá CRSanna mar chuid lárnach den chaoi a dtacaítear le leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu inár scoileanna.

"Cuirfidh an Scéim um ath-imlonnú CRSanna leis an gcaoi a dtacaímid le leanaí agus le scoileanna mar go gcinnteoidh sí gur féidir le CRSanna fanacht laistigh den fhórsa saothair agus an obair is fearr a bhfuil an taithí acu uirthi a dhéanamh chun tacú le leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu."

"Is tosaíocht domsa agus don Rialtas seo a chinntiú go bhfuil tacaíochtaí cuí i bhfeidhm chun tinreamh agus rannpháirtíocht gach leanbh ar scoil a éascú. Is sócmhainn shuntasach iad na scileanna agus an taithí a fhaigheann CRSanna trína gcuid oibre ag tacú le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu ar an mbealach chun cuimsiú a bhaint amach san earnáil oideachais."

Dúirt John Kearney, POF CNOS:

"Ní hamháin go n-éascóidh an scéim seo um Ath-imlonnú CRSanna leithdháileadh tacaíochta CRSanna san áit is mó a bhfuil gá léi, ach déanfaidh sí acmhainn i bhfórsa saothair CRSanna a fhorbairt freisin. Cinntíonn an scéim nach gcailltear scileanna luachmhara de réir mar a athraíonn leibhéal an riachtanais idir scoileanna."

Is féidir teacht ar bhreis eolais ar Phlean Forbartha Fórsa Saothair le haghaidh CRSanna anseo.

CRÍOCH

  1. Tá méadú as cuimse tagtha ar líon na gcúntóirí riachtanas speisialta (CRSanna) le blianta beaga anuas. Foráiltear i mBuiséad 2025 do 1,600 post breise a fhágfaidh go mbeidh níos mó ná 23,000 i bhfórsa saothair na CRSanna.
  2. Leithdháiltear cúntóirí riachtanas speisialta ar scoileanna mar acmhainn scoilbhunaithe. Baineann príomhoidí agus/nó boird bhainistíochta feidhm as CRSanna laistigh de scoileanna lena chinntiú go bhfaigheann scoláirí a bhfuil an leibhéal riachtanais is mó acu an leibhéal is mó tacaíochtaí.
  3. Sa chás go measann scoil nach bhfuil dóthain tacaíochta CRS aici chun freastal ar riachtanais a cuid scoláirí, is féidir iarratas a chur isteach chuig CNOS ag iarraidh athbhreithniú ar a leithdháileadh. Foilsítear faisnéis mhionsonraithe ar phróiseas athbhreithnithe CNOS i dtaca le CRSanna ag www.ncse.ie
  4. Foilseofar an ciorclán leithdháilte do CRSanna i scoileanna príomhshrutha go luath agus cuirfear a leithdháileadh CRSanna do scoilbhliain 2025/2026 in iúl do gach scoil sa chiorclán sin. Tagróidh sé freisin don scéim ath-imlonnaithe seo.
  5. Bunaíodh an tAonad Forbartha Fórsa Saothair le haghaidh Cúntóirí Riachtanas Speisialta in 2022 agus glacann sé cur chuige straitéiseach maidir le forbairt beartais do CRSanna agus é mar chuspóir aige seirbhís fheabhsaithe CRSanna a fhorbairt a sholáthraíonn an toradh is fearr do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu inár scoileanna.
  6. Táthar ag leanúint den obair ar an gcéad Phlean Forbartha Fórsa Saothair le haghaidh Cúntóirí Riachtanas Speisialta, agus táthar ag súil go mbeidh sé á fhoilsiú i mí Mheán Fómhair 2025. Tabharfar isteach forbairtí beartais leis an bPlean faoi na cúig cheannteideal leathana seo a leanas:

– Colún 1 – Athbhreithniú agus forbairt ar ról an CRS

– Colún 2 – Creat Dearbhaithe Cáilíochta a bhunú

– Colún 3 – Clár Foghlama agus Forbartha do CRSanna a bhunú

– Colún 4 – Tacú le hearcú, coinneáil agus éagsúlacht CRSanna

– Colún 5 – Straitéis Chumarsáide a fhorbairt

7. Is i mí Mheán Fómhair 2025 atá sé beartaithe Plean Forbartha an Fhórsa Saothair le haghaidh CRSanna a fhoilsiú