Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire McEntee agus an tAire Moynihan foilsiú na Tuarascála ar an Athbhreithniú ar an Acht um Oideachas do Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu, 2004

D'fhógair an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee TD, agus an tAire Stáit atá freagrach as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, Michael Moynihan TD, inniu (25 Meitheamh) foilsiú na Tuarascála ar an Athbhreithniú ar an Acht um Oideachas do Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu (EPSEN), 2004.

Fógraíodh athbhreithniú ar Acht EPSEN, 2004 i mí na Nollag 2021. Bhí breis agus 28,000 freagra ar shuirbhéanna ar líne san athbhreithniú, lena n-áirítear 900 freagra ó leanaí agus daoine óga ar shuirbhé nuálach a raibh rochtain éasca air, agus rannpháirtíocht i ngrúpaí fócais ag 91 duine fásta agus 94 scoláire agus duine óg ó scoileanna príomhshrutha, scoileanna speisialta agus scoileanna lán-Ghaeilge, chomh maith le daoine fásta a raibh an scoil fágtha acu.

Leis an bpróiseas a bhain le hathbhreithniú a dhéanamh ar Acht EPSEN, tháinig roinnt réimsí chun solais inar mheas na rannpháirtithe go raibh gá le hathruithe nó forbairtí sa reachtaíocht, ar an mbeartas nó ar an gcleachtas a bhí ann cheana. Cuirtear caoga a haon moladh i láthair sa tuarascáil.

I measc na bpríomhmholtaí a dhéantar san Athbhreithniú tá:

  • breithniú a dhéanamh ar gach leanbh in aois scoile a áireamh faoi Acht amháin chun oideachas cuimsitheach dlíthiúil bunaithe ar chearta a chur ar fáil.
  • tuilleadh breithnithe a dhéanamh ar úsáid teanga i réimse na riachtanas breise
  • a chinntiú go bhfuil cearta an linbh, agus guth an linbh, i ndáil lena riachtanais oideachais, mar chuid lárnach d'athruithe oideachais
  • an obair ar an treochlár i dtreo córas oideachais cuimsitheach a chur i gcrích
  • reachtaíocht a rith um pleananna Tacaíochta do Scoláirí
  • oibriú i dtreo reachtaíocht a rith um cheart dlíthiúil rochtana ar réamhscoil
  • tógáil ar na céimeanna atá á nglacadh i dtaca leis an nGaeilge i gcomhthéacs leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu, ionas gur féidir tacaíocht a thabhairt dóibh trí mheán na Gaeilge
  • breithniú a dhéanamh ar athbhreithniú ar an Acht um Míchumas, 2005, le fócas ar leith ar an bpróiseas Measúnaithe ar Riachtanais
  • níos mó fócais ar aistriú idir suíomhanna oideachais

Dúirt an tAire McEntee:

"Tá áthas orm an tAthbhreithniú ar an Acht um Oideachas do Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu (EPSEN), 2004 a fhoilsiú. Is céim shuntasach chun tosaigh é seo maidir le beartas agus dlí oideachais a mhúnlú bunaithe ar eispéiris mhaireachtála leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, ag cabhrú leo torthaí oideachais níos fearr a bhaint amach.

"Ba chóir go mbeadh an t-oideachas cuimsitheach, cothrom, agus freagrúil do riachtanais gach scoláire. Sin é an fáth a ndearnamar an t-athbhreithniú seo - lena chinntiú go bhfanann ár ndlíthe éifeachtach agus ábhartha. Léiríonn torthaí an athbhreithnithe seo an gá atá le scrúdú a dhéanamh ar an gcóras oideachais iomlán, lena n-áirítear an chaoi a rithimid reachtaíocht maidir le tacaíocht do scoláirí agus aistriú idir suíomhanna, lena chinntiú go ndéanann sé freastal ar gach leanbh.

"Agus an t-athbhreithniú seo á dhéanamh, d'éisteamar le scoláirí, tuismitheoirí, oideoirí, grúpaí abhcóideachta, agus saineolaithe san oideachas speisialta. Bhí a n-ionchur ríthábhachtach agus ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le gach duine a ghlac páirt san athbhreithniú seo agus a roinn a dtaithí féin.

“Sainaithnítear sa tuarascáil sé phríomhthéama déag ina bhfuil gá le hathchóiriú beartais agus reachtaíochta. Ina measc sin tá moladh go ndéanfaí machnamh ar gach leanbh in aois scoile a thabhairt faoi phíosa reachtaíochta amháin chun cur chuige dlíthiúil, bunaithe ar chearta maidir le hoideachas cuimsitheach a chinntiú. Réimse tábhachtach eile is ea an treochlár i dtreo córas oideachais cuimsitheach a chur i gcrích, córas atá réamhghníomhach, nach bhfuil frithghníomhach, agus a thacaíonn le haistriú láidir ó na luathbhlianta go dtí an iar-bhunscoil agus ina dhiaidh sin.

"Baineann torthaí eile le Pleananna Tacaíochta do Scoláirí, a moltar go dtabharfaí bunús reachtúil dóibh sa tuarascáil chun comhsheasmhacht agus cuntasacht a chinntiú maidir le freastal ar riachtanais aonair. Iarrtar sa tuarascáil freisin go ndéanfaí athbhreithniú ar an teanga a úsáidimid i réimse na riachtanas breise.

"Thar aon rud eile, athdhearbhaítear san athbhreithniú an tábhacht a bhaineann le cearta an linbh, rannpháirtíocht bhríoch tuismitheoirí, agus rannpháirtíocht níos dlúithe idir ranna agus gníomhaireachtaí rialtais. Léiríonn sé freisin go bhfuil gá le hinfheistíocht leanúnach san fhoghlaim ghairmiúil don fhórsa saothair oideachais. Leagtar béim ann freisin ar an ngá atá le hinfheistíocht leanúnach san fhoghlaim ghairmiúil don fhórsa saothair oideachais.

"Táim tiomanta do na moltaí seo a bhaint amach agus chun é sin a dhéanamh, roimh dheireadh na bliana foilseoidh mé plean forfheidhmithe a threoróidh an chaoi a mbogfaimid ar aghaidh, a neartóidh bunús reachtaíochta agus beartais an oideachais chuimsithigh agus a chinnteoidh forfheidhmiú cuí ar fud an rialtais. Cabhróidh cur i bhfeidhm na moltaí seo le cinntí amach anseo a mhúnlú agus tionchar dearfach a imirt ar eispéiris oideachais leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Cruthóidh sé seo córas oideachais níos cuimsithí agus níos tacúla do chách.

"Léiríonn an méid sin tiomantas mo Roinne d'athrú bríoch agus buan ar fud raon leathan réimsí, lena n-áirítear forbairt curaclaim, seirbhísí tacaíochta, leithdháileadh acmhainní, agus ról na CRSanna."

Dúirt an tAire Michael Moynihan TD:

"Tá Acht EPSEN, 2004 i bhfeidhm le breis agus 20 bliain, agus le linn an ama sin rinneadh forbairtí suntasacha beartais i réimse an oideachais speisialta. Tá an t-athbhreithniú seo múnlaithe ag tiomantas do chomhoibriú oscailte, agus grúpa stiúrtha, grúpa oibre agus grúpa comhairleach ag maoirsiú an phróisis. Bhí comhairliúchán le raon leathan páirtithe leasmhara lárnach san iarracht seo, ag cinntiú go gcloistear guthanna agus dearcthaí éagsúla.

"De bharr thorthaí an athbhreithnithe seo tá sraith moltaí ann a thagann isteach in dhá phríomhréimse: moltaí bunaithe ar reachtaíocht agus moltaí bunaithe ar bheartas. Níl i gceist leis an tuarascáil seo a fhoilsiú ach céim amháin, agus tá plean forfheidhmithe a fhorbairt roimh dheireadh na bliana seo ríthábhachtach chun na moltaí sin a chur i gcrích. Ní mór dúinn a chinntiú go neartaímid cearta dlíthiúla an linbh laistigh den chóras oideachais ar bhealach a sholáthraíonn oideachas níos cuimsithí, chomh maith le comhsheasmhacht a chinntiú maidir leis an gcaoi a dtacaímid le leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu.

"Tá lear mór réimsí a aithnítear sa tuarascáil seo, ar réimsí iad ina bhfuil gá le hobair chun soláthar oideachais speisialta a fheabhsú, mar shampla teiripí inscoile a chur i bhfeidhm ar bhonn céimnithe, comhoibriú níos dlúithe idir scoileanna príomhshrutha agus scoileanna speisialta, Acht Oideachais nuashonraithe chun cearta dlíthiúla níos láidre a sholáthar san oideachas do leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu, nó tacaíochtaí níos fearr do cheannairí scoile, do mhúinteoirí agus do CRSanna.

"Bhí an próiseas Measúnaithe ar Riachtanas (AoN) ina cheist a ardaíodh in aighneachtaí iomadúla, agus is léir go gcreideann páirtithe leasmhara go gcaithfear feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar amlínte an phróisis AoN, a bhfuil plé ar siúl cheana féin faoi ar fud an rialtais, lena n-áirítear idir an Roinn Oideachais agus Óige agus an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais.

"Teastaíonn comhairliúchán agus comhoibriú leanúnach ar fud an rialtais chun na bearta sin a chur i bhfeidhm. Déanfaidh an obair seo athmhúnlú ar sholáthar an oideachais speisialta sna blianta seo amach romhainn, rud a chabhróidh le feabhas a chur ar an eispéireas do leanaí, do theaghlaigh agus do phobail scoile i gcoitinne. Táim ag tnúth le páirt a ghlacadh sa phróiseas seo sa tréimhse amach romhainn agus córas oideachais níos cuimsithí fós a chur ar fáil."

Is é cuspóir an athbhreithnithe ar EPSEN dearbhú a thabhairt go bhfuil bunús reachtach leordhóthanach ann maidir le soláthar oideachais, idir soláthar reatha agus beartaithe, do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Tá an bunús reachtach seo riachtanach chun leas leanaí agus a dteaghlach a chosaint, agus lena chinntiú gur féidir leis an Stát pleanáil cheart a dhéanamh chun oideachas cuí a sholáthar do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

Bhí roinnt snáitheanna sa phróiseas athbhreithnithe, lena n-áirítear:

  • tuairimí na bpáirtithe leasmhara go léir a ghabháil go cuimsitheach trí shuirbhéanna ar líne agus fócasghrúpaí
  • páipéar athbhreithnithe acadúil ina scrúdaítear Acht EPSEN, forbairtí dlíthiúla agus oideachais ábhartha, agus cleachtas reatha chomh maith le cleachtas atá ag teacht chun cinn i riachtanais speisialta oideachais
  • struchtúr comhairliúcháin agus maoirseachta – lena n-áirítear grúpa comhairleach, stiúrtha agus oibre – chun idirphlé a éascú i measc ionadaithe páirtithe leasmhara, lena n-áirítear grúpaí abhcóideachta, comhlachtaí ionadaíocha tuismitheoirí agus scoláirí, comhlachtaí bainistíochta scoile, ionadaithe múinteoirí, saineolaithe acadúla, agus gníomhaireachtaí Stáit agus ranna rialtais ábhartha.

Nótaí d’Eagarthóirí

Is féidir teacht ar an athbhreithniú iomlán anseo.

Tá an léirmheas iomlán ar fáil i mBéarla, i nGaeilge agus i leagan atá Éasca a Léamh. Tá na moltaí, atá sa phríomh-athbhreithniú, ar fáil freisin i gcáipéis ar leith atá Éasca a Léamh.

Tá tuairiscí tacaíochta, a ullmhaíodh le linn an athbhreithnithe, ar fáil freisin ag an nasc thuas. Ina measc sin tá:

Tuairiscí anailíse suirbhé a chuir bonn eolais faoi fhorbairt na tuarascála:

Tuairisc ar an anailís ar cheisteanna struchtúrtha suirbhé ar líne

Tuairisc ar an anailís ar cheisteanna suirbhé oscailte ar líne agus ar aighneachtaí neamhstruchtúrtha

Tuairisc ar an anailís ar an Suirbhé a raibh Rochtain Éasca air

Tuairiscí anailíse ar fhócasghrúpaí:

Tuairisc ar an taighde fócasghrúpa chun cabhrú le hathbhreithniú a dhéanamh ar Acht EPSEN, 2004

Tuairisc ar thorthaí comhairliúcháin le daoine óga mar chuid den athbhreithniú ar Acht EPSEN, 2004

Tuairisc fhócasghrúpaí na Scoileanna lán-Ghaeilge

An tuairisc ar an athbhreithniú acadúil:

Páipéar Athbhreithnithe Acadúil chun Críocha an Athbhreithnithe ar an Acht um Oideachas do Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu (EPSEN), 2004

Cuireadh tús le hathbhreithniú ar Acht EPSEN, 2004 i mí na Nollag 2021 chun eispéiris na scoláirí, na foirne agus na dteaghlach a nuachóiriú agus a léiriú.

San áireamh sa phróiseas athbhreithnithe bhí rannpháirtíocht fhairsing páirtithe leasmhara, lena n-áirítear tuismitheoirí, oideoirí, grúpaí abhcóideachta, agus saineolaithe san oideachas speisialta.

Chríochnaigh na suirbhéanna ar líne i mí an Mhárta 2023. Baineadh úsáid as an anailís cháilíochtúil ar aighneachtaí oscailte mar bhunús don dara céim den chomhairliúcháin, céim an fhócasghrúpa.

Baineadh feidhm as modhanna éagsúla fócasghrúpa, lena n-áirítear fócasghrúpaí measctha, rannpháirtíocht i stíl mósáic le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, agus plé le daoine fásta óga a bhfuil taithí acu ar mhúnla oideachais na riachtanas speisialta oideachais. Reáchtáladh fócasghrúpaí i suíomhanna éagsúla lena n-áirítear scoileanna Béarla agus lán-Ghaeilge, Ógtheagmháil, seirbhísí d'aosaigh, agus institiúidí tríú leibhéal.

Seoladh suirbhé a raibh rochtain éasca air. Dearadh an t-ardán comhairliúcháin inrochtana ar líne seo chun freastal ar dhaoine aonair a bhféadfadh gnáthmhodhanna suirbhé a bheith dúshlánach dóibh. Ba é sin an chéad uair a thug an Roinn Oideachais agus Óige faoi mhodh dá leithéid.

Tá measúnú acadúil i gceist san athbhreithniú agus breithníonn sé cásanna dlí agus comparáideoirí idirnáisiúnta.

Reáchtáladh Lá Beartais Oscailte ar an 3 Deireadh Fómhair 2024 chun aiseolas ó shuirbhéanna agus ó fhócasghrúpaí, léargas ón athbhreithniú acadúil, agus ionchuir ó chomhairle beartais an CNOS a chomhtháthú.