An tAire McEntee agus an tAire Moynihan ag impí ar thuismitheoirí teagmháil a dhéanamh leis an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) roimh dháta deiridh CNOS, mar atá an 1 Deireadh Fómhair
- Foilsithe: 17 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 17 Meán Fómhair 2025
Tá Helen McEntee TD, an tAire Oideachais agus Óige, agus Michael Moynihan TD, Aire Stáit le freagracht as Oideachas Speisialta agus Ionchumisú, ag impí ar thuismitheoirí atá ag iarraidh rang speisialta agus áit scoile speisialta don scoilbhliain 2026/2027 dul i dteagmháil leis an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) chomh luath agus is féidir, agus roimh an dáta deiridh fógra mar atá an 1 Deireadh Fómhair 2025. Déantar an ghairm sin agus nuashonrú á chur ar fáil ag na hairí maidir le pleanáil le haghaidh soláthar oideachais speisialta. Tugadh an amlíne níos túisce sin isteach chun tuilleadh ama a chur ar fáil chun go mbunófar ranganna nua speisialta agus tuilleadh acmhainne maidir le scoileanna speisialta, rud a chuirfidh soiléire maidir le soláthar ranganna agus oideachais speisialta ar fáil do thuismitheoirí ag céim níos túisce.
Dúirt an tAire McEntee:
“Táim féin agus an tAire Stáit Moynihan ag obair go dlúth leis an NCSE agus le hoifigigh sa Roinn chun ranganna speisialta agus áiteanna scoile speisialta nua a shainaithint agus a bhunú don scoilbhliain 2026/2027. Shocraigh an NCSE an 1 Deireadh Fómhair 2025 mar dháta deiridh do thuismitheoirí chun a gcuid fógraí agus tuarascálacha a chur isteach. Tacóidh an dáta deiridh níos luaithe seo le pleanáil níos éifeachtaí don scoilbhliain atá romhainn. Molaimid do thuismitheoirí teagmháil a dhéanamh leis an NCSE a luaithe agus is féidir chun tús a chur leis an bpróiseas. Tá próiseas fógra ar líne tiomnaithe i bhfeidhm ag an NCSE. Impímid go láidir ar theaghlaigh teagmháil a dhéanamh leis an NCSE gan mhoill ionas gur féidir tús a chur leis an bpleanáil. Tá sé tábhachtach a mheabhrú go leanfaidh an NCSE de thacaíocht a thabhairt do leanaí agus do dhaoine óga a thagann chun cinn tar éis an 1 Deireadh Fómhair 2025 chun rochtain a fháil ar áiteanna agus tacaíochtaí speisialaithe mar a tharla anuraidh.”
“Tá an NCSE agus mo Roinn tiomanta do 400 rang speisialta nua a sheachadadh don scoilbhliain 2026/2027, ag leanúint leis an leathnú tapa atá tagtha ar sholáthar oideachais speisialta le blianta beaga anuas. I mí Mheán Fómhair na bliana seo, beidh thart ar 30,500 dalta cláraithe i ranganna speisialta agus i scoileanna speisialta—méadú de bhreis is 12,000 dalta (67%) ó 2020. Tháinig méadú suntasach ar líon na gCúntóirí Riachtanas Speisialta freisin, agus beagnach 23,000 SNA fostaithe anois ar fud an chórais oideachais—méadú de bheagnach 10,000 post (27%) le linn na tréimhse céanna.
“Maidir leis an scoilbhliain reatha, tá 407 rang speisialta nua ceadaithe ag an NCSE, rud a fhágann go bhfuil 3,741 san iomlán ar fud na tíre. Tá na ranganna seo dáilte ar fud gach contae in Éirinn.
“Ina cheann sin, tá os cionn 300 áit scoile speisialta á gcur ar fáil i scoileanna speisialta.
Dúirt an tAire Moynihan:
“Is mian liom a mheabhrú do mhuintir pháistí a bhfuil rang speisialta nó áit i scoil speisialta á lorg acu teagmháil a dhéanamh leis an CNOS faoin 1 Deireadh Fómhair 2025. Tá a fhios agam go mbíodh aird á tarraingt ag an NCSE ar an amlíne seo trína gcainéil sna meáin agus trína rannpháirtíocht dhíreach le tuismitheoirí, scoileanna agus grúpaí abhcóideachta.
“Tuigim nach bhfuil ach cúpla seachtain fágtha sa sceideal seo agus go bhféadfadh imní a bheith ar roinnt teaghlach maidir leis na tuarascálacha agus na moltaí riachtanacha a fháil. Tá amlíne an 1 Deireadh Fómhair tábhachtach chun críocha pleanála chun cinn chun, lena chinntiú go mbeidh soiléireacht ag teaghlaigh ag céim níos luaithe maidir le soláthar nua ranganna speisialta agus scoileanna speisialta don bhliain 2026/2027. Leanfaidh an NCSE de thacaíocht a thabhairt do theaghlaigh a thagann chun cinn tar éis na tréimhse sin chomh maith, áfach.
“Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara freisin nach bhfuil tuarascáil nua ag teastáil nuair a bhíonn leanbh ag aistriú idir suíomhanna ranga speisialta comhchosúla—mar shampla, ó bhunscoil shóisearach go bunscoil shinsearach, nó ó bhunscoil go hiar-bhunscoil.
“Tacaíonn múinteoirí ranga, Múinteoirí Oideachais Speisialta, agus SNAanna leis an gcuid is mó de leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu i suíomhanna príomhshrutha. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na boird bhainistíochta agus leis na scoileanna as a dtacaíocht leanúnach.”
Nótaí don eagarthóir:
Tuilleadh eolais:
- Cuideoidh an amlíne níos túisce le CNOS maidir le hiarraidh ar scoileanna áitiúla ranganna nua speisialta a oscailt ag tráth níos túisce. Tá an amlíne nua á tabhairt isteach freisin chun tuilleadh ama a chur ar fáil le haghaidh ranganna nua speisialta a bhunú chomh maithe le tuilleadh acmhainne maidir le scoil speisialta. Baineann méid suntasach oibre le háiteanna breise oideachais speisialta a bhunú maidir le hathchoigeartú a dhéanamh ar sheomraí ranga atá ann cheana féin, múinteoirí agus cúntóirí riachtanas speisialta a earcú, próisis iontrála a reáchtáil, measúnú a dhéanamh ar oiliúint agus tacaíocht agus iompar scoile a eagrú. Tugadh isteach an amlíne i ndiaidh teagmháil a dhéanamh le gach príomhpháirtí leasmhara oideachais, lena n-áitítear comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht ar thuismitheoirí agus grúpaí abhcóideachta oideachais speisialta. Féachann an CNOS le tromlach na ranganna nua speisialta a cheadú don scoilbhliain 2026/2027 faoi dheireadh na bliana féilire 2025, rud a chuirfidh soiléire maidir le soláthar ranganna nua speisialta agus scoile speisialta ar fáil do thuismitheoirí ag céim níos túisce.
- Príomhábhar a mbeidh an CNOS agus Roinn ag díriú air don scoilbhliain 2026/2027 is ea ranganna speisialta breise a chur ar fáil ag an leibhéal iar-bhunscoile lena chinntiú go bhfuil an deis ag páistí atá ag dul ar aghaidh ó ranganna speisialta bunscoile aistriú chuig rang speisialta iar-bhunscoile más gá.
- Leis an leathnú sin, léirítear tiomantas an Rialtais don oideachas ionchuimsithe lena gcinntítear go bhfaighidh gach páiste a bhfuil riachtanais speisialta acu an tacaíocht atá dlite dóibh.
- Tá tuilleadh sonraí faoin bpróiseas fógra do thuismitheoirí, físeán faisnéise agus an fhoirm fógra ar fáil ar shuíomh gréasáin an NCSE ag Cuir in iúl don NCSE – Socrúchán Ranga/Scoile Speisialta – An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta – Ag obair chun seirbhís oideachais speisialta níos fearr a sholáthar
Cuirtear sonraí faoi líne chabhrach NCSE ar fáil freisin.
- Córas iarratais aonair: Beidh teaghlaigh a bhfuil áit á lorg acu i rang speisialta ag leibhéal na hiar-bhunscoile i mBaile Átha an Rí, Cill Droichid, Cloich na Coillte, sna Clocha Liatha nó i dTulach Mhór/Coill an Átha in ann iarratas a dhéanamh ar líne trí úsáid a bhaint as foirm iarratais aonair mar chuid de thionscadal píolótach chun an próiseas iontrála a chuíchóiriú. Is é an scéim phíolótach seo an chéad chéim i dtreo chóras iarratas coiteann náisiúnta a bheidh ina bhuaicphointe do theaghlaigh atá ag lorg áiteanna scoile, go háirithe do leanaí a bhfuil riachtanais oideachais speisialta acu. Cuirfear tuilleadh eolais ar fáil do thuismitheoirí sna seachtainí amach romhainn.