Fáiltíonn na hAirí McEntee agus Moynihan roimh an méadú ar líon na scoileanna atá rannpháirteach i gCláir Shamhraidh 2025
- Foilsithe: 24 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 24 Iúil 2025
Méadú 16% ar líon na scoileanna atá rannpháirteach ann ó 2024
Tá fáilte curtha ag an Aire Oideachais agus Óige, Helen McEntee TD, agus ag an Aire Stáit atá freagrach as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, Michael Moynihan TD, roimh an méadú ollmhór ar líon na scoileanna atá rannpháirteach i gCláir Shamhraidh 2025.
Tá an ráta rannpháirtíochta is airde riamh i gCláir Shamhraidh na bliana seo, agus 1,800 scoil ar fud na tíre cláraithe do níos mó ná 2,000 scéim, rud a léiríonn ardú 16% ar líon na scoileanna ó 2024.
Tá an méadú ag tarlú i ndiaidh infheistíochta de €62 milliún i maoiniú do Chlár Samhraidh 2025. Is méadú suntasach é maoiniú na bliana seo ar an €40 milliún a leithdháileadh sna blianta roimhe sin, agus na hacmhainní go léir dírithe ar a chinntiú go mbeidh rochtain ag na leanaí is leochailí in Éirinn ar eispéiris foghlama samhraidh scoilbhunaithe.
Dúirt an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee:
“Tá an-áthas orm go bhfuil an oiread sin scoileanna ag glacadh páirt i gClár Samhraidh 2025. Is tionscnamh ríthábhachtach é seo a sholáthraíonn leanúnachas, struchtúr agus áthas do na mílte leanaí le linn mhíonna an tsamhraidh, agus tá an-áthas orm go bhfuil níos mó scoileanna ag glacadh páirt sa Chlár i mbliana, rud a rachaidh chun tairbhe do na mílte scoláirí. Ní fhéadfaí an Clár Samhraidh a reáchtáil gan obair chrua agus dúthracht na scoileanna agus na bhfoirne scoile. Táim thar a bheith buíoch de na scoileanna, na múinteoirí agus na CRSanna go léir a chuireann é seo ar fáil do leanaí.”
Dúirt an tAire Moynihan:
“Is iontach an rud a fheiceáil go bhfuil an oiread sin scoileanna, go háirithe scoileanna speisialta, ag glacadh páirt i gClár Samhraidh na bliana seo. Ceapadh an Clár Samhraidh chun tacú le leanaí a bhfuil na riachtanais is casta acu, agus chonaic mé le mo shúile féin an chaoi a ndéanann scoileanna níos mó ná mar is gá maidir le réimse tionscnamh atá oideachasúil agus spraíúil a sholáthar le linn an Chláir Samhraidh. Is iontach an rud é breis is 80 scoil speisialta a fheiceáil cláraithe cheana féin chun cláir a reáchtáil agus tugaim moladh ó chroí do na scoileanna sin as sin a dhéanamh. Is é €60 in aghaidh na seachtaine in aghaidh an linbh an ráta caipitíochta do scoileanna speisialta agus mholfainn d’oiread scoileanna speisialta agus is féidir clár a reáchtáil."
Nótaí don eagarthóir:
Sna meastóireachtaí a rinne Cigireacht na roinne in 2023 agus 2024, fuarthas amach go raibh an clár “tarraingteach, taitneamhach, agus go n-athraíonn sé an saol” do na leanaí agus na daoine óga a bhí rannpháirteach ann.
- I gcás nach bhfuil clár scoilbhunaithe ar fáil, is rogha fós é an Clár Samhraidh sa Bhaile do leanaí a bhfuil riachtanais chasta oideachais speisialta acu.
Tá rannpháirtíocht iontach léirithe ag scoileanna speisialta, agus 72 ag glacadh páirte in 2024, rud a léiríonn méadú 85 faoin gcéad thar dhá bhliain. In 2025, tá breis is 80 scoil speisialta tar éis clárú do chlár na bliana seo.
- Ó 2019 i leith, tá an clár tar éis leathnú go mór - ó 300 scoil agus 13,000 leanbh go dtí breis is 59,000 leanbh in 2024, méadú 354 faoin gcéad ar an rannpháirtíocht.