Molann an tAire McEntee agus an tAire Moynihan do gach bunscoil, iar-bhunscoil agus scoil speisialta páirt a ghlacadh i gClár Samhraidh 2025
- Foilsithe: 13 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 13 Feabhra 2025
Fógraíonn an Rialtas freisin tionscadal píolótach Ocras Saoire atá le cur i bhfeidhm
D'fhógair an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee TD, agus an tAire Stáit um Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, Michael Moynihan TD, sonraí faoi Chlár Samhraidh 2025 inniu (Déardaoin), agus mhol sí do scoileanna páirt a ghlacadh ann.
Tá deis ag gach scoil clár a reáchtáil i rith mhíonna an tsamhraidh do leanaí a bhfuil riachtanais chasta speisialta oideachais acu agus dóibh siúd is mó atá i mbaol míbhuntáiste oideachasúil, ionas gur féidir tacú leo, iad a chothú agus a spreagadh chun leanúint ar aghaidh lena gcuid rannpháirtíochta i suíomh oideachais atá spraíúil agus cuimsitheach.
Mar a fógraíodh i mBuiséad 2025, déanfar €62 milliún a infheistiú i gClár Samhraidh na bliana seo, rud a fhágfaidh go mbeidh sé in ann leanúint ar aghaidh ag teacht leis an gcaoi ar cuireadh i bhfeidhm é le trí bliana anuas.
Mar a tharla sna blianta roimhe seo, tá Scéim na mBunscoileanna ann do dhaltaí i mbunscoileanna príomhshrutha, an Campa Samhraidh Litearthachta agus Uimhearthachta leathnaithe DEIS do dhaltaí i scoileanna DEIS, scéim iar-bhunscoile, clár atá bunaithe sa bhaile, agus Clár Píolótach Scoile Speisialta atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt do scoileanna speisialta.
I mbliana, cuirfear tionscadal píolótach Ocras Saoire i bhfeidhm trí úsáid a bhaint as Clár Béilí Scoile na Roinne Coimirce Sóisialaí agus Clár Samhraidh na Roinne Oideachais. Beidh scoileanna atá incháilithe do chlár na mBéilí Scoile in ann béilí a chur ar fáil do Chlár an tSamhraidh.
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin:
"Is príomhthosaíocht domsa aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht leanaí, agus cuireann an fhírinne lom go bhfuil leanaí ag maireachtáil faoi ocras ar ár súile dúinn an chaoi ar féidir leis an mbochtaineacht tionchar mór a imirt ar shaol na n-óg. Is cuid lárnach é ár gClár Samhraidh den chaoi a dtugaimid tacaíocht agus cosaint do na leanaí is leochailí inár measc. I mbliana, táimid ag neartú an tiomantais sin tuilleadh agus chuige sin tá béilí scoile saor in aisce a shíneadh chuig an gClár. Cinntíonn sé sin gur féidir le scoileanna leanúint ar aghaidh ag díriú ar fhoghlaim, ar fholláine agus ar chruthaitheacht na ndaltaí a chothú agus is féidir le teaghlaigh a bheith cinnte go bhfaighidh a leanaí béilí cothaitheacha le linn an tsamhraidh.''
Agus í ar cuairt ar Scoil Náisiúnta Fhoghlaim le Chéile Paradise Place i mBaile Átha Cliath 7, dúirt an tAire Oideachais Helen McEntee:
"Tá sé ríthábhachtach Clár Samhraidh a chur ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus dóibh siúd atá i mbaol míbhuntáiste oideachasúil lena chinntiú go bhfuil rochtain acu ar na tacaíochtaí agus na huirlisí riachtanacha chun páirt iomlán a ghlacadh ina n-oideachas agus chun a bhfolláine a fheabhsú. Aithnítear go forleathan go gcabhraíonn idirghníomhú lena bpiaraí le leanaí agus le daoine óga éagsúlacht scileanna tábhachtacha sóisialta agus mothúchánacha a fhoghlaim.
"Molaim go láidir do gach scoil breithniú a dhéanamh ar an mbealach is fearr is féidir leo an Clár Samhraidh a chur i bhfeidhm dá gcuid scoláirí, agus molaim go háirithe do níos mó scoileanna speisialta agus scoileanna DEIS páirt a ghlacadh sa tionscnamh luachmhar seo.
"Beidh teacht ag scoileanna ar thacaíochtaí éagsúla chun cabhrú leo clár a reáchtáil an samhradh seo. Is léir cé chomh mór a chuaigh an Clár Samhraidh chun tairbhe do na leanaí agus do na scoileanna agus don fhoireann a bhí páirteach ann.
"Is iontach an rud é an méadú atá tagtha ar líon na leanaí agus na ndaoine óga atá ag glacadh páirte sa Chlár Samhraidh agus ar líon na scoileanna a chuireann ar fáil é, rud atá méadaithe go mór ó leathnaíodh an Clár Samhraidh in 2020. Tá an rath seo ann mar gheall ar iarrachtaí díograiseacha foirne scoile a d'oibrigh gan stad gan staonadh chun mothú ceangail agus muintearais a chruthú i measc na leanaí laistigh dá bpobal scoile. Gabhaim buíochas le gach duine a bhfuil baint acu leis na cláir seo a dhéanamh rathúil agus guím gach rath orthu do Chlár Samhraidh 2025."
Dúirt an tAire Stáit um Oideachas Speisialta agus Cuimsiú Michael Moynihan:
"Tá borradh tagtha faoin gClár Samhraidh le blianta beaga anuas agus beidh infheistíocht de €62 milliún ar fáil chun tacú leis i mbliana. Anuraidh, chuaigh an Clár Samhraidh chun tairbhe do bhreis agus 58,000 dalta. Tháinig méadú 85 faoin gcéad freisin ar líon na Scoileanna Speisialta a ghlac páirt ann, i gcomparáid le dhá bhliain ó shin. Tá an-áthas orm sonraí Chlár na bliana seo a roinnt.
"San am atá caite, rinne an Clár Samhraidh an-difríocht do na leanaí a ghlac páirt ann agus dá dteaghlaigh. Ní hamháin go mbaineann sé le feabhas a chur ar a bhfolláine agus ar a bhfoghlaim; baineann sé freisin lena bhféinmhuinín a threisiú agus cabhrú leo cairdeas nua a fhorbairt. I gcás tuismitheoirí leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, is tacaíocht thábhachtach é an Clár Samhraidh freisin, rud a thugann a c(h)éad taithí don leanbh go minic ar pháirt a ghlacadh i ngníomhaíocht eagraithe samhraidh.
"Tá an-áthas orm a roinnt freisin go bhfuil rogha i gClár Samhraidh na bliana seo do bhunscoileanna agus scoileanna speisialta rannpháirteacha béilí scoile a sholáthar le linn a gClár Samhraidh. Is clár píolótach i gcomhar é seo idir an Roinn Coimirce Sóisialaí agus an Roinn Oideachais, agus is príomhthionscnamh de chuid an rialtais é agus iad ag iarraidh dul i ngleic le hocras saoire.
"Chomh maith leis an bhfoireann teagaisc agus cúntóirí riachtanas speisialta a ghlacann páirt sa chlár, tá áthas orm a fheiceáil go bhfuil scoileanna in ann múinteoirí nuacháilithe a bhfuil céim bainte amach acu a earcú an samhradh seo, chomh maith le múinteoirí fochéime Bhealach 5. Is iontach an rud é freisin a fheiceáil gur féidir le scoileanna, más gá, oibrithe seachtracha eile a earcú, amhail oibrithe cúraim na luath-óige, cúramóirí agus mic léinn eile i réimsí ábhartha amhail teiripe, altranas agus cúram sóisialta chun páirt a ghlacadh ina gclár. Tá súil agam go gcuirfidh sé seo borradh eile faoin gclár.
"Díreach cosúil leis an Aire McEntee, molaim do gach scoil páirt a ghlacadh i mbliana mar go bhfuil an clár bunathraitheach do leanaí a bhfuil riachtanais chasta speisialta oideachais acu. Bíonn fonn i gcónaí ar scoileanna a n-eispéiris dhearfacha a roinnt leis an gClár agus tá níos mó tacaíochta ar fáil anois ná mar a bhí riamh."
Nótaí
Scéimeanna na gClár Samhraidh
Scéim Phíolótach do Scoileanna Speisialta
Is tosaíocht é go bhfuil rochtain ag níos mó leanaí i scoileanna speisialta ar chlár scoilbhunaithe.
I mbliana, leanann an Clár do Scoileanna Speisialta ar aghaidh mar thionscnamh píolótach lena chinntiú go bhfuiltear ag díriú i ndáiríre ar thacaíocht a thabhairt do scoileanna speisialta. Dearadh agus forbraíodh an clár seo lena chinntiú go ndírítear ar thacaíochtaí chun feabhas a chur ar an bhfáil atá ar chlár scoil-bhunaithe do dhaltaí i scoileanna speisialta.
Ceapadh an clár Píolótach do Scoileanna Speisialta lena chinntiú go ndírítear ar thacaíochtaí chun:
• feabhas a chur ar infhaighteacht clár scoil-bhunaithe i scoileanna speisialta
• rochtain leanaí ar chlár den sórt sin a chomhordú agus tacú léi
• cabhrú le riachtanais agus acmhainní foirne a aithint
• an t-ualach riaracháin a bhaineann le clár scoil-bhunaithe a threorú agus a bhainistiú a laghdú
I gcás scoileanna speisialta, déanfar Comhordaitheoir Náisiúnta Clár Samhraidh a cheapadh arís.
Leanfaidh an duine sin ar aghaidh i mbun idirchaidrimh le scoileanna, leis an roinn agus leis na hionaid oideachais chun eagrú na gclár a éascú.
Beidh tairseach ar fáil arís do mhúinteoirí agus do Chúntóirí Riachtanas Speisialta chun a spéis a chlárú maidir le bheith ag obair ar chlár scoil-bhunaithe i scoil speisialta. Beidh múinteoirí faoi oiliúint agus mic léinn i ndisciplíní ábhartha amhail teiripe, cúram sóisialta agus altranas agus daoine eile, lena n-áirítear oibrithe i gcúram na luath-óige agus cúramóirí, in ann a spéis a chlárú maidir le bheith ag obair ar chláir den sórt sin.
Tá fad an lae á laghdú ón lá scoile iomlán go dtí 10am – 2pm ach íocfar an ráta laethúil céanna leis an bhfoireann a ghlacann páirt. Tugann sé seo aitheantas arís eile do na dúshláin a bhaineann le reáchtáil an chláir i scoil speisialta.
Chun na cúinsí uathúla a thagann chun cinn i scoil speisialta i rith mhíonna an tsamhraidh a léiriú, cuirfear maoiniú deontais breise de €2,000 ar fáil do gach seachtain ina gcuireann scoil speisialta Clár Samhraidh scoil-bhunaithe ar fáil.
Is féidir an Scéim do Scoileanna Speisialta a reáchtáil ar feadh tréimhse idir coicís agus cúig seachtaine ag am ar bith le linn laethanta saoire samhraidh scoile agus ní hamháin i mí Iúil.
Scéimeanna na mbunscoileanna
Ina theannta sin, tá dhá scéim ionscoile ag an mbunleibhéal príomhshrutha:
• Scéim na mBunscoileanna do dhaltaí i mbunscoileanna príomhshrutha, a chuireann scéim chomhtháite amháin ar fáil, a chomhcheanglaíonn an clár Cuimsithe agus ranganna speisialta
• Campa Samhraidh Litearthachta agus Uimhearthachta leathnaithe do dhaltaí i scoileanna DEIS. Tá sé seo ar fáil do gach scoil i scéim DEIS, lena n-áirítear iad siúd a fuair a stádas nua DEIS i mí Mheán Fómhair 2022
Tagann Scéim na mBunscoileanna in ionad ghnéithe an Chláir Chuimsithe agus an Ranga Speisialta ó bhlianta roimhe agus déanann sí iad a chomhtháthú i scéim chomhtháite riachtanas speisialta oideachais amháin do bhunscoileanna príomhshrutha.
Is féidir an Scéim Bunscoile a reáchtáil ar feadh tréimhse idir coicís agus ceithre seachtaine ag am ar bith le linn laethanta saoire samhraidh na scoile agus ní hamháin i mí Iúil.
Is féidir le scoileanna grúpaí de suas le 12 dhalta a chur le chéile le tacaíocht ó mhúinteoir amháin agus ó Chúntóir Riachtanas Speisialta amháin. Níl aon teorainn le líon na ngrúpaí atá ag glacadh páirte i scoil.
Mar sin féin, más daltaí ó ranganna speisialta atá i ngrúpaí den chuid is mó, is féidir méideanna na ngrúpaí a choigeartú dá réir chun go ndéanfaidh siad léiriú níos fearr ar an gcóimheas idir daltaí agus múinteoir a úsáidtear sa ghnáthbhliain scoile. Mar shampla, d'fhéadfadh suas le seisear daltaí a bhfuil riachtanais chasta acu a bheith i ngrúpaí, agus áiteanna eile atá fágtha a leithdháileadh ar dhaltaí atá i mbaol míbhuntáiste oideachasúil.
Tugann Scéim na mBunscoileanna deis do scoileanna aghaidh a thabhairt ar riachtanais na ndaltaí imirceacha amhail aghaidh a thabhairt ar scileanna Béarla agus ar lánpháirtiú, lena n-áirítear daltaí ón Úcráin agus ó thíortha eile.
Má tá níos mó ná seisear leanaí a bhfuil riachtanais chasta acu i ngrúpa, is féidir le scoileanna iarratas a dhéanamh chuig an roinn ar acmhainní breise.
Is féidir le scoileanna iarratas a dhéanamh freisin ar thacaíocht bhreise CRS lena chinntiú go bhfuil tacaíocht CRS den chineál céanna ag daltaí rannpháirteacha agus atá acu le linn na scoilbhliana.
Chun é sin a dhéanamh nó chun achomharc a dhéanamh i dtaca le gné ar bith den leithdháileadh acmhainní a dheonaítear dá scoil, is féidir le scoileanna ríomhphost a sheoladh chuig schoolsummerprogramme@education.gov.ie nó teagmháil a dhéanamh le líne chabhrach na Roinne ar 09064 84292.
Scéim na n-iarbhunscoileanna
Is féidir Scéim na nIar-bhunscoile a reáchtáil ar feadh coicíse ag am ar bith le linn laethanta saoire samhraidh na scoile.
Is féidir le scoileanna grúpaí ina bhfuil suas le 12 scoláire a chur le chéile le tacaíocht ó mhúinteoir amháin agus ó Chúntóir Riachtanas Speisialta amháin. I mbliana, baineadh an teorainn de líon na ngrúpaí bunaithe ar mhéid na scoile.
Mar sin féin, más scoláirí ó ranganna speisialta atá i ngrúpaí den chuid is mó, is féidir méideanna na ngrúpaí a choigeartú dá réir chun go ndéanfaidh siad léiriú níos fearr ar an gcóimheas idir daltaí agus múinteoir a úsáidtear sa ghnáthbhliain scoile.
Mar shampla, d'fhéadfadh suas le seisear scoláirí a bhfuil riachtanais chasta acu a bheith i ngrúpaí agus áiteanna eile atá fágtha a leithdháileadh ar scoláirí atá i mbaol míbhuntáiste oideachais.
Tugann Scéim na nIar-bhunscoileanna deis do scoileanna aghaidh a thabhairt ar riachtanais na scoláirí imirceacha amhail aghaidh a thabhairt ar scileanna Béarla agus ar lánpháirtiú, lena n-áirítear scoláirí ón Úcráin agus ó thíortha eile.
Má tá níos mó ná seisear scoláirí a bhfuil riachtanais chasta speisialta oideachais acu i ngrúpa, is féidir le scoileanna iarratas a dhéanamh chuig an roinn ar acmhainní breise.
Is féidir le scoileanna iarratas a dhéanamh freisin ar thacaíocht bhreise CRS chun a chinntiú go bhfuil tacaíocht CRS den chineál céanna ag scoláirí rannpháirteacha agus atá acu le linn na scoilbhliana.
Chun é sin a dhéanamh nó chun achomharc a dhéanamh i dtaca le gné ar bith den leithdháileadh acmhainní a dheonaítear dá scoil, is féidir le scoileanna ríomhphost a sheoladh chuig schoolsummerprogramme@education.gov.ie nó teagmháil a dhéanamh le líne chabhrach na Roinne ar 09064 84292.
Clár Baile-bhunaithe
Sa chás nach bhfuil Clár Samhraidh á reáchtáil ag scoil nó nach bhfuil áit ar chlár scoil-bhunaithe nó malartach ar fáil, beidh leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais chasta speisialta oideachais acu in ann iarratas a dhéanamh ar an gclár Baile-bhunaithe.
Foilseofar sonraí an chláir bhaile-bhunaithe níos déanaí, mar a tharla sna blianta roimhe seo. Mar sin féin, mar aitheantas ar rogha na Roinne go ndéanfaí cláir shamhraidh a reáchtáil i suíomh ranga, is féidir leis an roinn soláthraithe grúpa a éascú chun páirt a ghlacadh sa chlár baile-bhunaithe. Chuige sin, cuireann an roinn fáilte roimh léiriú spéise ó sholáthraithe ionchasacha.
Rátaí rannpháirtíochta sa chlár samhraidh 2022 – 2024
Cineál Scéime | 2022 | 2023 | 2024 | ||||
* | Scoileanna | Leanaí | Scoileanna | Leanaí | Scoileanna | Leanaí | |
Scéim na mBunscoileanna | 494 | 12722 | 886 | 17695 | 1095 | 22906 | |
Scéim na Scoileanna Speisialta | 39 | 1408 | 59 | 2437 | 72 | 3267 | |
Campa Samhraidh DEIS L&U | 260 | 11211 | 336 | 14498 | 365 | 15791 | |
Scéim na nIar-bhunscoileanna | 117 | 2787 | 160 | 3830 | 203 | 5274 | |
Scéim Bhaile-bhunaithe | - | 13883 | - | 12772 | - | 12100 | |
Iomlán | 1290 | 42011 | 1441 | 51232 | 1735 | 59338 |
Tacaíochtaí do scoileanna
Tá líon tacaíochtaí i bhfeidhm chun cuidiú le scoileanna leis a gClár Samhraidh a rith i mbliana. Cuimsítear anseo:
• íocfar múinteoirí agus cúntóirí riachtanas speisialta a ráta pearsanta pá
• cé nach mór ról Eagraí an Chláir Samhraidh a leithdháileadh ar mhúinteoir ar leith amháin, is féidir le ról Bhainisteoir an Chláir Samhraidh a roinnt idir múinteoir i scoil
• tá soláthar ann do scoileanna le hearcaíocht a dhéanamh ar mhúinteoirí nuacháilithe a mbeidh a gcéim á baint amach acu an samhradh seo chomh maith leis na múinteoirí fochéime faoi oiliúint atá cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta faoi Bhealach 5
• íocfar múinteoirí ionaid, CRSanna, múinteoirí nuacháilithe agus múinteoirí fochéime faoi oiliúint faoi Bhealach 5 a rátaí caighdeánacha ionaid
• is féidir le scoileanna earacaíocht a dhéanamh freisin ar oibrithe seachtracha eile ar nós oibrithe luathchúraim leanaí, cúramóirí agus scoláirí eile i réimsí ábhartha ar nós teiripe, altranas agus cúram sóisialta le páirt a ghlacadh sa chlár. Beidh tairseach ar leith ann do scoileanna speisialta chun na críche seo
• beidh tairseach ar líne ar fáil so scoileanna lena n-éilimh íocaíochta a chur isteach leis an bpróiseas a dhéanamh níos simplí. Cuirfidh Duine Iontrála Sonraí na héilimh isteach atá ceadaithe ag Ceadaitheoir ag leibhéal na scoile faoi threoir Bhainisteoir Cláir Samhraidh na scoile
• mar a tharla in 2024, is éilimh uathoibrithe a bheidh i gceist agus íocfar iad go díreach leis na múinteoirí agus CRSanna aonair nuair a fhaightear éilimh atá go hiomlán comhlánaithe ó na scoileanna, a laghdóidh go suntasach na tréimhsí ama íocaíochta a bhí ann sna blianta roimhe seo. In 2024, íocadh tromlach na n-éileamh a chuir na baill foirne i scoileanna isteach faoi dheireadh mhí Lúnasa
• cuirfear oiliúint agus treoir ar fáil do scoileanna agus dá n-eagraithe. Déanfar é seo a éascú trí oiliúint ar líne
Beidh tairseach cláraithe ar líne ar fáil do scoileann ar Item was unpublished or removed.
Nuair a chlaraíonn scoileanna don Chlár Samhraidh, gheobhaidh siad ríomhphost ina sonrófar na hacmhainní foirne ar leithdháileadh orthu. Beidh an deis ag scoileanna achomharc a dhéanamh ar leithdháiltí acmhainní.
Is é an dáta deiridh le clárú a dhéanamh ná an 11 Aibreán 2025.
Tá tuilleadh sonraí agus nuashonruithe faoin gclar seo, lena n-áirítear na tacaíochtaí atá ar fáil agus conas is féidir le scoileanna iarratas a dhéanamh, ar fáil ar Item was unpublished or removed.