Molann an tAire McEntee d'iar-bhunscoileanna iarratas a dhéanamh ar chlár Dámhachtana na Scoile Barr Feabhais sa Chruthaitheacht
- Foilsithe: 9 Aibreán 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'iarr an tAire Oideachais, Helen McEntee, ar iar-bhunscoileanna ar fud na hÉireann a léirithe spéise a chur isteach i gcéim a dó den chlár 'Scoil Barr Feabhais sa Chruthaitheacht' agus an deis a thapú chun an chruthaitheacht a athbhreithniú, a mheas agus a fhorbairt laistigh dá scoil féin.
Ag tógáil ar an rath a bhí ar chéim a haon, tá léirithe spéise á lorg anois ó iar-bhunscoileanna ar mian leo páirt a ghlacadh i gcéim a dó den chlár píolótach seo um fhoghlaim ghairmiúil. Oibreoidh scoileanna i dtreo an ghradaim 'Scoil Barr Feabhais sa Chruthaitheacht 2027', agus iad ag iniúchadh teagaisc chun tacú leis an gcruthaitheacht agus ag oiriúnú timpeallachtaí foghlama chun tacú leis an gcruthaitheacht.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Oideachais, Helen McEntee:
"Tá sé mar aidhm ag clár Dámhachtana na Scoile Barr Feabhais sa Chruthaitheacht scileanna cruthaitheachta agus smaointeoireacht chruthaitheach a fhorbairt i measc na scoláirí agus feabhas a chur ar chleachtas múinteoirí agus iad ag teagasc ar mhaithe leis an gcruthaitheacht. Tá an-áthas orm a fhógairt go mbeidh deis ag suas le 16 scoil eile páirt a ghlacadh i mbliain a dó den chlár píolótach agus leas a bhaint as tacaíocht thiomnaithe chun tacú leis an gcruthaitheacht ina scoil féin.
"Tabharfar tacaíocht do cheannairí na scoileanna a ghlacann páirt sa chlár chun foghlaim a threorú agus úsáid a bhaint as Breathnú ar ár Scoil 2022: Creat Cáilíochta d'Iar-bhunscoileanna chun tuiscint chomhroinnte a fhorbairt ar an gcuma a d'fhéadfadh a bheith ar chleachtais an-éifeachtacha foghlama, teagaisc, ceannaireachta agus bainistíochta don chruthaitheacht ina scoil féin. Mholfainn do scoileanna a léirithe spéise a chur isteach féachaint cén chruthaitheacht is féidir a dhíghlasáil ina scoil féin."
Tabharfaidh Cruthaitheacht Oide agus Cigire de chuid na Roinne Oideachais tacaíocht d'iarratasóirí rathúla do chlár 2025 thar thréimhse dhá bhliain, mar chuid de ghníomhartha beartais na Roinne don Óige Ildánach. Ina theannta sin, beidh deis acu oibriú le scoileanna rannpháirteacha eile agus foghlaim ghairmiúil a roinnt leo. Féach an nasc anseo le haghaidh tuilleadh eolais.
Iarrtar ar scoileanna ar mian leo léiriú spéise a chur isteach chun páirt a ghlacadh sa chlár iarratas a dhéanamh ag an nasc thíos faoin Máirt an 6 Bealtaine:
DÉAN IARRATAS ANSEO: SCOIL BARR FEABHAIS SA CHRUTHAITHEACHT.