English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Osclaíonn an tAire McEntee próiseas iarratais do Scéim nua Oibreacha Samhraidh um Ghníomhú ar son na hAeráide

Iarratais ar oscailt Bealtaine 2025

D'fhógair an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee TD, sonraí inniu (Dé hAoine) maidir le Scéim nua Oibreacha Samhraidh ilbhliantúla um Ghníomhú ar son na hAeráide do scoileanna, a osclófar d'iarratais go luath i mí na Bealtaine.

Scéim na nOibreacha Samhraidh a tugadh ar an scéim roimhe seo, ach anois tá gné láidir aeráide ag baint léi agus cuireann sí ar chumas scoileanna tabhairt faoi oibreacha cothabhála agus feabhsúcháin ar scála beag agus meánmhéide amhail insliú, soilsiú LED, soláthar luchtairí EV agus racaí rothar, chomh maith leis an ngnáthobair chothabhála a bhaineann leis an scéim seo.

Soláthraíonn an Scéim deis thábhachtach freisin d’iar-bhunscoileanna tabhairt faoi oibreacha athchóirithe agus feabhsúcháin ar a saotharlanna eolaíochta.

Athrú eile ar an Scéim is ea go mbeidh réimse catagóirí i gceist le faomhadh maoinithe in aon bhliain ar leith seachas an gnáth-chur chuige d’aon chatagóir amháin ag an am, rud a chuideoidh le scoileanna luach ar airgead a fháil.

Éascóidh an Scéim maoiniú ilbhliantúil do scoileanna, atá ag teacht leis an ngealltanas i gClár an Rialtais go n-oibreoidh an Scéim gach bliain chun cothabháil mhaith a chinntiú ar fhoirgnimh scoile.

Dúirt an tAire Helen McEntee:

"Tá an-áthas orm a fhógairt go bhfuil an próiseas iarratais do Scéim Oibreacha Samhraidh nua um Ghníomhú ar son na hAeráide oscailte.

"Is gá go mbeadh scoileanna in ann a gcuid foirgneamh a chothabháil agus tá cinnteacht ag teastáil uathu go mbeidh an maoiniú acu chun é sin a dhéanamh.  Ina theannta sin, gheobhaidh siad saintacaíocht dá dtionscadail óna nAiltirí agus Innealtóirí.

"Táim thar a bheith sásta go gcuirfidh an ghné um ghníomhú ar son na haeráide den Scéim ar chumas scoileanna leanúint dá gcatagóir oibreacha a roghnú bunaithe ar a riachtanais áitiúla agus go ndéanfaidh siad a n-éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus a gcostais reatha a laghdú."

Príomhphointí le tabhairt faoi deara maidir leis an Scéim Oibreacha Samhraidh um Ghníomhú ar son na hAeráide:

  • Tréimhse iarratais – Iarratais ar oscailt Bealtaine 2025.  Nuair a osclófar an próiseas iarratais go luath i mí na Bealtaine, beidh go dtí an 30 Meitheamh 2025 ag údaráis scoile chun iarratais a chur isteach.
  • Catagóirí Oibreacha – Is féidir le scoileanna iarratas a dhéanamh ar cheann de na 10 gcatagóir oibreacha faoin Scéim agus tá gné láidir aeráide i ngach catagóir (amhail insliú áiléir, insliú cuasbhalla, soilsiú LED, soláthar luchtaithe EV etc.). Tá sé beartaithe go mbeidh meascán catagóirí i gceist le ceaduithe in aon bhliain ar leith seachas an ghnáthchatagóir aonair ag an am. Tá sé seo dírithe ar chumas an mhargaidh a bhainistiú agus deiseanna chun luach ar airgead a fháil a uasmhéadú d'údaráis scoile.
  • An chéad tráinse ceaduithe i R4 2025 – Tá sé beartaithe go dtabharfar fógra d'údaráis scoile i R4 2025 faoin gcéad tráinse d'iarratais rathúla lena soláthar i samhradh 2026. Cuireann sé seo tréimhse mhaith ar fáil d'údaráis scoile (le tacaíocht ghairmiúil óna nAiltire/Innealtóir) chun pleanáil, eagrú, soláthar agus seachadadh a dtionscadal a bhainistiú.
  • Feidhmíonn an Scéim ar bhonn cineachta agus tacaíocht ghairmiúil á cur ar fáil d'údaráis scoile i bhfoirm Ailtire nó Innealtóra chun seachadadh a dtionscadal a bhainistiú agus chun tacú leis.
  • Áirítear leis an Scéim oibleagáid a bheith ar scoileanna clárú le córas tuairiscithe ar líne maidir le húsáid fuinnimh trí Chumann Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI).
  • I measc na gcatagóirí oibreacha a bheidh á maoiniú ag an Scéim Oibreacha Samhraidh um Ghníomhú ar son na hAeráide tá uasghrádú dín, oibreacha leictreacha agus meicniúla, uasghrádú fuinneog, feabhsúcháin ar chreatlach scoile etc.

Athraíodh catagóiriú na dtionscadal faoin Scéim freisin tar éis athbhreithniú a dhéanamh.  Chomh maith le gné láidir aeráide a bheith ag baint le gach ceann de na gnáthchatagóirí oibreacha, cuimsíonn sé anois catagóir nua Oibreacha um Ghníomhú ar son na hAeráide a mbeidh insliú áiléir, insliú cuasbhalla, raca rothar, soilsiú LED agus soláthar um luchtú Feithiclí Leictreacha (EV) i gceist leis, de réir mar is gá.  Tarraingíonn an ghné láidir aeráide ar thaithí ó Chlár Pathfinder na Roinne Oideachais.

Is faoi gach údarás scoile atá sé an tionscadal a shainaithint a bhfuil géarghá le maoiniú ón Scéim Oibreacha Samhraidh um Ghníomhú ar son na hAeráide ina leith.  Is féidir le gach scoil iarratas a dhéanamh ar thionscadal amháin agus le tacaíocht ó Ailtire nó Innealtóir gairmiúil beidh siad freagrach as an tionscadal a sheachadadh ar bhonn cineachta. Is iondúil go ndéantar na hoibreacha le linn tréimhse saoire an tsamhraidh, rud a fhágann nach gcuirtear isteach rómhór ar fheidhmiú na scoileanna.

Mar chuid de Ghníomhú an Rialtais ar son na hAeráide, tá dualgas ar scoileanna gealltanas a thabhairt úsáid fuinnimh a thuairisciú trí chóras monatóireachta SEAI.

Beidh eolas iomlán faoin Scéim Oibreacha Samhraidh um Ghníomhú ar son na hAeráide ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag Item was unpublished or removed roimh an 31 Márta 2025 tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha.

Is féidir le scoileanna a bhfuil ceisteanna acu maidir leis an Scéim nua comhairle a lorg ar an gcéad dul síos óna gComhlacht Bainistíochta Scoile.

Leathnaíodh an t-ardán Esinet atá in úsáid ag scoileanna faoi láthair le haghaidh tuairisceáin phárolla chun iarratais ar líne ó scoileanna don Scéim Oibreacha Samhraidh um Ghníomhú ar son na hAeráide a éascú.  Meastar go mbeidh an córas Esinet oscailte d'iarratais go luath i mí na Bealtaine 2025 agus gur féidir le scoileanna iarratais a chur isteach suas go dtí an 30 Meitheamh 2025. Iarrtar ar scoileanna a thabhairt faoi deara nach nglacfaidh an Roinn le hiarratais ar pháipéar.

Notaí don Eagarthóir

Beidh an Ciorclán rialaithe ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne faoin 31 Márta 2025 tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha.

Is iad seo a leanas na 10 gcatagóir oibreacha faoin Scéim (ónar féidir le húdaráis scoile aonair tosaíocht a thabhairt do chatagóir amháin):

Catagóir Tosaíocht na catagóire Oibreacha incháilithe sa chatagóir seo
1 Oibreacha um Ghníomhú ar son na hAeráide a. Beidh insliú áiléir, insliú cuasbhalla, raca rothar agus soláthar um luchtú Feithiclí Leictreacha (EV) i gceist de réir mar is gá.
2 Gníomhú ar son na hAeráide agus Oibreacha Dín a. Is éard a bheidh i gceist leis an ngné um ghníomhú ar son na haeráide ná oibreacha aerdhíonachta gaolmhara, insliú áiléir, insliú cuasbhalla, agus soláthar raca rothar, más gá.  b. Gach tionscadal a bhaineann le hobair dhín 
3 Gníomhú ar son na hAeráide agus Oibreacha Leictreacha a. Is éard a bheidh i gceist leis an ngné um ghníomhú ar son na haeráide ná insliú áiléir, insliú cuasbhalla, soilsiú LED, raca rothar agus Soláthar um Luchtú EV, más gá. b. Gach obair leictreach seachas sábháilteacht saoil
4 Gníomhú ar son na hAeráide agus Oibreacha Meicniúla a. Is éard a bheidh i gceist leis an ngné um ghníomhú ar son na haeráide ná insliú áiléir, insliú cuasbhalla, soilsiú LED, raca rothar, Teaschaidéil agus Soláthar um Luchtú EV, más gá. b. Oibreacha seirbhísí meicniúla tógála 
5 Gníomhú ar son na hAeráide agus Saotharlanna Eolaíochta (lena n-áirítear Oibreacha Gáis) a. Is éard a bheidh i gceist leis an ngné um ghníomhú ar son na haeráide ná insliú áiléir, insliú cuasbhalla agus soláthar raca rothar, más gá. b. Oibreacha feabhsúcháin agus athchóirithe ar shaotharlanna eolaíochta agus aon oibreacha sábháilteachta gáis
6 Gníomhú ar son na hAeráide agus áiseanna Leithris a. Is éard a bheidh i gceist leis an ngné um ghníomhú ar son na haeráide ná, sna seomraí seo, insliú inmheánach balla a shuiteáil ar na ballaí seachtracha sna limistéir seo sula ndéantar earraí sláintíochta etc. a fheistiú móide insliú áiléir, insliú cuasbhalla, raca rothar agus soláthar um luchtú EV, más gá. b. Oibreacha feabhsúcháin ar áiseanna leithris
7 Gníomhú ar son na hAeráide agus Tionscadail Fuinneog a.Is éard a bheidh i gceist leis an ngné um ghníomhú ar son na haeráide ná insliú áiléir, insliú cuasbhalla, soláthar raca rothar agus oibreacha feabhsúcháin aerdhíonachta, más gá. b. Oibreacha tionscadal fuinneog
8 Gníomhú ar son na hAeráide agus Riachtanais Churaclaim (gan Saotharlanna Eolaíochta a bheith san áireamh) a. Is éard a bheidh i gceist leis an ngné um ghníomhú ar son na haeráide ná nuair atá na seomraí sin á n-athchóiriú, insliú inmheánach balla a shuiteáil ar bhallaí seachtracha sula ndéantar iad a fheistiú le troscán ionsuite etc. móide insliú cuasbhalla / áiléir ar fud na scoile agus soláthar raca rothar, más gá.

b.Oibreacha a bhaineann le riachtanais churaclaim (gan Saotharlanna Eolaíochta a bheith san áireamh)

9 Gníomhú ar son na hAeráide agus Lochtanna Creatlaí a. Is éard a bheidh i gceist leis an ngné um ghníomhú ar son na haeráide ná insliú áiléir / cuasbhalla agus soláthar raca rothar, más gá. b. Oibreacha chun aghaidh a thabhairt ar lochtanna creatlaí foirgnimh seachas díonta
10 Gníomhú ar son na hAeráide agus tionscadail timpeallachta Seachtraí Is éard a bheidh i gceist leis an ngné um ghníomhú ar son na haeráide ná insliú áiléir/ cuasbhalla, soláthar raca rothar agus d'fhéadfadh oibreacha ullmhúcháin do sholáthar um luchtú EV amach anseo a bheith san áireamh ann, más gá. b. Oibreacha feabhsúcháin ar limistéir sheachtracha na scoile