English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ar Stoirm Barra

Tá foláireamh dearg maidir le gustaí gaoithe láidre i gContae an Chláir, i gContae Chiarraí agus i gContae Chorcaí eisithe anois ag Met Éireann.

Tá foláireamh oráiste eisithe do na contaetha seo a leanas; Luimneach, Port Láirge, Gaillimh, Maigh Eo, Loch Garman, Baile Átha Cliath, An Lú, Cill Mhantáin, an Mhí.

Tá sé molta ag Met Éireann go bhfuil seans maith ann go n-athróidh an foláireamh oráiste atá ag cuid de na contaetha seo go foláireamh dearg.

De bharr láidreacht na stoirme Barra, mar atá tuartha ag Met Éireann, agus le réamhfhógra leordhóthanach a thabhairt do scoileanna agus do thuismitheoirí/caomhnóirí, tá sé molta ag an Roinn Oideachais nár chóir d’aon scoil, atá clúdaithe ag foláireamh dearg nó ag foláireamh oráiste ó Met Éireann, a oscailt amárach an 7ú Nollaig, ar mhaithe sláinte an phobail scoile.

Ní mór do scoileanna a choinneáil ar an eolas faoi rabhaidh aimsire reatha atá ar fáil ar gach feasachán nuachta áitiúil agus náisiúnta, agus aon athrú ar an stádas a bhaineann lena gceantar féin ach go háirithe.