Reáchtáladh an seachtú cruinniú den Ghrúpa Comhairleach um Pleanáil do na Scrúduithe Stáit in 2021
- Foilsithe: 30 Meitheamh 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Inniu (Dé Céadaoin an 30 Meitheamh 2021) d’óstáil an Roinn Oideachais an seachtú cruinniú den ghrúpa comhairleach de pháirtithe leasmhara um pleanáil do na Scrúduithe Stáit in 2021.
Sa ghrúpa sin tá ionadaithe scoláirí, tuismitheoirí, múinteoirí, comhlachtaí ceannaireachta agus bainistíochta scoile, Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS), an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta agus an Roinn Oideachais, lena n-áirítear an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais.
Ag cruinniú an lae inniu, fuair an grúpa an t-eolas is déanaí maidir leis na Scrúduithe Stáit in 2021 agus le próiseas na nGrád Creidiúnaithe agus cuireadh na pleananna do Scrúduithe na hArdteistiméireachta agus na Sraithe Sóisearaí in 2022 in iúl dó.
I ndiaidh an chruinnithe, d'fhógair an tAire Foley go ndéanfaí coigeartuithe ar na socruithe measúnaithe do scoláirí a mbeidh na scrúduithe Stáit á ndéanamh acu in 2022, chun an cur isteach ar a gcuid foghlama mar thoradh ar phaindéim COVID-19 a chur san áireamh. Beidh leibhéal an choigeartaithe ar aon dul leis sin a cuireadh i bhfeidhm leis na Socruithe Measúnachta do na Scrúduithe Teastais 2021, faoi mar a fógraíodh iad i mí na Nollag 2020.
Foilseofar doiciméad leasaithe i mí Iúil, ina mbeidh athruithe chun ábhar siollabais a bhaineann go sonrach leis na Scrúduithe Stáit in 2022 a léiriú. Tá an doiciméad a foilsíodh i mí na Nollag 2020 ar fáil anseo.
Tugann na hathruithe a chuirfear i bhfeidhm deis do scoláirí an leas is fearr is féidir a bhaint as a gcumais mar go bhfágtar gan athrú an struchtúr foriomlán scrúduithe a bhfuil cleachtadh acu air, agus go gcuirtear rogha bhreise ar fáil do scoláirí sna scrúduithe ag an am céanna.
Ní bheidh aon athrú ar fhad na scrúduithe scríofa.
Tá sé i gceist go ndéanfar sraith eile de scrúduithe Ardteistiméireachta a reáchtáil in 2022, go gairid i ndiaidh phríomhshraith na scrúduithe. Beidh na scrúduithe sin teoranta do scoláirí áirithe nach bhfuil ábalta an phríomhshraith scrúduithe a dhéanamh mar gheall ar bhás garghaoil, ar thinneas COIVID 19 agus ar chatagóirí eile de thinnis throma atá le cinneadh.
Eiseoidh CSS tuilleadh sonraí maidir le scrúduithe 2022, agus beidh na socruithe go léir faoi threoir ag an gcomhairle sláinte poiblí a bheidh ann ag an am. Déanfar tuilleadh plé leis na páirtithe leasmhara roimhe sin.
Ní bheidh an dara suí de Scrúduithe na Sraithe Sóisearaí ann.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Foley:
“Bhí bliain dheacair ag na scoláirí atá ag dul isteach sa bhliain deiridh den Ardteistiméireacht, agus tá sé tábhachtach go dtabharfaí aitheantas dó sin.
“Táim muiníneach go n-aithnítear sna coigeartuithe a rinneadh inniu an cur isteach a rinne paindéim COVID-19 ar na scoláirí sin, agus chomh maith leis sin go bhfuil siad i gcomhréir le heispéireas agus le caillteanas foghlama na scoláirí, agus go bhfuil siad oiriúnach ó thaobh an oideachais.
“Tá áthas orm go raibh guth na scoláirí, na dtuismitheoirí agus na múinteoirí mar chuid den phróiseas seo a bhain leis na socruithe don tSraith Shóisearach agus don Ardteistiméireacht in 2022 a phlé, agus tá áthas orm an tsoiléireacht seo a chur ar fáil do rang 2022.”
Nótaí d’Eagarthóirí:
Beidh na coigeartuithe ar na socruithe measúnaithe do 2022 ar aon dul leis na coigeartuithe a fógraíodh i mí na Nollag 2020 do scoláirí a bhí chun scrúduithe na Sraithe Sóisearaí agus na hArdteistiméireachta a dhéanamh in 2021. Socraíodh ar na coigeartuithe trí phlé idir an Roinn Oideachais, Coimisiún na Scrúduithe Stáit agus an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta agus na príomhpháirtithe leasmhara. Rinneadh iad roimh an dara tréimhse de dhúnadh scoileanna a tharla idir mí Eanáir agus mí an Mhárta 2021.
De bhrí go gcuireann an laghdú a tháinig ar an bhfoghlaim de bharr dúnadh scoileanna isteach ar rannpháirtíocht scoláirí ina gcúrsa staidéir ar bhealaí éagsúla, tugann na hathruithe atá le cur i bhfeidhm deis do scoláirí an leas is fearr is féidir a bhaint as a gcumais mar go bhfágtar gan athrú an struchtúr scrúduithe foriomlán a bhfuil cleachtadh acu air, agus go gcuirtear rogha bhreise ar fáil ag an am céanna.
Déanfar na hathruithe agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabail an chothromais, na cothroime agus an ionracais, faoi mar a bhaineann na prionsabail le comparáidí scoláire le scoláire, ábhar le hábhar, agus bliain le bliain.