Síneadh le modúl samplóra teangacha bunscoile “Cuir Fáilte roimh Theangacha” le haghaidh 2022/23 fógartha ag an Aire Foley agus fáilte curtha aici roimh iarratais ó bhunscoileanna
- Foilsithe: 19 Aibreán 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Oideachais, Norma Foley, inniu go mbeadh síneadh le modúl samplóra teangacha bunscoile “Cuir Fáilte roimh Theangacha” le haghaidh bliain bhreise agus thug sí cuireadh do bhunscoileanna iarratas a chur isteach ar rannpháirtíocht sa mhodúl.
Méadófar fad an mhodúil in 2022/23 ó sé seachtaine go hocht seachtaine. Méadófar an deontas do scoileanna rannpháirteacha freisin ó €400 in aghaidh an ranga suas go huasmhéid €1,600.
Tá an modúl dírithe ar Rang 3 go Rang 6 agus is féidir leis an scoil a rogha teanga a roghnú ag brath ar a déimeagrafaic agus ar chomhthéacs na scoile. D’fhéadfaí modúl 2022/23 a úsáid chun tacú le himeascadh daltaí nua atá díreach tar éis teacht ón Úcráin chuig ár scoileanna trí Úcráinis a aithint mar cheann amháin de na teangacha sa seomra ranga nó trí roghnú chun Úcráinis a theagasc le haghaidh fhad an mhodúil. Áiríodh le teangacha a roghnaíodh in 2021/22 Fraincis, Spáinnis, ISL (Teanga Chomharthaíochta na hÉireann), Gearmáinis, Iodáilis, Mandairínis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Araibis agus Tamailis
Dúirt an tAire Foley:
“Tá mé thar a bheith sásta le freagairt ár scoileanna ar an modúl in 2021/22. Chuir níos mó ná 500 scoil fáilte mhór agus dhearfach roimhe. Bhí an deis ag níos mó ná 40,000 dalta chun foghlaim agus chun spraoi a bheith acu trí raon teangacha, agus doirse á n-oscailt dóibh ar na teangacha a úsáideann a gcomhscoláirí.
“Rinne mé an clár a shíneadh go hocht seachtaine agus ba mhaith liom fiú níos mó scoileanna ag glacadh páirt ann i mbliana. Is buntáiste ollmhór é dár bpáistí agus dár ndaoine óga chun bheith ábalta teanga iasachta a labhairt agus chun foghlaim faoi chultúir eile. Tugtar deis uathúil dóibh tríd an gclár seo tairbhe a bhaint as foghlaim teangacha iasachta ag aois óg.
“Is gné thábhachtach é an modúl dár straitéis um theangacha iasachta a bhfuil mar aidhm aici líon na ndaltaí a mhéadú a dhéanann staidéar ar theangacha iasachta ar gach leibhéal. Is mian linn na scileanna a thabhairt dár ndaltaí a bheidh de dhíth orthu chun maireachtáil sa saol ar leibhéal domhanda, agus tugtar ní hamháin scil dár ndaltaí le teanga iasachta ach tugtar rochtain níos leithne agus tuiscint dóibh ar raon leathan de chultúir.”
Is féidir leis an múinteoir ranga sa scoil nó duine arna shainaithint ag an scoil mar theagascóir oiriúnach (mar shampla, múinteoir teanga / cúntóir teanga iasachta in iar-bhunscoil áitiúil nó ball an phobail atá líofa sa teanga roghnaithe, mar shampla, tuismitheoir, a chomhlíonann critéir na scéime) an modúl samplóra teangacha bunscoile a sholáthar.
Soláthróidh Teangacha Iar-bhunscoile Éireann (PPLI) oiliúint don mhúinteoir/theagascóir agus soláthróidh siad na hacmhainní agus tacaíochtaí riachtanacha uile do na scoileanna a sholáthróidh an modúl.
Tá faisnéis bhreise faoi na hacmhainní atá ar fáil ar shuíomh gréasáin PPLI.
Tá sonraí breise faoin modúl ar fáil iGCiorclán anseo.
Iarratas a dhéanamh: Is é an dáta deiridh le haghaidh foirmeacha iarratais chomhlánaithe a fháil 5in an 11 Bealtaine 2022.
Nótaí d’Eagarthóirí
Rinneadh an modúl samplóra teangacha bunscoile 2021/22 “Cuir Fáilte roimh Theangacha” a fheidhmiú go céimneach i dtimpeall 500 bunscoil i dtrí chéim ó Mhí na Samhna 2021. Roghnaigh scoileanna 11 teanga: Araibis, Fraincis, Gearmáinis, ISL (Teanga Chomharthaíochta na hÉireann), Iodáilis, Liotuáinis, Mandairínis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, agus Tamailis.
Is é aidhm an mhodúil:
- feasacht a ghiniúint i measc daltaí faoi raon na dteangacha a úsáideann a bpiaraí lena n-áirítear Teanga Chomharthaíochta na hÉireann, ina scoileanna agus ina bpobail, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chuidiú le tacú le hionchuimsiú níos mó agus tuiscint níos mó ar éagsúlacht sa tsochaí
- roghnú teangacha ar leibhéal iar-bhunscoile a spreagadh
- deiseanna a chur ar fáil maidir le leibhéil chomhoibrithe mhéadaithe i measc phobal na scoile maidir le teangacha agus cultúir a cheiliúradh
- tacaíocht a thabhairt do chur i bhfeidhm Languages Connect Straitéis na hÉireann um Theangacha Iasachta san Oideachas 2017–2026.
Is é an deontas a bheidh ar fáil do scoileanna a ghlacann páirt i modúl 2022/23:
Seomra ranga amháin ag glacadh páirt, €400
2 sheomra ranga, €800
3 sheomra ranga, €1,200
4 seomra ranga nó breis is sin, €1,600
Is féidir an deontas a úsáid chun an múinteoir/teagascóir seachtrach a íoc nó nuair a chuireann an múinteoir ranga an modúl ar fáil, bainfear úsáid as chun acmhainní breise a mhaoiniú nó chun gníomhaíochtaí eile a mhaoiniú a thacaíonn le haidhmeanna an mhodúil.
Déanfar an modúl a fheidhmiú go céimneach le haghaidh ocht seachtaine chomhleanúnacha – uair amháin sa tseachtain den am ranga normálta.
Cuirfidh Teangacha Iar-bhunscoile Éireann (PPLI) oiliúint agus acmhainní ar fáil.
Tá faisnéis bhreise agus acmhainní ar fáil ar shuíomh gréasáin PPLI anseo.
Tá sonraí faoin modúl ar fáil i gCiorclán anseo anseo.
Roghnófar scoileanna bunaithe ar na nithe a leanas:
Níl rannpháirtíocht ráthaithe do gach scoil a chuireann iarratas isteach, agus bunóidh an Roinn/PPLI painéal chun iarratais a mheasúnú bunaithe ar na critéir a leanas:
- foirm iarratais chomhlánaithe arna cur isteach faoin spriocdháta
- éagsúlacht sna sprioctheangacha ar a ndearnadh iarratas
- tá acmhainní foirne inmheánaí ag an scoil chun an modúl a sheachadadh
- tá an scoil in ann sonraí teagmhála an mhúinteora/an teagascóra a sholáthar
- chomhlíon an scoil riachtanais an chláir roimhe seo agus chuir sí aiseolas ar fáil de réir mar a iarradh uirthi
- is féidir leis an scoil sonraí a sholáthar mar thaca lena hiarratas chun an dóigh a ndéanfaidh sí an teanga roghnaithe a scaipeadh agus a chur chun cinn a thabhairt chun suntais
- tá an scoil tiomanta don mhúinteoir/don teagascóir agus do mhúinteoirí óstála a spreagadh chun páirt a ghlacadh in oiliúint
- tá an scoil tiomanta d’aiseolas a sholáthar agus do chuairteanna ar an scoil a éascú
- tiomantas chun an modúl a sholáthar laistigh de frámaí ama sonraithe agus do líon iomlán na n-uaireanta
- tiomantas chun cumarsáid a dhéanamh le PPLI
Déanfaidh an Roinn iarracht chun a chinntiú go mbeidh raon geografach scoileanna ann mar aon le raon de chomhthéacsanna scoile agus na hiarratasóirí rathúla á dtabhairt chun críche. Déanfar scoileanna a mheasúnú ar bhonn na gcritéar thuas.
Cuirfear in iúl do na scoileanna a roghnófar chun páirt a ghlacadh sa chlár a luaithe is féidir roimh an 30 Meitheamh 2022.