English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Byrne acmhainní nua le tacú le soláthar Corpoideachais trí Ghaeilge

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 12 Meán Fómhair 2024
  • An t-eolas is déanaí: 23 Meán Fómhair 2024

Inniu (12 Meán Fómhair), is é an tAire Stáit Spóirt, Corpoideachais agus na Gaeltachta, Thomas Byrne TD, a sheol bailiúchán acmhainní atá forbartha ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelsclaíochta (COGG) le tacú le soláthar an Chorpoideachais trí Ghaeilge i mbunscoileanna a mhúineann trí mheán an Bhéarla.

D’fhorbair COGG na hacmhainní nua seo – Corpoideachais trí Ghaeilge - ag tarraingt ar thorthaí tionscadal trí bliana a bhain le Foghlaim Chomhthaite Ábhar agus Teangacha (FCÁT) agus tá siad ar fail saor in aisce do na scoileanna uile ar shuíomh gréasáin COGG.

Dúirt an tAire Byrne: “Is cúis áthais dom na hacmhainní seo a sheoladh inniu agus tá mé ag iarraidh ar na bunscoileanna go léir úsáid a bhaint as na hacmhainní nua ceannrodaíocha iontacha seo le tacu le múineadh agus foghlaim na Gaeilge trí Chorpoideachas ina scoil. An tionscnamh – Corpoideachas trí Ghaeilge – soláthraíonn sé cur chuige nua ceannrodaíoch chun feabhas a chur ar fhoghlaim na Gaeilge i measc páistí mar go gcuireann sé eispéireas foghlama níos tarraingtí agus níos taitneamhaí chun cinn.”

Le trí bliana anuas, bhí an Roinn Oideachais in éineacht le COGG agus Oide, ag obair le níos mó agus níos mó bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna chun an cur chuige FCÁT a leabú maidir le foghlaim teangacha. Is céad chéim iad na hacmhainní seo – Corpoideachas trí Ghaeilge - do scoileanna ar an turas FCÁT.

Dhear COGG an pacáiste acmhainní seo le cabhrú le múinteoirí na naíonán sóisearach agus sinsearach múineadh na Gaeilge a chomhthathú le luthchleasaíocht sa rang Corpoideachais. An bhliain seo chugainn, forbrófar acmhainní breise le tacú le múinteoirí i soláthar Corpoideachais trí Ghaeilge do rang a haon agus rang a dó de réir mar a aistríonn na naíonáin shóisearacha agus shinsearacha ar aghaidh tríd an scoil. Cinnteoidh seo go mbeidh tuiscint níos fearr ag na daltaí ar fhoghlaim na Gaeilge agus go mbainfidh siad níos mó suilt aisti.

Nótaí don Eagarthóir:

Thosaigh an Roinn Oideachais, in éineacht le COGG, Oide agus páirtithe leasmhara eile, ar thionscadal píolótach Gaeilge trí bliana FCÁT in 2019 a críochnaíodh i samhradh 2024 (bhí moill air de bharr COVID). Tugadh faoi dhá thionscadal FCÁT eile, ceann a rinne an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige don Ghaeilge ag an leibhéal a bhain le Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige, agus ceann a rinne Teangacha Iar-bhunscoile Éireann (PPLI) i bpáirt le Roinn na Nuatheangacha Iasachta in Ollscoil Mhá Nuad.

Cuireann Foghlaim Chomhthaite Ábhar agus Teangacha (FCÁT) modh ar fáil le gnéithe den churaclam a sholáthar trí theanga nach meán teagaisc í sa scoil. Cé nach ionann FCÁT agus tumoideachas, tá solúbthacht agus deiseanna inti le haghaidh cur chuige a dhíríonn níos mó ar fhoghlaim agus ar theagasc na sprioctheanga (an Ghaeilge sa chás seo) i scoileanna a mhúineann trí mheán an Bhéarla. Is í aidhm FCÁT an curaclam a mhúineadh trí theanga eile agus é ag díriú 50/50 ar an ábhar agus ar an teanga.

Bhí an tionscadal píolótach FCÁT bunaithe ar thaighde anseo agus rinne Grúpa Stiúrtha maoirseacht air, grúpa ina raibh ionadaithe ón tríú leibhéal agus ó eagraíochtaí Gaeilge.

Thar thréimhse trí bliana, ghlac 56 bunscoil agus 5 iar-bhunscoil páirt i dtionscadal píolótach FCÁT na Gaeilge. Chuir Oide oiliúint agus tacaíocht leanúnach ar fáil. Ag leibhéal na bunscoile, thacaigh FCÁT le snáitheanna Corpoideachais agus Mata, agus ag leibhéal na hiar-bhunscoile, thacaigh FCÁT le réimse ábhar, Tíreolaíocht, Mata, Eacnamaíocht Bhaile, Corpoideachais, Eolaíocht agus Oideachas Reiligiúin.

I ndiaidh próiseas léiriú spéise, léirigh 101 bunscoil eile agus 13 iar-bhunscoil eile go mbeadh spéis acu i bpáirt a ghlacadh in FCÁT in 2024/25.

Tá réimse leathan acmhainní FCÁT forbartha mar chuid den tionscadal píolótach a bhaineann le FCÁT agus tá siad ar fáil ar leathanach gréasáin a dhíríonn go hiomlán ar FCÁT anseo.

Aidhmeanna FCÁT:

• Méadaíonn sé teagmháil na bhfoghlaimeoirí leis an nGaeilge mar go mbíonn níos mó teagmhála acu leis an nGaeilge mar mheán cumarsáide agus teagaisc i gcomthéacsanna cearta taobh amuigh de cheachtanna Gaeilge

• Tacaíonn sé le forbairt inniúlachtaí ardoird cognaíocha agus cruthaitheacha na bhfoghlaimeoirí

• Baineann sé leas as deiseanna chun teanga a shealbhú agus ábhar a fhoghlaim agus iad a chomhtháthú i réimsí eile curaclaim

• Méadaíonn sé réimse oideolaíoch múinteoirí Gaeilge agus ábhair eile

• Leathnaíonn sé buntaistí an dátheagachais taobh amuigh d’earnáil na Gaeilge.

I gcás daltaí, seo roinnt de na buntáistí a bhaineann le FCÁT:

• Tá spreagadh níos fearr agus eolas níos fearr acu i gcás na Gaeilge agus an ábhair

• Tá scileanna níos fearr acu i scileanna cognaíocha ar nós smaointeoireacht chriticiuil agus smaointeoireacht ardoird

• Forbraíonn FCÁT a bhfeasacht chultúrtha agus a n-eolas cultúrtha

• Forbraíonn FCÁT a straitéisí foghlama agus cumarsáide

I gcás múinteoirí, seo roinnt de na buntáistí a bhaineann le FCÁT:

• Méadaíonn sé deiseanna d’fhorbairt ghairmiúil áit a méadóidh oiliúint tuiscint na múinteoirí ar an gcur chuige FCÁT, ar na prionsabail atá mar bhonn faoi FCÁT, in éineacht le oideolaíochtai eile a bhaineann le múineadh teangacha

• Tá deiseanna ann do níos mó comhoibrithe le comhghleacaithe taobh istigh dá n-áit /scoil féin, chomh maith le cleachtóirí/ múinteoirí ó áiteanna eile agus ó scoileanna eile.

• Tá leibhéil speagtha níos airde thart ar fhoghlaim na Gaeilge i measc foghlaimeoirí ina seomraí ranga