Seolann an tAire Foley feidhmiú céimneach ábhair nua na Sraithe Sinsearaí maidir le Léann na Drámaíochta, na Scannánaíochta agus na hAmharclannaíochta, agus Gníomhú ar son na hAeráide agus Inbhuanaitheacht
- Foilsithe: 11 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Sheol an tAire Oideachais, Norma Foley, an dá ábhar nua don tSraith Shinsearach inniu: Léann na Drámaíochta, na Scannánaíochta agus na hAmharclannaíocht na hArdteistiméireachta;agus Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe.
Tar éis gairm ar iarratais níos luaithe i mbliana, roghnaíodh 57 scoil Chéim a hAon chun Léann na Drámaíochta, na Scannánaíochta agus na hAmharclannaíochta a thabhairt isteach, agus 43 scoil chun Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe a thabhairt isteach ó scoilbhliain 2025/26.
Is tráth tábhachtach é an seoladh seo i gClár Athfhorbartha na Sraithe Sinsearaí agus i bhfís an Aire do Shraith Shinsearach a thugann deis do dhaoine óga staidéar a dhéanamh ar réimse ábhar atá ag teacht lena gcuid buanna agus lena n-ábhar spéise.
Déanfaidh Léann na Drámaíochta, na Scannánaíochta agus na hAmharclannaíochta an chruthaitheacht a chur chun cinn agus a spreagadh mar bhunús don fhoghlaim trí eispéiris thumtha. Beidh deis ag an scoláire smaointeoireacht eolasach a chothú trí fhoghlaim a fhaigheann tacaíocht ó phróisis chruthaitheacha agus chriticiúla.
Forbróidh Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe cumas an scoláire chun gníomhú go feasach agus go fóinteach do dhomhan cóir inbhuanaithe agus iad ag dul i ngleic le príomhdhúshláin inbhuanaitheachta lena n-áirítear an ghéarchéim aeráide. Déanfar scoláirí a chumasú chun cur lena dtuiscint ar roinnt croíchoincheapa agus bunphrionsabail idirnasctha a bhaineann le gníomhú ar son na haeráide agus forbairt inbhuanaithe.
Ag an ócáid seolta in Institiúid Scannán na hÉireann an tráthnóna seo, dúirt an tAire Foley:
"Tá na hábhair seo á dtabhairt isteach chun rogha níos fearr a chur ar fáil do scoláirí sa tsraith shinsearach agus chun deis a thabhairt do scoláirí a n-inniúlachtaí agus a bhfoghlaim a léiriú i réimsí nua curaclaim.
"Tá Ambasadóirí agus gníomhaithe Óige na Náisiún Aontaithe, Alicia Joy O'Sullivan agus Mohammad Naeem, agus Eimear Manning, Oifigeach Forbartha Óige agus Ceartais Aeráide ag Comhairle Náisiúnta na nÓg linn inniu. Tá a fhios agam go dtabharfaidh siad ar fad a ndearcadh suimiúil féin mar ghníomhaithe atá ag plé le gníomhú ar son na haeráide agus go spreagfaidh siad ár gcuid scoláirí chun smaoineamh ar an méid a d'fhéadfaidís a dhéanamh amach anseo.
"Ag cabhrú linn na hábhair nua a sheoladh inniu tá Colm Bairéad agus Cleona Ní Chrualaoi, scannánóirí aitheanta taobh thiar den Chailín Ciúin, agus Dearbhla Walsh, stiúrthóir a bhfuil gradaim buaite aici. Tá áthas ar leith orm fáilte a chur roimh Alisha Weir, aisteoir óg Éireannach a mbeidh aithne againn ar fad uirithi ó Matila the Musical, agus a bhfuil mórán éachtaí bainte amach aici chomh maith le tionscadail spreagúla a bheith amach roimpi.
"In Éirinn, tá clú agus cáil orainn ar fud an domhain as an méid atá déanta againn leis na healaíona agus tá súil agam go gcabhróidh an t-ábhar nua seo, Léann na Drámaíochta, na Scannánaíochta agus na hAmharclannaíochta, le scoláirí machnamh a dhéanamh ar ghairmeacha i dtionscal na n-ealaíon. Agus cá bhfios, b'fhéidir go mbeidh oícheanta glórmhara ag cuid de scoláirí an ábhair seo ag Gradaim na nOscar sna blianta seo amach romhainn."
Dúirt an tAire Foley gur céim an-tábhachtach freisin in athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí is ea Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe a thabhairt isteach:
"Tá sé feicthe againn go léir le blianta beaga anuas conas a bhí scoláirí scoile rannpháirteach i ngníomhartha agus á dtreorú chun aghaidh a thabhairt ar athrú aeráide agus chun inbhuanaitheacht a chur chun cinn. Mar is iondúil, tá sé de fhreagracht orainn ár gcuid scoláirí a chothú agus a spreagadh chun leanúint ar aghaidh ag cur le réitigh atá á gceapadh chun ár ndomhan a chosaint.
"Léirigh na hiarratais a fuair scoileanna ar spéis leo a bheith sa chéad chéim de scoileanna chun an dá ábhar nua seo a thabhairt isteach dá gcuid scoláirí arís eile, an tallann, na cáilíochtaí, an taithí agus an tiomantas iontach atá ag múinteoirí i scoileanna ar fud na hÉireann. Bhí leibhéal agus éagsúlacht an tsoláthair reatha do na hábhair sna scoileanna roghnaithe agus an díograis a léirigh a gceannairí scoile, múinteoirí, scoláirí agus pobail scoile thar a bheith eiseamláireach agus táim muiníneach go n-éireoidh le feidhmiú céimneach an dá ábhar. Tá áthas orm go mbeidh na scoláirí sna 100 iar-bhunscoil ar fud na tíre ag fáil taithí ar Léann na Drámaíochta, na Scannánaíochta agus na hAmharclannaíochta nó ar Ghníomhú ar son na hAeráide agus ar Fhorbairt Inbhuanaithe sa tSraith Shinsearach sa chéad chéim seo agus go mbeidh deis acu a gcuid foghlama a fhorbairt sa dá réimse nua seo."
Nótaí don eagarthóir
Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí
I 2022, leag an tAire amach clár uaillmhianach d'athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí, faoi threoir físe do Shraith Shinsearach a sholáthraíonn "cothromas agus barr feabhais do chách."
Tá an clár bunaithe ar Thuarascáil Chomhairleach na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ar an athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach, chomh maith le taithí scoláirí na hArdteistiméireachta, éileamh méadaithe ar athrú agus taithí agus dearcthaí idirnáisiúnta.
D'fhógair an tAire Oideachais ar an 20 Meán Fómhair 2023 go raibh dlús á chur leis an gclár, lena n-áirítear tabhairt isteach sonraíochtaí athbhreithnithe do sheacht n-ábhar san Ardteistiméireacht bhunaithe (Bitheolaíocht, Fisic, Ceimic, Araibis, Laidin, Sean-Ghréigis agus Gnó) i scoileanna ó scoilbhliain 2025/26 ar aghaidh.
Mar chuid de na forbairtí claochlaitheacha seo tá tabhairt isteach an dá ábhar nua don tSraith Shinsearach, mar atá Léann na Drámaíochta, na Scannánaíochta agus na hAmharclannaíochta, agus Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe.
San áireamh i ngach ceann de na sonraíochtaí ábhair nua agus athbhreithnithe seo beidh comhpháirteanna breise measúnaithe (AACanna) nach gnáthscrúdú scríofa iad, a mbeidh 40% ar a laghad de na marcanna atá ar fáil ag gabháil leo agus déanfaidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) measúnú seachtrach orthu.
Is éard atá san AAC i nGníomhú ar son na hAeráide agus i bhForbairt Inbhuanaithe ná Tionscadal Gníomhaíochta a thugann deis do scoláirí tuiscint níos doimhne a fhorbairt ar na coincheapa agus na prionsabail a d'fhoghlaim siad le linn an chúrsa, agus ag an am céanna leas a bhaint as na straitéisí praiticiúla agus an smaointeoireacht a d'fhorbair siad chun foghlaim conas gníomhú i réimse an Ghníomhaithe ar son na hAeráide agus na Forbartha Inbhuanaithe. Is fiú 40% de na marcanna atá ar fáil san ábhar an Tionscadal Gníomhaithe.
Is éard atá san AAC i Léann na Drámaíochta, na Scannánaíochta agus na hAmharclannaíochta na Tionscadal um Chruthaitheacht sa Chleachtas ina bhfreagróidh an scoláire do choimre coiteann chun píosa scannánaíochta nó amharclannaíochta a fhorbairt agus a chruthú, i gcomhar leis na hábhair réamhléirithe ábhartha. Beidh 50% de na marcanna atá ar fáil don ábhar ag gabháil leis an Tionscadal um Chruthaitheacht sa Chleachtas.
Tabharfar an dá ábhar nua isteach i scoileanna ar bhonn céimnithe ó thús scoilbhliain 2025/26.
Tar éis gairm oscailte a chur ar scoileanna ar iarratais i mí Aibreáin 2024, roghnaíodh 57 scoil chun Léann na Drámaíochta, na Scannánaíochta agus na hAmharclannaíochta a thabhairt isteach, agus 43 scoil chun Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe a thabhairt isteach. Sa roghnú deiridh de 100 scoil, cuireadh san áireamh cineálacha scoile, suíomh, méid, stádas DEIS agus aicmiú Gaeilge, rud a chinntigh go léiríonn an roghnú deiridh comhdhéanamh leathan na scoileanna ar fud na hÉireann a rinne iarratas le bheith mar chuid den phróiseas.
Tá tabhairt isteach na n-ábhar nua ar bhonn céimnithe ar fud an 100 scoil seo ag teacht leis an gcur chuige maidir le Corpoideachas (PE) agus Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta a thabhairt isteach le blianta beaga anuas.
Tacóidh Oide, an tseirbhís tacaíochta do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile, le clár leathan d'Fhoghlaim Ghairmiúil Múinteoirí, ag tosú i scoilbhliain 2024/25, leis na hábhair nua seo a thabhairt isteach.