English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Foley Ráiteas Beartais um Oideachas Tosaigh Múinteoirí

Inniu, d’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD foilsiú an Ráitis Beartais um Oideachas Tosaigh Múinteoirí: Ag machnamh ar dheich mbliana d’athrú agus ag cruthú fís don todhchaí. Sa ráiteas beartais déantar machnamh ar thréimhse shuntasach athraithe ó thaobh soláthar oideachas tosaigh múinteoirí (OTM) in Éirinn agus leagtar amach fís don oideachas tosaigh múinteoirí go dtí 2030.

Baineann an ráiteas polasaí leas as próiseas cuimsitheach comhairliúcháin le raon páirtithe leasmhara, lena n-áirítear lucht déanta beartas, institiúidí ardoideachais a sholáthraíonn OTM, comhlachtaí bainistíochta, ceardchumainn, mic léinn, múinteoirí agus grúpaí tathanta éagsúla i réimsí an chuimsithe agus riachtanais speisialta oideachais, mar aon le hathbhreithniú ar thaighde ábhartha a rinneadh le déanaí, chun a fhís a fhorbairt:

Beidh taithí faighte ag gach múinteoir faoi oiliúint in Éirinn ar oideachas tosaigh múinteoirí ar ardchaighdeán, laistigh d’ionaid sármhaitheasa ollscoil-threoraithe, chun na hinniúlachtaí bunúsacha agus na heispéiris foghlama a thabhairt dóibh a chabhróidh leo fáiltiú roimh na dúshláin atá ag síorathrú ó thaobh tacú le gach foghlaimeoir san 21ú haois agus cleachtas machnamhach, comhoibriú gairmiúil, taighde, cruthaitheacht agus folláine mar bhonn aige seo.

.

Dúirt an tAire Foley:

“Tá cáilíocht an teagaisc sa seomra ranga ríthábhachtach don taithí a bhíonn ag leanbh agus ag duine óg ar scoil. Tá cuimhne againn go léir ar mhúinteoirí inspioráideacha, a ndeachaigh a dtionchar agus a ndíograis i bhfeidhm ar ár bhfoghlaim, a chuidigh lenár ngnóthachtáil, agus a raibh tionchar láidir acu go minic ar ár roghanna gairme agus saoil.

“Tá an-ádh ar fad orainn go bhfuil múinteoirí sároilte, díograiseach agus tiomanta againn in Éirinn. Is mór an tairbhe é seo dár leanaí agus dár ndaoine óga agus dár sochaí i gcoitinne. Caithfimid leanúint orainn ag infheistiú i gcáilíocht ár ngairme, agus is céim ríthábhachtach chuige sin é an t-oideachas tosaigh múinteoirí.

“Cuireann an ráiteas beartais seo fís uaillmhianach mo Roinne don oideachas tosaigh múinteoirí i láthair. Leagtar amach ár dtiomantas chun a chinntiú go mbeidh na scileanna ag múinteoirí faoi oiliúint ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal chun tacú lenár leanaí agus ár ndaoine óga go léir mar fhoghlaimeoirí sna blianta atá le teacht. Tugtar aitheantas don dul chun cinn atá déanta trí chreidiúnú clár na Comhairle Múinteoireachta agus an t-athchóiriú struchtúrach atá leabaithe sa chóras le deich mbliana anuas, mar aon leis na gníomhaíochtaí chun dul i ngleic le dúshláin a bhain le soláthair múinteoirí agus COVID-19.

“Táim faoi chomaoin ag an tiomantas don cháilíocht a léirítear ar fud na hearnála: iad siúd in institiúidí ardoideachais a sholáthraíonn OTM; múinteoirí, scoileanna agus páirtithe leasmhara eile a thacaíonn le socrúchán scoile; agus, go ríthábhachtach, na múinteoirí éirimiúla agus díograiseacha a thugann faoin chéad ghlúin eile a theagasc.

“Is é an cuspóir uileghabhálach atá agam agus an ráiteas seo á fhorbairt ná cáilíocht fhoriomlán oideachas tosaigh múinteoirí in Éirinn a fheabhsú trí bhearta praiticiúla a fheabhsóidh an fhianaise atá ar fáil agus a bhreiseoidh an comhoibriú láidir atá san earnáil cheana féin. Cinnteoidh sé seo go mbeidh na scileanna riachtanacha ag ár múinteoirí nua-cháilithe chun tacú leo agus iad ag tabhairt faoi dhaltaí agus scoláirí a spreagadh, a shaibhriú agus a ullmhú le go n-éireoidh leo sa saol.

Dúirt an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta Simon Harris TD:

“Tá soláthar oideachas tosaigh múinteoirí ar ardchaighdeán ar cheann de mhórán bealaí ina gcuidíonn ár n-institiúidí ardoideachais lenár n-uaillmhianta mar náisiún a bhaint amach. Cruthóidh an cur chuige uile-Rialtais atá beartaithe leis an ráiteas beartais seo scóip do chomhoibriú feabhsaithe ag an leibhéal praiticiúil.”

Dúirt an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige Roderic O’Gorman TD:

“Tá an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige tar éis sraith athruithe struchtúrtha agus beartais an-suntasach a threorú san earnáil luathfhoghlama agus cúraim in Éirinn, agus tá pleananna leagtha amach in An Chéad 5 agus Scileanna a Chothú d'athchóirithe breise sna blianta atá le teacht. Ailínithe leis an obair seo, aithníonn an ráiteas beartais, mar is cóir, an tábhacht a bhaineann le haistrithe dearfacha ón luathfhoghlaim agus cúram go dtí an scoil, agus gealltar naisc a neartú idir oideachas tosaigh múinteoirí agus oiliúint oideoirí luathbhlianta.”

Dúirt Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, Lynn Ramsey:

“Aithnítear sa ráiteas polasaí an obair shuntasach atá ar idir lámha, de réir mar a leantar leis an dara timthriall iomlán creidiúnaithe faoi Céim: Caighdeáin d’Oideachas Tosaigh Múinteoirí na Comhairle Múinteoireachta. Leanfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta ag obair go dlúth leis an Roinn Oideachais chun na gníomhartha sa phlean feidhmithe a chur chun cinn.”

Aithnítear sa ráiteas beartais go bhfuil OTM mar chéad chéim ar chontanam oideachas múinteoirí agus tugtar aitheantas don tiomantas do shármhaitheas ó gach duine atá bainteach le múinteoirí todhchaí a ullmhú, agus aithnítear ann an buntáiste a bhainfidh le soiléireacht níos fearr don uile dhuine sa chóras. Leagtar amach spriocanna ardleibhéil do na seacht mbliana atá le teacht, mar aon le plean feidhmithe céimnithe ina ndéantar gníomhartha a mhionsonrú chun na spriocanna seo a bhaint amach.

Tá cóip den ráiteas beartais ar fáil anseo


Nótaí d’Eagarthóirí

Eolas cúlra

Tá forbairtí suntasacha tarlaithe le deich mbliana anuas maidir le soláthar oideachas tosaigh múinteoirí (OTM) in Éirinn.

• Tharla athruithe suntasacha ar ábhar agus ar fhad na gclár OTM mar thoradh ar Litearthacht agus Uimhearthacht don Fhoghlaim agus don Saol: An Straitéis Náisiúnta chun an Litearthacht agus an Uimhearthacht a Fheabhsú i measc Leanaí agus Daoine Óga 2011-2020 agus Oideachas Tosaigh Múinteoirí: Critéir agus Treoirlínte do Sholáthraithe Clár na Comhairle Múinteoireachta, an dá cheann foilsithe in 2011. Rinneadh Critéir na Comhairle Múinteoireachta a athbhreithniú agus a nuashonrú tuilleadh agus foilsíodh Caighdeáin nuashonraithe in 2020.

• Tháinig athrú suntasach ar struchtúr an tsoláthair OTM tar éis fhoilsiú an Report of International Review Panel on the Structure of Initial Teacher Education in Ireland in 2012, ar a dtugtar Tuarascáil Sahlberg I. Rinneadh dul chun cinn suntasach maidir le hionaid oideachas múinteoirí sármhaitheasa a chruthú, mar atá deimhnithe i dTuarascáil Sahlberg II a foilsíodh in 2019.

• Rinneadh athchóiriú suntasach ar an gcuraclam freisin agus bíonn tionchar aige seo ar OTM. Mar chuid den athchóiriú seo tugadh isteach Curaclam Teangacha na Bunscoile, an Creat don tSraith Shóisearach agus ábhair nua don tsraith shinsearach, mar aon le Creat Curaclaim na Bunscoile a seoladh le déanaí agus Athchóiriú na Sraithe Sinsearaí atá idir lámha.

Is é aidhm an Ráitis Beartais um Oideachas Tosaigh Múinteoirí ná an beartas agus an soláthar reatha do OTM a dhoiciméadú ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal chun soiléireacht bhreise a sholáthar don chóras. Léiríonn an ráiteas beartais fís freisin do sholáthar OTM go dtí 2030. Leagtar amach spriocanna ardleibhéil do na seacht mbliana atá le teacht, mar aon le plean feidhmithe céimnithe ina ndéantar gníomhartha a mhionsonrú chun iad seo a bhaint amach.

Treoirphrionsabail

Tá raon treoirphrionsabal mar bhonn leis an bhfís lena n-áirítear an mian iarrthóirí éagsúla ar ardchaighdeán a mhealladh chuig gairm na múinteoireachta, tuiscint gurb é an OTM an chéad chéim ar chontanam foghlama do mhúinteoirí a leanann le linn a ngairmréime, go gcomhlíonfaidh gach clár OTM caighdeáin Céim, agus go gcuirfidh gach páirtí leasmhar eolas ar fáil agus go dtacóidh siad le caighdeáin a fheabhsú go leanúnach.

Leanfaidh líon beag ionad sármhaitheasa ollscoil-threoraithe de bheith i gceannas ar an soláthar OTM, mar a shamhlaítear i dTuarascáil Sahlberg II. Tá an Roinn ag súil freisin go dtabharfaidh soláthar OTM aird chuí ar riachtanais an chórais scolaíochta. Glacann an Roinn leis go mbeidh gá le cur chuige comhtháite uile-Rialtais chun fís agus spriocanna an ráitis bheartais seo a chur i bhfeidhm.

Spriocanna

Tá sé sprioc ardleibhéil leagtha amach chun dul chun cinn a threorú sna blianta go dtí 2030:

1. Tá OTM tarraingteach d'iarrthóirí ardchaighdeáin agus inrochtana do mhic léinn ó chúlraí éagsúla

2. Ullmhóidh Cláir OTM múinteoirí faoi oiliúint chun fáiltiú roimh na dúshláin atá ag síorathrú maidir le tacú le gach foghlaimeoir san 21ú haois

3. Tá baint láidir ag OTM le riachtanais an chórais oideachais agus ábhartha dóibh

4. Tá struchtúir OTM feiliúnach chun soláthar OTM ar ardchaighdeán a chumasú

5. Tá córais agus beartais i bhfeidhm chun comhoibriú a chumasú ar fud na n-earnálacha oideachais éagsúla agus chun cumarsáid a fheabhsú

6. Tá bonn láidir taighde bunaithe chun tacú le forbairt agus dearadh clár agus beartas OTM san am atá le teacht.

Plean Feidhmithe

Tá plean feidhmithe trí chéim beartaithe, le gníomhartha don chéad chéim ó 2023-2024 leagtha amach sa ráiteas beartais. Tá táscairí forbartha freisin lena chinntiú gur féidir dul chun cinn a rianú. Foilseofar tuarascáil ag deireadh chéim a haon chun cuntas a thabhairt ar an dul chun cinn a bheidh déanta. Beidh torthaí ó chéim a haon mar bhonn eolais chun gníomhartha a leagan amach do chéim 2 agus 3.

Maoirseacht

Chun cur i bhfeidhm an ráitis bheartais a mhaoirsiú, bunófar Grúpa Comhairleach ar Oideachas Tosaigh Múinteoirí, ar a mbeidh ionadaithe ó gach earnáil ábhartha, múinteoirí faoi oiliúint san áireamh.

Ina theannta sin, táthar ag iarraidh ar institiúidí ardoideachais páirt a ghlacadh i bpróiseas comhphlé bliantúil ar ghníomhaíochtaí an ráitis bheartais seo, leis an Roinn Oideachais, leis an gComhairle Mhúinteoireachta, leis an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta agus leis an Roinn. Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige de réir mar is cuí.