English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Foley Tuarascáil ar an Athbhreithniú ar Sholáthar Oideachais Lasmuigh den Scoil agus leagann sí amach plean chun a moltaí a chur i bhfeidhm

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 12 Bealtaine 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Bealtaine 2022

D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD inniu (12 Bealtaine 2022), foilsiú tuarascála ar an Athbhreithniú ar Sholáthar Oideachais Lasmuigh den Scoil.

Baineann an earnáil oideachais lasmuigh den scoil le líon beag scoileanna agus ionad oideachais a fheidhmíonn lasmuigh den soláthar oideachais príomhshrutha.

Dhírigh an t-athbhreithniú seo ar an soláthar oideachais sa Stát d’fhoghlaimeoirí faoi 16 bliana d’aois a raibh deacrachtaí acu fanacht in oideachas príomhshrutha. Molann an t-athbhreithniú eolas a thabhairt do bheartas amach anseo d’fhonn rogha inbhuanaithe a sholáthar laistigh den chóras oideachais chun freastal ar an ngrúpa foghlaimeoirí seo a thuilleadh. Tá moladh ann, agus plean feidhmithe anuas ar sin.

Is iad seo a leanas na moltaí, bunaithe ar thorthaí an athbhreithnithe:

• Aithint go bhfuil gá le creat tacaíochta do mhic léinn atá i mbaol éirí as an oideachas.

• Tá sé tábhachtach cobhsaíocht a sholáthar don soláthar seo agus a chinntiú go mbeidh suíomhanna inbhuanaithe amach anseo, cé go n-aithnítear san athbhreithniú an obair dhearfach a dhéantar i suíomhanna lasmuigh den scoil.

• Ceanglas creat atreoraithe caighdeánaithe a chur chun cinn d’fhonn struchtúr soiléir, treoirlínte agus cuntasacht a sholáthar.

• Feabhsú breise ar fud an chórais oideachais ar an leibhéal reatha de thaifead sonraí agus de rianú na mac léinn a dhíbrítear nó a bhíonn as láthair go rialta ón scoil.

• Ba chóir breathnú ar shuíomh agus ar inrochtaineacht ghearrthéarmach agus fhadtéarmach an tsoláthair oideachais lasmuigh den scoil, chun cosc a chur ar luathfhágáil na mac léinn ó oideachas agus oiliúint agus

• Ba chóir mapáil a dhéanamh ar na seirbhísí tacaíochta go léir atá ar fáil do scoileanna chun tacú le forbairt oideachasúil agus phearsanta na mac léinn lena n-áirítear gach seirbhís tras-rannach, gníomhaireachta agus pobail.

Dúirt an tAire Foley:

“Cé go bhfuil ceann de na rátaí críochnaithe is airde d’oideachas dara leibhéal san AE ag Éirinn, is eol dúinn go bhfuil foghlaimeoirí inár tsochaí a bhfuil deacrachaí acu leis an oideachas príomhshrutha, agus bíonn siad sa tóir ar rogha eile. Soláthraíonn suíomhanna oideachais lasmuigh den scoil seirbhís iomlánaíoch oideachais do na foghlaimeoirí seo, ag baint úsáide as cineálacha cur chuige nuálacha solúbtha do mhic léinn. Tá sé mar aidhm ag moltaí na tuarascála seo leas a bhaint as na cuir chuige seo agus a chinntiú gur féidir soláthar oideachais lasmuigh den scoil a choinneáil sa todhchaí agus leanúint dá ról ríthábhachtach a chomhlánú.

“Bhí comhairliúchán le raon páirtithe leasmhara agus páirtithe leasmhara i gceist leis an athbhreithniú seo agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil le chuile duine a chuidigh leis an athbhreithniú, go háirithe na daoine óga agus cleachtóirí ó shuíomhanna soláthair oideachais lasmuigh den scoil. Bíonn sé thar a bheith faisnéiseach i gcónaí dul i dteagmháil leo siúd a bhfuil taithí dhíreach acu, agus an méid a chuireann siad leis an tionchar dearfach a d’fhéadfadh a bheith ag suíomhanna lasmuigh den scoil ar leanaí agus daoine óga."

D’fhógair an tAire freisin go mbunófar grúpa feidhmithe chun maoirsiú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm mholtaí na tuarascála.

Tá cóip den tuarascáil ar fáil Item was unpublished or removed


Nóta d'Eagarthóirí

Cúlra na Tuarascála ar an Athbhreithniú ar Sholáthar Oideachais Lasmuigh den Scoil

D’eascair an tuairisc ar Athbhreithniú ar Sholáthar Oideachais Lasmuigh den Scoil as Gníomh 88 den Phlean DEIS a rinne foráil d’athbhreithniú ar an soláthar reatha lasmuigh den scoil chun an bonn eolais is fearr a thabhairt do bheartas sa todhchaí sa réimse seo.

Rinneadh taighde san athbhreithniú ar sholáthar reatha an oideachais lasmuigh den scoil chun raon, méid agus cáilíocht an tsoláthair san earnáil a shainaithint agus conas ba cheart go ndéanfadh soláthar oideachais lasmuigh den scoil freastal go hidéalach ar chohórt sonrach de mhic léinn agus a bheith ina rogha inbhuanaithe laistigh den chóras oideachais sa todhchaí.

Chuir meitheal oibre, a raibh an Roinn Oideachais ina cathaoirleach air, an tuarascáil seo le chéile. Bhí ionadaithe ann ón Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Imeasctha agus Óige, Tusla, Solas, Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann agus an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais.

Chruthaigh an t-athbhreithniú go bhfuil ról ríthábhachtach ag suíomhanna oideachais lasmuigh den scoil maidir le teagmháil a choinneáil le hoideachas do phríomhchohórt foghlaimeoirí agus go bhfuil ról lárnach acu i dtacú le folláine na bhfoghlaimeoirí seo trí chur chuige iomlánaíoch a ghlacadh bunaithe ar an duine aonair. Mar sin féin, braitheann cur chuige i leith an churaclaim oideachais, teistiúcháin agus conairí oideachais do mhic léinn go mór ar cad is féidir a sholáthar i ngach suíomh. Níl aon chur chuige comhsheasmhach ar fud na hearnála maidir le rialachas agus maoiniú.

Na chéad chéimeanna eile:

Leagann an t-athbhreithniú plean feidhmithe amach maidir lena moltaí. Is í an chéad chéim ná grúpa feidhmithe a bhunú chun an próiseas a mhaoirsiú agus gach ceann de na moltaí a chur chun cinn.

Maoirseoidh sé forbairt creata tacaíochta do mhic léinn atá i mbaol an t-oideachas príomhshrutha a fhágáil, forbróidh sé critéir chaighdeánaithe le haghaidh struchtúr, rialachais agus soláthar oideachais san earnáil agus forbróidh sé creat atreoraithe chun mic léinn a choinneáil san oideachas agus san oiliúint.

Soláthar Oideachais Lasmuigh den Scoil – Cúlra

Cé go dtacaíonn an Roinn go príomhúil le scolaíocht phríomhshrutha, cuireann sí maoiniú ar fáil do scairt scoileanna speisialta/ionaid oideachais a sholáthraíonn oideachas ar mhaithe leis na daoine óga nach gcríochnaíonn oideachas príomhshrutha.

Soláthar oideachais is ea iad na seirbhísí seo lasmuigh den scoil go hiondúil, lasmuigh de shuíomh na scoile príomhshrutha, do leanaí a raibh deacrachtaí acu fanacht in oideachas príomhshrutha. Is rogha eile é an soláthar seo laistigh den chóras oideachais, nuair nach bhfuil ag éirí go maith le gach tacaíocht eile chun rannpháirtíocht an dalta san oideachas príomhshrutha a choinneáil. Bíonn éagsúlacht ag baint leis na socruithe seo ó thaobh struchtúir agus dearadh de ach cuireann siad seirbhís thábhachtach ar fáil do chohórt beag de mhic léinn a raibh deacracht acu leanúint lena gcuid oideachais sa chóras príomhshrutha.

Ó a bhunaíodh scoileanna an Tionscadal Teagmhála don Aos Óg sna 1970idí tá earnáil oideachais ann a fheidhmíonn lasmuigh den chóras scoile príomhshrutha traidisiúnta. Tá sé seo méadaithe ón tráth seo, go minic mar fhreagra ar riachtanas áitiúil ar leith. Tá suíomhanna lasmuigh den scoil bunaithe i mBaile Átha Cliath, i Luimneach, i gCorcaigh agus i gceantair uirbeacha eile.