Seolann an tAire McEntee Scéim Aisíocaíochta don Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas (MGO)
- Foilsithe: 6 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu, d'fhógair an tAire Oideachais agus Óige Helen McEntee TD, tionscnamh nua a thabharfaidh íocaíocht de €2,000 do mhúinteoirí nuacháilithe (MNCanna) atá i dteideal í a fháil mar aitheantas do na costais bhreise a chuir siad orthu féin chun Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (MGO) a chur i gcrích. Tá an íocaíocht seo á déanamh chun níos mó daoine a spreagadh le bheith ina múinteoirí, agus chun tacú le scoileanna múinteoirí a earcú.
Beidh an scéim ar fáil do scoilbhliain 2024/25.
Is féidir le múinteoirí nuacháilithe (MNCanna) a chríochnaigh a MGO in 2024 agus a bhí ag teagasc ar feadh íostréimhse le linn na scoilbhliana iarratas a dhéanamh ar an íocaíocht. Déanfar athbhreithniú ar an scéim chun monatóireacht a dhéanamh ar a héifeachtacht agus chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt tionscnamh eile.
Dúirt an tAire McEntee:
"Mar Aire Oideachais agus Óige, i measc na bpríomhthosaíochtaí atá agam tá deimhin a dhéanamh de gur gairm tharraingteach í an mhúinteoireacht agus céimeanna nuálacha a ghlacadh chun cabhrú le gach leanbh agus duine óg barr a gcumais a bhaint amach. Is céim dhearfach í an scéim seo do mhúinteoirí nuacháilithe a chríochnaigh a MGO in 2024, mar go gcabhraíonn sí le cuid den tromualach airgeadais a laghdú agus iad ag tosú amach ina ngairmeacha beatha.
"Tá sé ar cheann de roinnt céimeanna atá glactha ag mo Roinn chun cur le líon na múinteoirí, ag leibhéal na bunscoile agus na hiar-bhunscoile araon. Léiríonn sé tiomantas an Rialtais a chinntiú go dtacaíonn ár gcóras oideachais le gach leanbh agus duine óg chun barr a gcumais a bhaint amach."
Tá treoir foilsithe ag an Roinn Oideachais maidir leis an scéim, lena n-áirítear cé atá incháilithe agus conas iarratas a dhéanamh. Is féidir leat na sonraí a fháil anseo: gov.ie - Scéim Aisíocaíochta Táillí MGO.
Nótaí don Eagarthóir
Cúlra
Is é cuspóir na Scéime Aisíocaíochta Táillí MGO ná múinteoirí nuacháilithe (MNCanna) atá cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta agus a bhfuil MGO curtha i gcrích acu in 2024 a spreagadh chun glacadh le róil mhúinteoireachta, agus a chuireann íosleibhéal seirbhíse ar fáil, chun cabhrú le dul i ngleic leis an soláthar múinteoirí do scoileanna. Tá an íocaíocht seo mar aitheantas ar na costais bhreise a thabhaigh MNCanna a thug faoi MGO.
Sonraí na scéime aisíocaíochta táillí MGO
Déanfar íocaíocht de €2,000, faoi réir asbhaintí reachtúla de réir mar is cuí, trí phárolla an mhúinteora le gach iarratasóir a chomhlíonann na critéir incháilitheachta atá leagtha amach thíos.
Ní mór d'iarratasóirí a bheith ina múinteoirí nuacháilithe ar éirigh leo clár MGO a chur i gcrích sa bhliain féilire 2024 amháin agus a bheith cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta faoi Bhealach 1 nó Bealach 2.
Sainmhínítear clár MGO mar cháilíocht iarchéime in oideachas múinteoirí atá creidiúnaithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta chun críocha clárúcháin faoi Bhealach 1 (bunoideachas) nó Bealach 2 (iar-bhunoideachas), de réir Céím: Caighdeáin d'Oideachas Tosaigh Múinteoirí.
Ní mór d'iarratasóirí an tseirbhís íosta seo a leanas a bheith críochnaithe acu i bpoist mhúinteoireachta cheadaithe i mbunscoileanna nó in iar-bhunscoileanna aitheanta le linn na scoilbhliana 2024/25, 109 lá ar a laghad i mbunscoil(eanna), nó 100 lá ar a laghad, nó 440 uair an chloig in iar-bhunscoil(eanna).