English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann na hAirí Clár um Naisc Chruthaitheacha a thacaíonn leis an gcruthaitheacht agus leis na healaíona san fhoghlaim

Thug an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee, agus Aire Oideachais Thuaisceart Éireann Paul Givan, cuireadh inniu do bhunscoileanna, d'iar-bhunscoileanna agus do scoileanna speisialta iarratas a dhéanamh chun páirt a ghlacadh i Naisc Chruthaitheacha, clár píolótach um chomhpháirtíocht chruthaitheach.

Mar chuid de thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte maidir le dul i ngleic le míbhuntáiste oideachasúil, in éineacht leis an gclár RAISE a fógraíodh roimhe seo, tá sé mar aidhm ag Naisc Chruthaitheacha comhoibriú a chur chun cinn, cruthaitheacht a spreagadh agus torthaí oideachais a fheabhsú do leanaí a bhfuil tionchar ag míbhuntáiste sóisialta orthu i dTuaisceart Éireann agus in Éirinn.

Ag tógáil ar an rath a bhí ar an gClár Comhpháirtíochta Scoileanna Ildánacha i dTuaisceart Éireann agus ar thionscnaimh BLAST (Na hEalaíona Beo a Thabhairt chuig Scoláirí agus Múinteoirí) agus tionscnaimh maidir le Cnuasaigh Chruthaitheacha in Éirinn, tugann Naisc Chruthaitheacha deis uathúil do leanaí agus do dhaoine óga oibriú le cleachtóirí cruthaitheacha, ag tabhairt cruthaitheachta agus na healaíona go díreach isteach ina gcuid foghlama.

Cuirfidh sé deiseanna foghlama cruthaitheacha agus comhoibríocha ar fáil do 20 scoil i dTuaisceart Éireann agus do 20 scoil in Éirinn chun oibriú le chéile i gcnuasaigh, rud a chuirfidh ar chumas scoláirí an chruthaitheacht a fhí isteach ina saol agus ina bhfoghlaim.

Agus í ag cur fáilte roimh an seoladh, dúirt an tAire McEntee:

"Léiríonn an maoiniú suntasach faoi Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte do Naisc Chruthaitheacha méid an tiomantais in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann maidir leis an gcruthaitheacht a chumasú ionas go mbeidh borradh fúithi san oideachas. Tabharfaidh Naisc Chruthaitheacha deis uathúil do scoileanna ar fud an oileáin foghlaim, cleachtas agus pobal a roinnt lena chéile tríd an gcruthaitheacht. Cuirfidh an clár ar chumas leanaí agus daoine óga oibriú le chéile, iad féin a chur in iúl trí bheith cruthaitheach agus spraoi a bheith acu."

Dúirt an tAire Givan:

"Deis spreagúil is ea Naisc Chruthaitheacha chun cumhacht chlaochlaitheach na cruthaitheachta a thabhairt isteach inár seomraí ranga. Cuireann an clár deiseanna foghlama luachmhara ar fáil dár leanaí agus dár ndaoine óga, rud a chuireann ar a gcumas oibriú go díreach le healaíontóir gairmiúil ar thionscadal saincheaptha. Trí oibriú le chéile trasna tíortha, is féidir linn samhail den chomhoibriú agus den nuálaíocht a chruthú a rachaidh chun tairbhe do scoláirí, do mhúinteoirí agus do phobail araon."

Beidh Léirithe Spéise ar oscailt ón 7 Feabhra go dtí an 27 Feabhra. Tá nasc chuig treoirlínte maidir le léirithe spéise agus foirm iarratais anseo: https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/ceangail-chruthaitheacha/.

Is féidir le scoileanna teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Oideachais agus Óige ag artsineducation@traleeesc.ie chun tuilleadh eolais a fháil

Is féidir le scoileanna teagmháil a dhéanamh le Roinn Oideachais TÉ ag teachereducation@education-ni.gov.uk chun tuilleadh eolais a fháil.


Nótaí d'Eagarthóirí

Maidir le Naisc Chruthaitheacha

Mar chuid den chlár píolótach beidh scoileanna ag obair i gcnuasaigh ina mbeidh ceithre scoil, agus beidh dhá scoil ó gach dlínse ag comhoibriú ar thionscadail shaincheaptha san fhoghlaim chruthaitheach. Déanfar gach scoil a phéireáil le cleachtóir cruthaitheach gairmiúil agus beidh 40 cleachtóir san iomlán i gceist. I measc na scoileanna a bheidh páirteach beidh bunscoileanna, iar-bhunscoileanna agus scoileanna speisialta. Cuirfear tús le comhfhoghlaim ghairmiúil do mhúinteoirí agus d'ealaíontóirí sna seachtainí seo amach romhainn, agus cuirfear tús le tionscadail scoile sa bhliain acadúil 2025/26. Tá gach scoil i dTuaisceart Éireann i dteideal iarratas a dhéanamh. Mholfadh an Roinn Oideachais i dTuaisceart Éireann léirithe spéise go háirithe ó scoileanna a thacaíonn le daltaí atá ina gcónaí i gceantair RAISE agus féachfaidh siad lena chinntiú go mbeidh ionadaíocht sa chlár ó gach ceantar dá leithéid. Don chéim phíolótach seo, cuirfidh an Roinn Oideachais in Éirinn fáilte roimh iarratais ó scoileanna i gcontaetha Dhún na nGall, Liatroma, Mhuineacháin, an Chabháin agus Lú, go háirithe léirithe spéise ó bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna DEIS agus ó scoileanna oideachais speisialta.

Tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte

Baineann tionscnamh an Oileán Chomhroinnte de chuid an Rialtais leas as acmhainneacht iomlán Chomhaontú Aoine an Chéasta chun comhoibriú, nasc agus comhthuiscint a fheabhsú ar an oileán. Tacaíonn Ciste an Oileáin Chomhroinnte de chuid an Rialtais le tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte, chun gealltanais agus cuspóirí infheistíochta uile-oileáin a sholáthar i gClár an Rialtais agus sa Phlean Forbartha Náisiúnta. Mar chuid den chomhoibriú reatha, tá an Roinn Oideachais agus an Roinn Oideachais i dTuaisceart Éireann ag forbairt agus ag tabhairt isteach clár píolótach i gcomhar maidir le tearcghnóthachtáil oideachais, ina gcuimsítear gnéithe maidir le malartú taighde múinteoirí, an chruthaitheacht i scoileanna, agus tacaíochtaí chun dul i ngleic le tearcghnóthachtáil oideachais- gov.ie - Shared Island.

An Clár RAISE

Cuirfidh an tionscnamh RAISE réimse de bhearta tacaíochta oideachais ar fáil chun cabhrú le dul i ngleic le tearcghnóthachtáil oideachais agus aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste oideachasúil trí chur chuige pobail uile agus áitbhunaithe a fheidhmeoidh i 15 cheantar ar fud Thuaisceart Éireann. Trí thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte, is ionann an clár RAISE agus infheistíocht suas le €20 milliún thar an dá bhliain seo amach romhainn, agus d'fhéadfaí tuilleadh maoinithe a fháil - https://www.education-ni.gov.uk/articles/raise-programme.

An Clár um Óige Ildánach 2023-2027

Tá Óige Ildánach 2023-2027, a seoladh ar an 28 Márta 2023, ar cheann de chúig cholún den Chlár Éire Ildánach. Tá sé mar aidhm ag Óige Ildánach cruthaitheacht gach linbh agus duine óig a chumasú, agus oibríonn an Roinn Oideachais i gcomhar leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon Gaeltachta, Spóirt agus Meán, leis an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, leis an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais agus leis an gComhairle Ealaíon chun Óige Ildánach sholáthar - Creative Youth Plan - Creative Ireland Programme.