Tacaíonn an tAire McEntee le scoileanna 'Glasú' sa dara céim den suirbhé náisiúnta ar phróifíl fuinnimh
- Foilsithe: 17 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 19 Márta 2025
D'fhógair an tAire Oideachais Helen McEntee TD inniu (Dé Luain an 17 Márta) go gcuirfear tús leis an dara céim den Suirbhé ar Phróifíl Fardail Fuinnimh REPowerEU, chun tacú le próifíl fuinnimh náisiúnta a bhunú i ngach scoil.
Is céim thábhachtach é an suirbhé ar gach bunscoil agus iar-bhunscoil sa Treochlár Teicniúil um Ghníomhú ar son na hAeráide in Earnáil na Scoileanna, de réir mar a oibríonn an Roinn Oideachais chun cuidiú le spriocanna aeráide 2030 agus 2050 a bhaint amach.
Is éard atá i gceist leis an bpróiseas ná go mbeidh measúnóirí fuinnimh ag bailiú faisnéis spriocdhírithe maidir le húsáid fuinnimh, cineálacha foirgneamh, aois agus méid, mar aon le forbhreathnú ar ghnéithe ginearálta maidir le creatlach agus fuinneamh sna córais leictreacha agus meicniúla, i thart ar 3,300 scoil. Tacóidh sé le hiarrachtaí earnáil scoileanna na hÉireann a dhéanamh saor ó charbón agus níos tíosaí ar fhuinneamh.
Dúirt an tAire McEntee:
"Ar an Lá Fhéile Pádraig seo, tá áthas orm a rá go bhfuil ár scoileanna ar fud na tíre ag smaoineamh ar bhealach glas agus ag glasú mar go bhfuil siad chun cur leis an dara céim seo den Suirbhé ar Próifíl Fardail Fuinnimh REPowerEU a chabhróidh le próifíl fuinnimh náisiúnta a ghiniúint do gach scoil.
"Agus muid ag obair le chéile chun spriocanna aeráide suntasacha 2030 agus 2050 a bhaint amach, tá mo Roinnse meáite ar a cion féin a dhéanamh agus muid ag dícharbónú earnáil na scoileanna. Chun tacú leis sin, cuireadh céim phíolótach de phróifíl an fhardail fuinnimh i gcrích ar fud na scoileanna go léir i gcúig chontae le maoiniú ón mBanc Eorpach Infheistíochta. Tá áthas orm a fhógairt inniu go gcuirfear tús leis an dara céim agus an chéim dheiridh den phróifíl do scoileanna sna contaetha eile, tar éis maoiniú a fháil ó REPowerEU.
"Mar thoradh ar an bpróifíl fardail fuinnimh seo a chur i gcrích, tacófar le beagnach 4,000 scoil chun bonnlíne fuinnimh a n-eastáit scoile a bhunú agus chun dícharbónú agus deiseanna infheistíochta ina n-éifeachtúlacht fuinnimh a aithint agus díriú orthu. Beidh an phróifíl ríthábhachtach ina dhiaidh sin chun cabhrú le hoifigigh na Roinne cinntí straitéiseacha a dhéanamh maidir le tosaíochtaí d'infheistíocht chaipitil amach anseo inár scoileanna.
"Tá teagmháil déanta anois le gach scoil atá san áireamh sa chéad tráinse den chéim seo den suirbhé próifíle, agus tá suirbhé le déanamh ar scoileanna i gcontaetha Bhaile Átha Cliath, Chorcaí, Chiarraí, na Gaillimhe agus Mhaigh Eo go luath. Leanfar den dara tráinse suirbhéanna sna míonna seo amach romhainn agus san áireamh ansin beidh scoileanna i gcontaetha Thiobraid Árann, Luimnigh, an Chláir, Shligigh, Ros Comáin, Dhún na nGall, Liatroma, an Longfoirt, na hIarmhí, Lú, Mhuineacháin, an Chabháin, Phort Láirge, Chill Chainnigh, Laoise agus Cheatharlach. Molaim do gach scoil páirt a ghlacadh sa suirbhé nuair a dhéantar teagmháil leo. Cabhróidh sé leo uasmhéadú a dhéanamh ar an deis chun cabhrú lenár n-earnáil a dhícharbónú, ár scoileanna a dhéanamh níos tíosaí ar fhuinneamh agus tacú lenár dtimpeallacht do dhaltaí agus do scoláirí an lae inniu agus do na glúnta atá le teacht."
Nóta d'Eagarthóirí
Céim 2 den Suirbhé ar Phróifíl Fardail Fuinnimh na Scoileanna
Tá acmhainneacht shuntasach ag an gcur chuige nuálach maidir le sonraí fuinnimh agus riochta a thabhairt le chéile sa bhunachar sonraí suirbhé amháin chun cabhrú le tús áite a thabhairt amach anseo do dhícharbónú agus d'infheistíochtaí in eastát na scoileanna, rud a chumasóidh sainaithint agus forbairt spriocdhírithe chláir fuinnimh agus dícharbónaithe earnáil na scoileanna amach anseo agus a laghdóidh spleáchas foriomlán ar bhreoslaí iontaise agus a chuirfidh dlús le húsáid fuinnimh in-athnuaite.
Tá creat d'ocht gcuideachta suirbhéireachta ceaptha ag an roinn chun an fardal a chur i gcrích. Déanfaidh gairmí tógála a bhfuil taithí aige/aice suirbhé ar gach scoil trí úsáid a bhaint as uirlis suirbhé nua atá forbartha ag an Roinn Oideachais. Baileofar suas le 160 píosa sonraí i ngach scoil, lena n-áirítear limistéir tógála ardleibhéil agus cineálacha gnéithe creatlaí éagsúla agus faisnéis faoi shoilsiú, téamh agus uisce te tí etc.
Cuirtear na sonraí seo isteach ar ríomhaire táibléid ar an láthair, iompórtáiltear isteach i gCóras Faisnéise Geografaí (GIS) na Roinne iad, agus ansin déantar iad a phróiseáil i mbunachar sonraí coibhneasta a dhéanann an ríomh teicniúil riachtanach chun Rátáil Mheasta Fuinnimh agus Charbóin Scoile (SEACER) a chinneadh, ar rátáil shaincheaptha é a d'fhorbair an Roinn Oideachais go sonrach d'earnáil na scoileanna.
Céim 1 den Suirbhé ar Phróifíl Fhardail Fuinnimh na Scoileanna
Cuireadh céim phíolótach de thionscadal Fhardal Fuinnimh na Scoileanna i gcrích le tacaíocht ó chlár Mhol Comhairleach an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta. Críochnaíodh é sin i mí na Nollag 2022 agus san áireamh ann bhí 562 scoil i gcúig Chontae, Cill Dara, an Mhí, Uíbh Fhailí, Loch Garman agus Cill Mhantáin.
REPowerEU
Tá clár REPowerEU á mhaoiniú ag an Aontas Eorpach – NextGenerationEU. Is é REPowerEU plean an Aontais chun spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise a laghdú go tapa tar éis an chogaidh san Úcráin, borradh a chur faoi neamhspleáchas agus slándáil sholáthar fuinnimh an Aontais agus dlús a chur leis an aistriú glas. Tá sé mar aidhm aige an t-aistriú glan a chur chun cinn go tapa agus oibriú i gcomhar chun córas fuinnimh níos seasmhaí agus fíor-Aontas Fuinnimh a bhaint amach. Maoinítear REPowerEU tríd an tSaoráid Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta (NRRF).