English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tionscadal béaloidis nua na scoileanna fógartha ag an Aire Foley ag ócáid ag comóradh céad bliain na Roinne

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 19 Meán Fómhair 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D'fhógair an tAire Oideachais, Norma Foley TD, inniu go bhfuil a Roinn chun tionscadal nua béaloidis scoileanna náisiúnta a bhunú don 21ú haois.

Leanfaidh an tionscadal seo lorg thionscadal ceannródaíoch béaloidis na scoileanna, a bhunaigh Cnuasach Bhéaloideas Éireann in 1937.

Bhailigh sé 500,000 leathanach de stair bhéil, scéalta béaloidis agus finscéalta, tomhais agus seanfhocail, cluichí agus caitheamh aimsire, ceirdeanna agus ceardaíocht ó bhreis is 50,000 dalta i 5,000 scoil ar fud an stáit idir 1937 agus 1939.

Cuirfear tionscadal béaloidis nua na scoileanna i gcrích le Cnuasach Bhéaloideas Éireann agus Leabharlann COBÁC agus beidh sé oscailte do gach ceann de na 4,000 bunscoil, iar-bhunscoil agus scoil speisialta ar fud na tíre.

Tá sé mar aidhm aige scoláirí a chumasú chun pictiúr saibhir agus éagsúil a chruthú dá bpobail mar chuid de bhailiúchán béaloidis na scoileanna náisiúnta don 21ú haois.

Rinne an tAire Foley an fógra ag ócáid a d'óstáil an Roinn Oideachais ar champas Shráid Maoilbhríde chun comóradh a dhéanamh ar 100 bliain ó bunaíodh an Roinn in 1924, faoin Acht Airí agus Rúnaithe.

Dúirt an tAire Foley:

"Agus mé ag tabhairt cuairt ar scoileanna ar fud na tíre le ceithre bliana anuas mar Aire Oideachais, bhí áthas orm bualadh leis an oiread sin scoláirí atá ina n-ambasadóirí iontacha dá gceantair áitiúla. Tá mé ag súil go mór le bheith ag obair le comhghleacaithe i Leabharlann COBÁC agus i gCoimisiún Béaloideasa Éireann chun tús a chur le tionscadal nua béaloidis a chuirfidh guthanna na leanaí ar taispeáint sa lá atá inniu ann. Is é aidhm an tionscadail ná deis a thabhairt do leanaí ról gníomhach agus ceannasach a bheith acu maidir le scéalta, traidisiúin agus stair shaibhir a bpobal a ghabháil agus a chaomhnú do na glúnta atá le teacht. Agus é sin á dhéanamh acu, leanfaidh siad lorg na nglúnta a chuaigh rompu agus iad ag tógáil ar obair thionscadal ceannródaíoch Dúchas a rinne breis agus 50,000 páiste ar fud an stáit sna 1930idí.

"Tar éis dul i gcomhairle le scoileanna agus le múinteoirí, tá sé i gceist go mbaileodh scoláirí i ngach cuid den tír scéalta agus léargais ar thraidisiúin áitiúla óna gceantair le hóstáil i gcartlann náisiúnta a chuirfidh ar ár gcumas mar shochaí leanúint ar aghaidh ag roinnt luachanna cultúrtha, eolais agus cuimhne chomhchoiteann ó ghlúin go glúin."

Táthar ag súil go ndéanfar teagmháil le scoileanna san athbhliain chun an tionscadal a chur chun cinn. Is ionann sin agus athrú ó bhailiúchán bunaidh na scoileanna ag Tionscadal Bhéaloideas Éireann idir 1937-1939. Dhírigh sé sin go heisiach ar bhunscoileanna toisc nach ndeachaigh formhór na scoláirí ag an am sin chuig iar-bhunscoileanna, nach raibh mar chuid den chóras saoroideachais. Beidh sé de rogha ag scoileanna agus ag scoláirí páirt a ghlacadh ann. Baileoidh tionscadal béaloidis na scoileanna a chuid eolais i bhformáidí éagsúla, lena n-áirítear cuntais lámhscríofa agus roghanna digiteacha do scoláirí chomh maith. Beidh na taifid ina gcartlann náisiúnta agus foilseofar iad tar éis tréimhse shuntasach ama.

D'fhógair an tAire Foley freisin go mbeadh cartlannaí á earcú ag an roinn chun taifead cuimsitheach dá gnó agus dá cinnteoireacht a chaomhnú do na glúnta atá le teacht.

"Chun aitheantas a thabhairt don rud atá tábhachtach agus tógáil air, is uirlisí riachtanacha iad stór taifead dea-bhainistithe agus cartlannaí le haghaidh Roinn mhachnamhach agus thrédhearcach, anois agus amach anseo. Ar an ábhar sin, tá áthas orm a bheith ag fógairt inniu go bhfuil cartlannaí á fhostú laistigh den Roinn.

"Déanaimid machnamh inniu ar chéad bliain den Roinn Oideachais in Éirinn. Cé go n-aithnímid an iliomad rath agus cor cinniúnach, tuigim go rímhaith freisin gur gá dúinn machnamh a dhéanamh ar na teipeanna iomadúla a tharla agus, i go leor cásanna, ar na hiarmhairtí fadsaoil a bhí acu sin. Le roinnt seachtainí anuas, tá teistiméireachtaí misniúla léite agus cloiste againn faoi na heachtraí uafásacha a d'fhulaing go leor sa tír seo agus iad ar scoil. Is mithid dúinn a chinntiú nach ligfear i ndearmad iad.

"Téann rialachas an oideachais in Éirinn siar go dtí litir Stanley in 1831 agus is é Teach Thír Eoghain anseo ar Shráid Mhaoilbhríde an suíomh rialachais don oideachas in Éirinn ón 19ú haois i leith. I mbliana, áfach, déantar comóradh céad bliain ar bhunú foirmiúil na Roinne Oideachais in Éirinn, faoin Acht Airí agus Rúnaithe 1924.

"Ag tosú ó bhonn íseal in 1924, tá dul chun cinn suntasach déanta ag an oideachas in Éirinn le 100 bliain anuas. Is ar éigean gur fhreastail 40,000 dalta ar aon chineál scoile dara leibhéal sa bhliain sin – i gcomparáid le figiúr os cionn 400,000 inniu. Tá bearta chun comhionannas rochtana ar oideachas a fheabhsú chomh tábhachtach anois agus a bhí siad in 1967 nuair a thug an tAire Donogh O'Malley an Scéim Saoroideachais isteach. In ainneoin na ndúshlán atá romhainn, bíodh sin trí eisimirce, cúlú eacnamaíochta nó paindéim Covid-19, tá ár gcreideamh i gcumhacht agus i dtábhacht an oideachais daingean.

"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine atá mar chuid dár bpobal oideachais, le foireann na Roinne Oideachais, lena n-áirítear an chigireacht agus ár seirbhís náisiúnta síceolaíochta oideachais, lenár seirbhísí tacaíochta agus lenár gcomhlachtaí faoi choimirce, lenár múinteoirí, lenár bpríomhoidí, lenár gcúntóirí riachtanas speisialta, le foirne na scoileanna, le boird bhainistíochta agus le baill eile dár bpobail scoile ar fud na tíre a oibríonn gach lá chun iad a chothú, tacú le leanaí agus daoine óga, iad a chosaint agus a chumasú chun taitneamh a bhaint as a gcuid ama ar scoil, foghlaim, cairde a dhéanamh agus a lánacmhainneacht uathúil a bhaint amach."

Rinneadh machnamh ag an ócáid ar chéad bliain d'athrú agus de dhul chun cinn agus chualathas óráidí ón iriseoir agus scríbhneoir Olivia O'Leary, chomh maith le hArd-Rúnaí na Roinne Bernie McNally.