English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tréaslaíonn an tAire Foley le scoileanna agus aitheantas oifigiúil mar Scoileanna Gaeltachta bainte amach acu

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 7 Deireadh Fómhair 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Thréaslaigh an tAire Oideachais, Norma Foley TD, le scoláirí agus múinteoirí na 101 bunscoil agus 19 n-iarbhunscoil i limistéir pleanála teanga Ghaeltachta a bhfuil stádas mar Scoil Ghaeltachta bainte amach acu.

Seoladh an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta in 2017 agus is bunchloch an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta í. Is é aidhm na Scéime ná tacú le húsáid na Gaeilge i bpobail Ghaeltachta agus an Ghaeilge a chur chun cinn tríd an soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge a neartú i limistéir pleanála teanga Ghaeltachta.

Tugann an Scéim deis do scoileanna i limistéir pleanála teanga Ghaeltachta aitheantas a lorg mar Scoileanna Gaeltachta. Ní mór do scoileanna critéir shonracha theanga-bhunaithe a chomhlíonadh chun an t-aitheantas sin a bhaint amach. Cuirtear tacaíochtaí spriocdhírithe breise ar fáil do scoileanna chun tacú leo an Scéim a chur i bhfeidhm. Tá 102 bhunscoil (lena n-áirítear scoil speisialta amháin) agus 29 n-iarbhunscoil sa Ghaeltacht ag glacadh páirte sa Scéim sa scoilbhliain 2024/25.

Dúirt an tAire Oideachais, Norma Foley TD:

"Ba mhaith liom tréaslú leis na bunscoileanna agus na hiar-bhunscoileanna seo go léir as an éacht atá déanta acu chun aitheantas a bhaint amach mar Scoil Ghaeltachta. Ba mhaith liom aitheantas ar leith a thabhairt do Scoil Tigh Nan Dooley, scoil speisialta lonnaithe ar an gCeathrú Rua, a bhfuil stádas mar Scoil Ghaeltachta bainte amach aici chomh maith.

“Tá cloch mhíle thábhachtach sroichte ag na Scoileanna Gaeltachta agus an t-aitheantas seo bainte amach acu. Tá obair mhór curtha díobh ag foirne agus ceannairí na scoileanna, agus ag a gcuid daltaí agus scoláirí. Ba mhaith liom tacaíocht na n-oifigeach pleanála teanga áitiúil a lua chomh maith mar chuid den phróiseas. Is mór an tacaíocht a fuair na scoileanna ón bpobal níos leithne freisin, ar mhaithe le cinntiú go mbeadh oideachas ar ard-chaighdeán trí mheán na Gaeilge á chur ar fáil trasna an churaclaim.”

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne TD:

"Nuair a bunaíodh an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta, bhí sé mar aidhm ag an Roinn Oideachais úsáid na Gaeilge i bpobail scoileanna Gaeltachta a athbheochan, a chur chun cinn agus a leathnú. Is léir dom féin, agus mé ag plé le pobail Ghaeltachta, go bhfuil an aidhm sin á chomhlíonadh, agus go bhfuil úsáid na Gaeilge á cur chun cinn sna scoileanna go forleathan anois.

“Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na daltaí agus na scoláirí, na múinteoirí agus na ceannairí scoile as an aitheantas a bhaint amach dá scoileanna. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le pobail na scoileanna as an tiomantas agus as an dúthracht atá léirithe acu agus na critéir don aitheantas á gcur i bhfeidhm acu.”

Tá ceithre ócáid réigiúnacha á reáchtáil ag an Roinn Oideachais do scoileanna a bhfuil aitheantas mar Scoileanna Gaeltachta bainte amach acu. Tá an chéad ócáid – do scoileanna Ghaeltachtaí Chúige Mumhan – á reáchtáil i Siamsa Tíre, Trá Lí ar an 7 Deireadh Fómhair. Tiocfaidh scoileanna Chonamara, scoileanna Oileáin Árann agus scoileanna Ráth Chairn/Bhaile Ghib le chéile in Óstán Chois Fharraige sna Forbacha ar an 21 Deireadh Fómhair. Beidh ócáid ar siúl do scoileanna Mhaigh Eo agus scoileanna Dhúiche Sheoigheach in Amharclann Halla an Bhaile i gCathair na Mart ar an 22 Deireadh Fómhair. Déanfar ceiliúradh le scoileanna Dhún na nGall in Amharclann Ghaoth Dobhair ar an 22 Deireadh Fómhair.

Freastalóidh ionadaithe ó na scoileanna ar na hócáidí chun ceiliúradh a dhéanamh i dteannta a chéile ar an méid atá bainte amach acu chun aitheantas mar Scoil Ghaeltachta a ghnóthú.

Grianghraif le teacht ó Sheán Ó Mainnín.


Nótaí don Eagarthóir

Chuaigh 102 bunscoil tríd an bpróiseas deimhnithe don aitheantas mar Scoil Ghaeltachta, agus tá aitheantas á bhronnadh ar gach scoil acu siúd. Idir an próiseas deimhnithe agus bronnadh an aitheantais, tá dhá scoil – Scoil Náisiúnta Muire Gan Smál (15032U) agus Scoil Náisiúnta Ghleann na Muaidhe (13882L) – tar éis cónascadh. Beidh aitheantas á bhronnadh ar an scoil nua – Scoil Náisiúnta Cholmcille (20588C).

Tá dul chun cinn i dtreo chomhlíonadh na gcritéar teanga-bhunaithe déanta ag gach scoil atá ag glacadh páirte sa Scéim Aitheantais. Tá 10 n-iarbhunscoil fós ar a n-aistir chun na critéir a chur i bhfeidhm agus aitheantas a bhaint amach. Tháinig bunscoil amháin nua isteach sa Scéim i mbliana. Leanfaidh an Roinn de bheith ag obair i gcomhpháirt leis na scoileanna seo agus iad ag iarraidh an soláthar reatha trí mheán na Gaeilge a neartú agus a leathnú.

Cuirtear na tacaíochtaí seo a leanas ar fáil do scoileanna atá páirteach sa Scéim:

• Uaireanta tacaíochta teanga don Ghaeilge bunaithe ar rollachán na scoile

• Deontas bliantúil (€1,200) chun acmhainní teagaisc Gaeilge a cheannach

• Comhairle ó Chigireacht na Roinne Oideachais

• Tacaíocht ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG)

• Treoir do scoileanna

• Roinnt an dea-chleachtais.

Is féidir le scoil ar bith atá lonnaithe laistigh den Ghaeltacht iarratas a dhéanamh ar pháirt a ghlacadh sa Scéim Aitheantais. Ní gá ach cuairt a thabhairt ar Item was unpublished or removed chun tuilleadh eolais a fháil. Nuair a chláraítear don Scéim, faigheann scoileanna nua rochtain ar thacaíochtaí chun cabhrú leo agus iad ar a dturas i dtreo aitheantais mar Scoil Ghaeltachta.

Ócáid réigiúnacha á reáchtáil ag an Roinn Oideachais do scoileanna a bhfuil aitheantas mar Scoileanna Gaeltachta bainte amach acu
Amharc amharc