Tuairimí á lorg ag an tAire Foley ar an bPlean Gnímh faoi Mhaistíneacht
- Foilsithe: 26 Bealtaine 2022
- An t-eolas is déanaí: 26 Bealtaine 2022
Chuir an tAire Norma Foley ceist inniu ar gach dalta, mac léinn, tuismitheoir, ball foirne scoile, Páirtí Oideachais, agus éinne páirteach i gcomhphobail scoile ‘a bpíosa a rá’ ar phróiseas comhairliúcháin ar chosc agus dul i ngleic le maistíneacht i scoileanna. Is cuid é an comhairliúchán seo den athbhreithniú atá á dhéanamh ar Phlean Gnímh ar Mhaistíneacht na Roinne, a chabhróidh le forbairt Phlean Gnímh úr. Tá athbhreithniú á dhéanamh ar na Gnásanna Frith-Mhaistíneachta do Bhunscoileanna agus Iarbhunscoileanna chomh maith.
Cuirfear san áireamh san athbhreithniú an dul chun cinn mór agus an taighde ábhartha a bhí ann ó gur foilsíodh an Plean Gnímh agus na Gnásanna Frith-Mhaistíneachta i 2013. Pléifear le cibearbhulaíocht, maistíneacht féiniúlachta, agus ciapadh gnéis, i measc rudaí eile.
Pléifear go mion san athbhreithniú freisin na moltaí i dTuarascáil Chomhchoiste an Oireachtais ar Mhaistíneacht Scoile agus an Tionchar aige ar Shláinte Mheabhrach a foilsíodh mí Lúnasa seo caite.
Tá tús curtha anois leis an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí agus táthar ag lorg tuairimí daltaí, mac léinn, ball foirne scoile, Páirtithe Oideachais, agus gach éinne bainteach i bpobail scoile.
Cinnteofar le na h-aighnis seo go nglacfar le tuairimí daltaí, mac léinn, tuismitheoirí, ball foirne scoile, Páirtithe Oideachais agus ball pobail ar leith chomh mór agus is féidir san obair a dhéanfar chun cosc a chuir ar maistíneacht nó dul i ngleic léi.
Is féidir ceistneoir ar-líne a dhéanamh ag: Comhairliúchán ar an Athbhreithniú ar an bPlean Gníomhaíochta faoi Bhulaíocht agus ar an Athbhreithniú faoi na Nósanna Imeachta Frithbhulaíochta do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileanna
Is féidir aighnis scríofa a chuir isteach ag: Comhairliúchán ar an Athbhreithniú ar an bPlean Gníomhaíochta faoi Bhulaíocht agus ar an Athbhreithniú faoi na Nósanna Imeachta Frithbhulaíochta do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileanna
Leanfar leis an bpróiseas comhairliúcháin seo go dtí Dé Máirt 21 Meitheamh 2022.
Dúirt an tAire Foley:
"Ba bhreá linn réimse chomh leathan agus is féidir tuairimí a chloisteáil sa phróiseas comhairliúcháin seo agus ghríosódh mé gach éinne in earnáil an oideachais chun an suirbhé seo a dhéanamh ar-líne nó aighneas scríofa a chuir isteach ar-líne. Tá a fhios againn nach bhfuil ann dúinn ach feabhas a chuir lenár bpróisis sna scoileanna má tá muid le déileáil le maistíneacht agus í a chosc.
"Cabhair a bheidh i dtorthaí an chomhairliúcháin seo chun ár bPlean Gnímh úr ar Mhaistíneacht a chruthú agus eolas a dhéanamh dó, agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil le baill an Choiste Stiúrtha a chuir an comhairliúchán seo i gcrích chomh tráthúil sin."
Reáchtáil an Roinn fócasghrúpaí le páistí agus daoine óga agus déanfaidh sí an rud céanna le pobail scoile chun barr feabhais a chuir ar an bpróiseas comhairliúcháin.
Nótaí
Coiste Stiúrtha
Mar seo a leanas na téarmaí tagartha don Choiste Stiúrtha:
- athbhreithniú a dhéanamh ar na gníomhartha agus an dul chun cinn a rinneadh de réir an Phlean Gnímh ar Mhaistíneacht reatha (a foilsíodh i 2013)
- Plean Gnímh nua a fhorbairt a thógann san áireamh aon tosaíochtaí nua a bhfuil gá ann dul i ngleic leo chun maistíneacht a chosc agus dul i ngleic léi sna scoileanna
- chun féachaint cén gníomhartha is gá chun freastal ar na tosaíochtaí seo
Seo a leanas baill an Choiste Stiúrtha:
- Aileen Hickie, POF, Parentline
- Áine Lynch, POF, Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí Bunscoile
- Deirde Shanley, Rannóg na Scoileanna, An Roinn Oideachais
- Emer Neville, Uachtarán, Aontas Daltaí Dara-Leibhéal na Éireann
- Emer O’Neill, Gníomhaí Frith-Chiníoch, Múinteoir, Láithreoir
- An tOllamh James O’Higgins-Norman, Stiúrthóir, Lárionad Frith-Mhaistíneachta DCU
- Jane McGarrigle, Oifigeach Tionscadail, Webwise
- Judith Lyons, Aonad na dTuismitheoirí agus na bhFoghlaimeoirí, An Roinn Oideachais
- Mai Fanning, Uachtarán, Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí Iarbhunscoile
- Majella O’Dea, An Rannóg um Oideachas Múinteoirí (ITE ⁊ Forbairt Phroifisiúnta), An Roinn Oideachais
- Maria Bracken, An Rannóg um Oideachas Múinteoirí (Digiteach, Soláthar Múinteoirí), An Roinn Oideachais
- Maria Joyce, Comhordaitheoir, Fóram Náisiúnta na dTaistealaithe Mná
- Moninne Griffith, POF, BelongTo
- Niamh Molloy, Aonad na dTuismitheoirí agus na bhFoghlaimeoirí, An Roinn Oideachais
- An Dr. Noel Purdy, Stiúrthóir, Lárionad Taighde i dTearcghnóthachtáil Oideachais (CREU), Coláiste na hOllscoile an tSrutháin Mhilis, Cathaoirleach an Choiste
- Rebecca Galligan, Cigireacht, An Roinn Oideachais
- Ronan Kielt, Aonad Polasaí Curaclaim agus Mheasúnaithe, An Roinn Oideachais
- Sarah Benson, POF, Women’s Aid
- Seònaid Ó Murchadha, Stiúrthóir, Independent Living Movement Ireland
- Sharon Eustace, An tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais, An Roinn Oideachais
- Bridget Wilson, An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta, agus Óige
- Yvonne Keating, Cigireacht, An Roinn Oideachais
- Zak Moradi, Gníomhaí Frith-Chiníoch