English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tuairiscíonn Cigireacht na Roinne Oideachais ar an tseirbhís Teagmhála Baile, Scoile agus an Phobail i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna

D’fhoilsigh Cigireacht na Roinne Oideachais tuarascáil ar chomhordú na Teagmhála Baile, Scoile agus an Phobail (TBSP) i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna inniu.

Is múinteoirí lánchláraithe iad comhordaitheoirí Teagmhála Baile, Scoile agus an Phobail a bhfuil taithí acu agus a oibríonn i gcomhpháirt le daoine fásta tábhachtacha i saol linbh, d’fhonn torthaí oideachais an linbh a fheabhsú. Is é fócas an róil ná tinreamh, rannpháirtíocht, agus coinneáil scoile leanaí a fheabhsú.

Dírítear sa tuarascáil, ‘Torthaí agus Eispéiris a Fheabhsú le haghaidh Leanaí agus Daoine Óga: Meastóireacht ar Theagmháil Baile, Scoile agus an Phobail i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna’ ar thorthaí ó mheastóireachtaí a rinneadh i dtríocha scoil - 15 bhunscoil agus 15 iar-bhunscoil - idir Feabhra agus Bealtaine 2024.

Aithnítear gnéithe de chomhordú TBSP éifeachtach i gcuid mhór scoileanna sa tuarascáil. Áiríodh leis seo:

• fís shoiléir a bheith ag ceannaireacht scoile maidir le rannpháirtíocht tuismitheoirí; agus gníomhaíochtaí chun tuismitheoirí agus leanaí a chur ag obair agus ag foghlaim le chéile amhail Maths for Fun, ceachtanna cócaireachta agus gníomhaíochtaí séasúracha.

• comhpháirtíochtaí láidre le tuismitheoirí agus leis an bpobal agus naisc a dhéanamh idir na leanaí agus leabharlanna áitiúla, clubanna iarscoile, gníomhaíochtaí spóirt, seirbhísí comhairleoireachta pobal-bhunaithe agus na Seirbhísí Meabhair-Shláinte do Leanaí agus d’Ógánaigh i roinnt cásanna.

• comhoibriú an-éifeachtach leis an bhfoireann ar an gClár Críochnaithe Scolaíochta agus sa tSeirbhís Leasa Oideachais.

• maoirseacht mhaith ar obair comhordaitheoirí TBSP agus cruinnithe foirmiúla á reáchtáil ag 93 faoin gcéad de scoileanna leo gach seachtain.

Aithnítear sa tuarascáil an obair ar fad a dhéanann roinnt scoileanna chun tacú le leanaí agus daoine óga ó theaghlaigh gan dídean agus mionaoisigh neamhthionlactha ag lorg cosaint idirnáisiúnta.

Aithnítear réimsí a d’fhéadfadh comhordú TBSP a neartú sa tuarascáil freisin. Fuarthas nach raibh roinnt scoileanna ag baint lán-úsáid as sonraí chun eolas a dhéanamh d’obair na gcomhordaitheoirí TBSP amhail figiúirí tinrimh, torthaí measúnaithe, agus freagairt suirbhéanna tuismitheoirí agus foirne. Ina theannta sin, ní raibh córais éifeachtacha i bhfeidhm ag breis agus leath de na scoileanna chun monatóireacht a dhéanamh ar cé acu an raibh nó nach raibh spriocanna feabhsúcháin á mbaint amach ag na straitéisí a chuir comhordaitheoirí TBSP i bhfeidhm.

• Chaith 23 de na 30 comhordaitheoir ar a laghad aon trian dá gcuid ama ar chuairteanna baile de réir ceanglais an phoist ach ní dhearna seachtar amhlaidh.

• Bhí córais chuí i bhfeidhm ag 21 de na 30 scoil chun tuairimí tuismitheoirí a bhailiú agus a thaifeadadh ach ní raibh ag naoi scoil.

• Ní raibh struchtúr córasach i bhfeidhm ag 18 de na 30 scoil chun monatóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar idirghabhálacha uilíocha agus dírithe comhordaitheoirí TBSP d’fhonn a spriocanna feabhsúcháin a bhaint amach.

Beidh cur chuige comhordaithe, córais uile ag teastáil chun tacaíocht níos fearr a chinntiú le haghaidh tionscnaimh TBSP amach anseo agus monatóireacht a dhéanamh orthu.

Ag seoladh na tuarascála, dúirt an Príomh-Chigire, Yvonne Keating:

“Léirítear sa tuarascáil seo tábhacht na hoibre a dhéanann comhordaitheoirí TBSP éifeachtacha chun torthaí le haghaidh leanaí agus daoine óga a fheabhsú. Léirítear sa tuarascáil freisin an tábhacht a bhaineann le dea-chaidrimh a chothú idir tuismitheoirí agus scoileanna agus idir scoileanna agus a bpobail. Tá roinnt réimsí a d’fhéadfaí a fheabhsú, áfach.

“Mar shampla, níor díríodh idirghabhálacha TBSP i gcónaí ar theaghlaigh a raibh an tacaíocht ba mhó mó ag teastáil uathu agus ba ghá do chuid mhór scoileanna a ndearnadh meastóireacht orthu monatóireacht ní ba chúramaí a dhéanamh ar éifeachtacht na n-idirghabhálacha TBSP. Oibreoidh an Chigireacht go dlúth le Seirbhísí Tacaíochta Oideachais Tusla (TESS) agus le páirtithe leasmhara eile chun moltaí na tuarascála a chur i bhfeidhm.”

Chuir Norma Foley TD, An tAire Oideachais, fáilte roimh fhoilsiú na mionthuarascála ag an gCigireacht, bunaithe ar agallaimh le comhordaitheoirí TBSP, foirne scoile, tuismitheoirí agus leanaí.

“Tá ról tábhachtach ag comhordaitheoirí TBSP d’fhonn rátaí tinrimh a fheabhsú agus luath-fhágáil scoile a chosc. Léirítear sa tuarascáil seo go bhfuil a gcuairteanna baile rialta ag cothú muiníne idir teaghlaigh agus scoileanna agus ag spreagadh tuismitheorí páirt a ghlacadh in oideachas a linbh.

“Is rud an-dearfach é go bhfuil obair mhaith á déanamh ag comhordaitheoirí TBSP leis an bhfoireann ar an gClár Críochnaithe Scoile agus an tSeirbhís Leasa Oideachais chun tacaíocht dhírithe a sholáthar do na leanaí agus daoine óga is mó a bhfuil gá acu léi.

“Léirítear i moltaí na tuarascála gur cheart do scoileanna monatóireacht agus athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar éifeachtacht an chomhordaithe TBSP chun a chinntiú go soláthraítear na torthaí is fearr is féidir do leanaí agus do dhaoine óga leis an scéim. Tá mo Roinn tiomanta do chur i bhfeidhm na moltaí seo.”

Tá an tuarascáil iomlán ar fáil anseo.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, seol ríomhphost chuig Inspectorate@education.gov.ie.


Tuilleadh Faisnéise

• Cuireann an Roinn Oideachais réimse leathan tacaíochtaí ar fáil do gach scoil chun ionchuimsiú gach leanbh agus duine óg a chur chun cinn. Cuirtear leis na tacaíochtaí uilíocha seo leis an gclár Comhionannas Deiseanna a Sholáthar i Scoileanna (DEIS), ina gcuirtear acmhainní breise ar fáil do scoileanna aitheanta chun cabhrú leo na baic ar leanaí agus ar dhaoine óga barr a gcumais a bhaint amach a laghdú.

• Roghnaítear scoileanna chun páirt a ghlacadh sa chlár DEIS bunaithe ar leibhéil an mhíbhuntáiste socheacnamaíoch sa cheantar. Aithnítear leibhéil an mhíbhuntáiste trí úsáid a bhaint as raon sonraí atá ag an Roinne Oideachais agus Ranna Rialtais eile. Áirítear leis seo Bunachair Sonraí Ar Líne Bunscoile agus Iar-Bhunscoile na Roinne Oideachais agus sonraí na Príomh-Oifige Staidrimh ón Innéacs Díthe Pobal HP do Cheantair Bheaga.

• Rangaítear bunscoileanna sa chlár DEIS i dtrí bhanda: is iad scoileanna DEIS Banda Uirbeach 1 na scoileanna leis an leibhéal míbhuntáiste is airde; is iad scoileanna DEIS Banda Uirbeach 2 na scoileanna leis an chéad leibhéal míbhuntáiste eile is airde agus is iad scoileanna DEIS faoin tuath scoileanna i gceantair tuaithe a bhfuil ardleibhéil míbhuntáiste acu. Tá na tacaíochtaí a fhaigheann bunscoileanna sa chlár DEIS bunaithe ar na catagóirí seo, agus faigheann scoileanna DEIS Banda Uirbeach 1 na leibhéil tacaíochta is airde. Ní rangaítear iar-bhunscoileanna sa chlár DEIS i mbandaí.

• Tá an Scéim TBSP ar cheann de na tacaíochtaí atá ar fáil do gach bunscoil DEIS banda uirbeach 1 agus DEIS banda uirbeach 2 agus do gach iar-bhunscoil sa chlár DEIS.

• Is í an Roinn Oideachais a mhaoiníonn an scéim TBSP agus is í an tSeirbhís Tacaíochta Oideachais TUSLA (TESS) a bhainistíonn an scéim seo. Tá sí ar cheann amháin de thrí shnáithe TESS; is iad an Clár Críochnaithe Scolaíochta (CCS) agus an tSeirbhís Leasa Oideachais (SLO) an dá shnáithe eile.

• Tá rochtain ag scoileanna sa Scéim TBSP ar chomhordaitheoir TBSP atá ina m(h)úinteoir lánchláraithe a bhfuil taithí mhaith aige nó aici. De réir rollaithe agus leibhéil riachtanais, déantar an comhordaitheoir TBSP a leithdháileadh ar scoil amháin nó roinntear an comhordaitheoir TBSP idir scoileanna áirithe.

• Ceaptar comhordaitheoirí TBSP ar feadh thréimhse cúig bliana, agus déanann comhordaitheoirí TBSP obair idirchaidrimh lánaimseartha idir an baile, an scoil, agus an pobal. Tar éis cúig bliana, filleann siad ar a bpost múinteoireachta.

• Is é príomhról an chomhordaitheora TBSP oibriú i gcomhpháirt leis na daoine fásta tábhachtacha i saol linbh chun torthaí oideachais don leanbh a fheabhsú. http://www.tusla.ie/services/educational-welfare-services/service-strands

• Is é príomhfhócas an róil tinreamh, rannpháirtíocht agus coinneáil leanaí sa chóras oideachais na hÉireann a fheabhsú, trí thacaíochtaí uilíocha agus dírithe araon a chur ar fáil.

• Tá tuilleadh faisnéise ar fáil anseo.