English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tugann an scéim iompair scoile an líon is mó leanaí riamh chun na scoile in 2024

Tá líon na leanaí atá ag taisteal ar an scéim iompair scoile i mbliana chomh hard le 172,000 dalta, an líon is airde riamh.

Léiríonn staitisticí nua atá eisithe ag an Roinn Oideachais go bhfuil ardú 6 faoin gcéad ar líon na leanaí ar an scéim ón iomlán de 163,800 i scoilbhliain 2023/2204 roimhe seo.

I scoilbhliain reatha 2024/2025, tá 172,000 leanbh ag taisteal gach lá i thart ar 7,900 feithicil thar 10,300 bealach chuig bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna ar fud na tíre gach lá.

Clúdaíonn na turais laethúla sin os cionn 100 milliún ciliméadar, arb ionann é agus beagnach 2,500 turas timpeall an domhain.

I measc na leanaí atá á n-iompar ar an scéim, tá os cionn 143,700 dalta ag taisteal ar sheirbhísí bunscoile agus iar-bhunscoile, 21,500 dalta a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, agus 6,800 dalta a tháinig go hÉirinn ón Úcráin.

Dúirt an tAire Oideachais, Norma Foley TD:

"Tá an-áthas orm go bhfuil méadú ag teacht ar líon na leanaí a bhaineann leas as an scéim Iompair Scoile mar tá a fhios agam cé chomh tábhachtach is atá sí. Ligeann sí do pháistí an scoil a bhaint amach go sábháilte, cuireann sí ar chumas tuismitheoirí dul díreach chuig an obair agus laghdaíonn sí an trácht ar na bóithre.

Ó ceapadh mé i m'Aire Oideachais, tá líon na ndaltaí atá ag taisteal ar an scéim ardaithe ó 117,500 in 2019 go 172,000 anois agus tá méadú os cionn 100% tagtha ar an infheistíocht sa scéim, méadú ó €219 milliún in 2019 go dtí €450 milliún in 2024."

Tá an Scéim Iompair Scoile á bainistiú ag Bus Éireann thar ceann na Roinne Oideachais.

Tá méadú de 46% tagtha ar líon iomlán na dturas iompair scoile ó 2019 go dtí an scoilbhliain reatha. San áireamh ansin tá scoláirí atá ag taisteal ar sheirbhísí iompair scoile don phríomhshruth, Riachtanais Speisialta Oideachais (RSO) agus scoláirí ón Úcráin/IPAS.

Tá méadú 6.2% ar líon iomlán na dticéad a eisíodh ar fud na scéimeanna go léir i gcomparáid le ticéid a eisíodh ag an am céanna anuraidh. Rinneadh infheistíocht shuntasach sa scéim, chosain an scéim €219m in 2019 agus meastar go gcosnóidh sé thart ar €450m chun an scéim a reáchtáil in 2024.

Is í tuarascáil na Scéime Iompair Scoile 2030, a foilsíodh níos luaithe i mbliana, an t-athbhreithniú is mó ar an Scéim Iompair Scoile ó bunaíodh í in 1967.

Tá an Roinn Oideachais tiomanta do bheith ag obair chun moladh na tuarascála a bhaint amach maidir le rochtain ar an scéim a leathnú ionas gur féidir 100,000 dalta breise a iompar faoi 2030. Le linn an athbhreithnithe, bhí luach na Scéime Iompair Scoile do theaghlaigh agus maidir le tacaíocht a thabhairt do bheartais níos leithne de chuid an Rialtais an-soiléir.

Ní hamháin go bhfuil ról tábhachtach ag iompar scoile maidir le tacaíocht a thabhairt do rochtain leanaí ar an oideachas, ach tá sé ag teacht freisin le cuspóirí beartais níos leithne. Cuireadh tús feidhmiú céimnithe mholtaí an athbhreithnithe i mí Mheán Fómhair 2024.

I measc na n-athruithe a mholtar ar fheidhmiú na Scéime amach anseo tá leathnú ar na critéir incháilitheachta reatha, le himeacht ama, ag bogadh i dtreo comhtháthú níos fearr le hiompar poiblí chun an luach is fearr ar airgead a chinntiú don Státchiste.