English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tugann an tAire Foley cuireadh do scoileanna iarratas a dhéanamh chun a bheith páirteach i bhfeidhmiú céimneach na n-ábhar nua Ardteistiméireachta - drámaíocht agus gníomhú ar son na haeráide.

Inniu, tugann an tAire Oideachais, Norma Foley TD, cuireadh do scoileanna iarratas a dhéanamh le bheith sa chéad chéim chun dhá ábhar nua a sholáthar don Ardteistiméireacht, Léann na Drámaíochta, na Scannánaíochta agus na hAmharclannaíochta; agus Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe.

Tá an ghairm ar iarratais mar chuid de phlean an Aire Foley chun athfhorbairt a dhéanamh ar an tSraith Shinsearach in Éirinn, lena n-áirítear leasú ar na sonraíochtaí ábhair go léir atá ann cheana féin.

Tabharfar Léann na Drámaíochta, na Scannánaíochta agus na hAmharclannaíochta, agus Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe isteach i scoileanna ar bhonn céimnithe ó thús scoilbhliain 2025/26.

Agus an ghairm ar iarratais á fógairt aici, bhí an méid seo le rá ag an Aire Foley:

“Tá an rath iontach atá ar thionscal na scannánaíochta in Éirinn feicthe againn ag gradaim na nOscar, áit ar bhuaigh Cillian Murphy an gradam don aisteoir is fearr agus ar bhain Element Pictures ceithre ghradam Oscar amach dá scannán Poor Things. Cuireann na héachtaí sin le gréasán shaibhir na rathúlachta i scannánaíocht, léiriú, amharclannaíocht agus drámaíocht na hÉireann.

"Inniu, tá an-ríméad orm cuireadh a thabhairt do scoileanna iarratais a dhéanamh chun a bheith páirteach i bhfeidhmiú céimneach ár n-ábhair spreagúil nua don Ardteistiméireacht ar a dtugtar Léann na Drámaíochta, na Scannánaíochta agus na hAmharclannaíochta.

"In Éirinn, tá cáil orainn ar fud an domhain as an méid a chuirimid leis na healaíona agus tá súil agam go gcabhróidh an t-ábhar seo le scoláirí a bheith níos rathúla fós sna healaíona. Agus ní bheadh a fhios agat nach mbeadh oícheanta iontacha ag cuid de na scoláirí a mbeidh an t-ábhar sin déanta acu ag gradaim na nOscar sna blianta seo amach romhainn.

Dúirt an tAire Foley freisin go bhfuil tabhairt isteach an ábhair Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe, mar chéim fhíorthábhachtach freisin in athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí.

“Le blianta beaga anuas, chonaiceamar go léir an chaoi a raibh scoláirí scoile páirteach i ngníomhaíochtaí chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus na gníomhaíochtaí sin á dtreorú acu. Mar is iondúil, tá sé de fhreagracht orainn ár scoláirí a chothú agus a spreagadh chun leanúint orthu ag cur le réitigh a cheaptar chun an domhan seo againne a chosaint.

“Táim ag moladh do scoileanna smaoineamh ar iarratas a chur isteach le go ndéanfaí iad a bhreithniú le bheith ar cheann den chéad chéim scoileanna a mbeidh na hábhair nua nua-aoiseacha seo a soláthar acu dá gcuid scoláirí ó thús scoilbhliain 2025/26.”

Tá pacáiste tacaíochtaí á sholáthar ag an Aire Foley do scoileanna a ghlacfaidh páirt sa chéad chéim de na hábhair nua seo. Tabharfar na hacmhainní teicniúla cuí a theastaíonn chun roinn ábhair nua a bhunú ina scoil agus leithdháiltí breise múinteoirí do na scoileanna go léir i gCéim a hAon.

Tá sé mar aidhm ag an ábhar nua ar a dtugtar Léann na Drámaíochta, na Scannánaíochta agus na hAmharclannaíochta cruthaitheacht a chur chun cinn agus fiontraíocht chruthaitheach a spreagadh mar bhonn leis an bhfoghlaim trí eispéiris thumthacha. Beidh deis ag scoláirí smaointeoireacht fheasach a chothú tríd an bhfoghlaim a mbeidh próisis chruthaitheacha agus chriticiúla ag tacú léi.

Éilítear sna dréachtsonraíochtaí go bhfreastalódh scoláirí ar léiriú beo, poiblí amháin in amharclann agus ar léiriú beo amháin i bpictiúrlann. Cuirfidh an Roinn deontas bliantúil in aghaidh an scoláire ar fáil do scoileanna Chéim a hAon do na scoilbhlianta 2025/26 agus 2026/27 chun tacú le freastal scoláirí ar léirithe agus leis na costais a bhaineann leis an tseirbhís sruthaithe scannán chuí.

Tá sé mar aidhm ag Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe forbairt a dhéanamh ar acmhainn scoláirí chun gníomhú go feasach agus go fónta ar son domhan cothrom inbhuanaithe agus iad ag plé leis na príomhdhúshláin a bhaineann le hinbhuanaitheacht, an ghéarchéim aeráide san áireamh. Déanfar scoláirí a chumasú chun forbairt a dhéanamh ar an tuiscint atá acu ar roinnt príomhchoincheapa agus príomhphrionsabal idirnasctha a bhaineann le gníomhú ar son na haeráide agus forbairt inbhuanaithe.

Tugtar deis sna dréachtsonraíochtaí do chuairteanna áitbhunaithe agus d’fhoghlaim taobh amuigh do scoláirí e.g. ag tionscadail éiceachórais áitiúla, ag dul i mbun feachtais maidir le ceisteanna inbhuanaitheachta agus for-rochtain phobail. Tabharfaidh an Roinn deontas bliantúil, ina gcuirfear líon na scoláirí san áireamh, do scoileanna Chéim a hAon do scoilbhlianta 2025/26 agus 2026/27.

Cuimseoidh gach ceann de na hábhair sin comhpháirteanna measúnaithe breise nach gnáthscrúdú scríofa iad, ar fiú 40% ar a laghad de na marcanna atá ar fáil iad agus a ndéanfaidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) measúnú seachtrach orthu.

Tugtar cuireadh d’iar-bhunscoileanna breithniú ar an eolas atá ar fáil ar Glao ar Iarratais ó scoileanna le bheith i gCéim a hAon - Gov.ie agus iarratas a chur isteach le bheith i measc na chéad chéim scoileanna a mbeidh na hábhair nua á dtabhairt isteach acu ó thús scoilbhliain 2025/26

Beidh na hiarratais á ndúnadh ar an 19 Aibreán 2024.

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR

Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí

In 2022, leag an tAire amach clár uaillmhianach maidir le hathfhorbairt na Sraithe Sinsearaí agus an clár á threorú ag fís den tSraith Shinsearach a sholáthraíonn “cothromas agus barr feabhais do chách.”

Cuireann an Tuarascáil Chomhairleach ón gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) maidir le hathbhreithniú ar an tSraith Shinsearach bonn eolais faoin gclár, chomh maith le taithí scoláirí na hArdteistiméireachta, éileamh ar athrú agus an t-éileamh sin ag fás agus taithí agus dearcthaí idirnáisiúnta.

Ar an 20 Meán Fómhair 2023, d’fhógair an tAire Oideachais go raibh dlús á chur leis an gclár, lena n-áirítear go mbeidh na sonraíochtaí leasaithe do sheacht gcinn d’ábhair reatha na hArdteistiméireachta bunaithe (Bitheolaíocht, Fisic, Ceimic, Araibis, Laidin, Sean-Ghréigis agus Gnó) á dtabhairt isteach i scoileanna ó scoilbhliain 2025/26.

I measc an bhforbairtí bunathraitheacha tá dhá ábhar nua sa tSraith Shinsearach - Léann na Drámaíochta, na Scannánaíochta agus na hAmharclannaíochta, agus Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe.

Cuimseoidh gach ceann de na sonraíochtaí ábhair leasaithe sin comhpháirteanna measúnaithe breise nach gnáthscrúdú scríofa iad, ar fiú 40% ar a laghad de na marcanna atá ar fáil iad agus a ndéanfaidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) measúnú seachtrach orthu.

Tabharfar isteach dhá ábhar nua i scoileanna ar bhonn céimnithe ó thús scoilbhliain 2025/26. Tógann an céimniú ar an taithí roimhe seo ar ábhair nua eile don Ardteistiméireacht a thabhairt isteach, amhail Ríomheolaíocht agus Corpoideachas.

Tá comhairliúchán ar na dréachtsonraíochtaí oscailte le haghaidh comhairliúchán poiblí go dtí an Aoine, 5 Aibreán 2024 ar shuíomh gréasáin na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta:

Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe - CNCM

Léann na Drámaíochta, na Scannánaíochta agus na hAmharclannaíochta - CNCM