Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Uasdátú ar Stoirm Barra

Tá an Roinn ag moladh go mba chóir do scoileanna lena mbaineann foláireamh aimsire Dearg nó Flannbhuí leo, nó a d’fhéadfadh go mbeadh foláireamh Dearg nó Flannbhuí ag baint leo, fanacht dúnta amárach, 8 Nollaig. Tabharfar an deis dá bharr measúnú a dhéanamh ar thionchar Stoirm Barra.

Áirítear leis seo na contaetha seo a leanas: Dún na nGall, Sligeach, Ciarraí, Port Láirge, Luimneach, Clár, Gaillimh, Maigh Eo agus Loch Gorman.

Is féidir le scoileanna nach mbaineann foláireamh Dearg ná Flannbhuí leo a thuilleadh oscailt amárach, más rud é go raibh an deis ag bainisteoirí scoile seiceanna a dhéanamh le haghaidh sreanga tite nó aon damáiste tromchúiseach eile gar d’fhoirgnimh scoile. Má tá ceist áitiúil ar leith ag scoil aonair mar a bhaineann leis an stoirm, is féidir leis an mBord Bainistíochta cinneadh a ghlacadh an scoil a choimeád dúnta amárach.

Ba chóir do phearsanra scoile iad féin a choinneáil ar an eolas faoi na foláirimh aimsire reatha a fhógraítear ar na feasacháin nuachta uile go háitiúil agus go náisiúnta, agus go háirithe faoi aon athrú ar stádas an fholáirimh aimsire dá gceantar féin.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat