Cuardaigh ar fad gov.ie

Róil

Rúnaí Cúnta do Seirbhísí Corparáideacha, An tAonad Airgeadais, An tAonad Acmhainní Daonna, Cumarsáide agus Eolais agus Oideachas Gaeltachta

Rúnaí Cúnta do:

Is seirbhís tacaíochta inmheánach iad Seirbhísí Corparáideacha a bhainistíonn acmhainní chun straitéisí na Roinne a bhaint amach, a chinntíonn comhlíonadh roinnt oibleagáidí rialachais agus chun polasaithe, gnáthaimh agus torthaí corparáideacha a fheabhsú. Tá ról comhordaithe acu fosta i maoirseacht rialachais agus cuntasachta a chaighdeánú ar fud earnáil an oideachais.

Soláthraíonn an tAonad Airgeadais creat airgeadais agus córas rialaithe don Roinn i gcomhréir le riachtanais airgeadais agus reachtúla an Rialtais. Feidhmíonn an t-aonad córas le haghaidh gach fáltas agus íocaíocht a thaifeadadh i gcomhar leis an bPámháistir Ginearálta agus leis an mBanc Ceannais. Déanann sé an cuntais vóta reachtúil agus ábhar faisnéisithe a chomhordú agus a ullmhú le haghaidh láithreas an Ard-Rúnaí os comhair an Choiste um Chuntais Phoiblí.

In Oifig na gClár Corparáideach cuirtear maoirseacht straitéiseach ar fáil maidir le cur i bhfeidhm agus seachadadh chuspóirí na roinne, go príomha trí chláir oibre bhliantúla agus trí thuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn gach ráithe. Tá an t-aonad freagrach freisin as comhordú a dhéanamh ar fhreagairt na roinne do riachtanais oideachais na leanaí a thagann ón Úcráin agus na leanaí a bhfuil Cosaint Idirnáisiúnta á lorg acu.

Sealbhóirí

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat