Runaí Cúnta do Roinn Bainistithe Sonraí agus Eolais, Rannóg Staidrimh, Athchóiriú ar an tSeirbhís Phoiblí, Láraonad Beartais, Seirbhísí Dlí agus An Rannóg Idirnáisiúnta
- Foilsithe: 20 Eanáir 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Rúnaí Cúnta do:
Treoraíonn agus comhordaíonn an Roinn Bainistithe Sonraí agus Eolais cur i ngníomh bearta laistigh de Straitéis Sonraí na Roinne d’fhonn luach sonraí a uasmhéadú chun fianaise a thabhairt atá mar bhonn agus mar thaca le beartais, seirbhísí agus oibríochtaí na Roinne.
Tá an Rannóg Staidrimh freagrach as bailiú agus anailís sonraí agus treochtaí staitistiúla a bhaineann le cúrsaí oideachais ag an leibhéal náisiúnta.
Cuireadh Oifig an Chláir um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí ar bun chun cur chun feidhme an chláir um athchóiriú a chomhordú agus a bhainistiú san Earnáil Oideachais agus Oiliúna.
Tá feidhm beartais agus taighde agus forbartha na roinne á comhordú ag an Láraonad Beartais.
Tugann an tAonad um Sheirbhís Dlí an comhairle don Aire agus don Roinn ar shaincheisteanna dlí agus cinntíonn siad bainistiú éifeachtach na dlíthíochta, rud a bhfuil an tAire ina pháirtí ann. Comhordaíonn an tAonad chlár reachtaíochta na Roinne.
Ionadaíonn an An Rannóg Idirnáisiúnta leas na Roinne i bpáirt a ghlacadh i bhfoirmiú Bheartas an AE in oideachas agus oiliúint agus tionchar a imirt air. Cinntíonn siad go n-ionadaítear Éire go hoiriúnach ar Chomhairle an AE, ar Chomhairle na nAirí Oideachais, ar Choimisiún an AE, ar an ECFE, ar Chomhairle na hEorpa agus ar an EOECNA. Tá freagracht acu as forbairt agus comhordú beartais i gcur chun tosaigh na hÉireann mar ionad oideachais idirnáisiúnta.