Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Achomharc in aghaidh Eisiamh Buan, Fionraí nó Diúltú



Socruithe agus Nósanna Imeachta i leith na n-Achomharc faoi alt 29 den Acht Oideachais 1998 le hÉifeacht ón 12 Samhain ar aghaidh

0069/2020
Socruithe agus Nósanna Imeachta Nua i leith na n-Achomharc faoi alt 29 den Acht Oideachais 1998 le hÉifeacht ón 12 Samhain ar aghaidh
Amharc amharc

Tá foráil déanta in Alt 7 den Acht Oideachais (Ligean isteach i Scoileanna) 2018 maidir le sraith d'ailt nua, arna n-uimhriú 29 go 29F, a chur in ionad Seanailt 29 den Acht Oideachais 1998. Tá na forálacha achomhairc nua seo in ailt 29 go 29F deartha chun go n-oibreoidh siad i dteannta leis an gcreat leathan i dtaca le ligean isteach atá in Acht na bliana 2018 agus tiocfaidh siad i ngníomh ón 12 Samhain ar aghaidh.

Tar éis dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe oideachais agus de réir ailt 29B den Acht Oideachais 1998, tá socair ag an Aire freisin ar na nósanna imeachta seo a leanas maidir le hachomhairc, a mbeidh feidhm acu ón 12 Samhain 2020 ar aghaidh


Achomharc a dhéanamh in aghaidh diúltú duine a ligean isteach de bharr ró-éileamh a bheith ar an scoil

Is féidir, le halt 29 den Acht Oideachais, 1998 tá foráil d’achomharc i gcás go ndiúltaíonn bord bainistíochta, nó duine atá ag gníomhú thar ceann an bhoird bainistíochta (Príomhoide na scoile de ghnáth) cead scoláire a ligean isteach i scoil, má bhaineann cinneadh an diúltaithe leis an scoil a bheith ró-shuibscríofa. Leigh níos mó


Achomharc i ndáil le diúltú dalta a ligean isteach i scoil, más rud é gurb as as fáth seachas ró-éileamh a bheith ar an scoil a thagann an cinneadh chun diúltú

Is féidir, le halt 29 den Acht Oideachais, 1998 tá foráil d’achomharc i gcás go ndiúltaíonn bord bainistíochta, nó duine atá ag gníomhú thar ceann an bhoird bainistíochta (Príomhoide na scoile de ghnáth) cead scoláire a ligean isteach i scoil, má bhaineann cinneadh an diúltaithe le cúis seachas an scoil a bheith ró-shuibscríofa. Leigh níos mo


Achomharc i ndáil le dalta a eisiamh go buan ó scoil nó dalta a fhionraí ó fhreastal ar scoil ar feadh tréimhse nó tréimhsí nach lú ná 20 lá scoile i scoilbhliain san iomlán

Is féidir, le halt 29 den Acht Oideachais, 1998 tá foráil d’achomharc i gcás go ndíbríonn an bord bainistíochta, nó duine atá ag gníomhú thar ceann an bhoird bainistíochta (Príomhoide na scoile de ghnáth) scoláire on scoil. Leigh níos mo


Ball Painéil Achomhairc de chuid Alt 29?

An bhfuil suim agat a bheith i do bhall de Phainéal Choiste Achomhairc Alt 29?

Ceaptar coiste de thriúr ball ó Phainéal Choiste Achomhairc Alt 29 chun gach achomharc a éisteacht nó a iniúchadh. Tá gach coiste neamhspleách agus neamhchlaonta agus é ag comhlíonadh a fheidhmeanna.

Chun cinntí a dhéanamh maidir le hachomhairc Alt 29, ba cheart go mbeadh taithí agus eolas ag baill an choiste ar an earnáil oideachais.

Ceapann an tAire Oideachais agus Óige daoine atá cáilithe go cuí chuig Painéal Choiste Achomhairc Alt 29 ar feadh tréimhse trí bliana. De ghnáth déantar coinní a sceidealú dhá uair sa bhliain.

Faigheann baill an choiste luach saothair as a gcuid oibre ar ráta comhaontaithe do gach uair an chloig mar a cheadaíonn Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadadh agus Athchóirithe an PFN, mar aon le híocaíochtaí taistil agus cothaithe as freastal ar éisteacht ó bhéal i gcomhréir le rátaí na Státseirbhíse.

Más mian leat go gcuirfí san áireamh tú le haghaidh ceapacháin chuig Painéal Choiste Achomhairc Alt 29, seol ríomhphost chuig Section29@education.gov.ie.