An Scéim Saoire Cúramóra do Mhúinteoirí agus do Chúntóirí Riachtanas Speisialta
- Foilsithe: 3 Nollaig 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
An Scéim Saoire Cúramóra
Is é is Saoire Cúramóra ann ná cineál ceada neamhláithreachta reachtúil a mhaireann 104 seachtaine ar a mhéad, áit a dtugtar tréimhse saoire neamhíoctha do mhúinteoir/do chúntóir riachtanas speisialta chun go mbeidh sé/sí in ann cúram agus aire lánaimseartha a thabhairt do dhuine iomchuí. Is ionann duine iomchuí agus duine a measann an Roinn Coimirce Sóisialaí go dteastaíonn an leibhéal cúraim sin uaidh/uaithi.
Múinteoirí
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, , féach an Scéim Saoire Cúramóirí (PDF, from page 97) atá i gCiorclán 0054/2019 dar teideal “Scéimeanna Saoire do Mhúinteoirí Cláraithe atá fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna Aitheanta”.
Cúntóirí Riachtanas Speisialta
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Ciorclán 0033/2023 dar teideal “An Scéim Saoire Cúramóra do Chúntóirí Riachtanas Speisialta atá fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna Aitheanta”.
Conas iarratas a dhéanamh ar Shaoire Cúramóra
Múinteoirí
Ní mór do mhúinteoir iarratas a dhéanamh ach úsáid a bhaint as Foirm CARB1 ón Roinn Coimirce Sóisialaí. Tar éis é a cheadú, ní mór dó/di anFhoirm Iarratais (PDF, from page 103) in Aguisín A a ghabhann leis an Scéim Saoire Cúramóra (PDF, from page 97) i gCiorclán 0054/2019 a chomhlánú agus í a sheoladh chuig a f(h)ostóir sé seachtaine ar a laghad roimh an dáta tosaithe beartaithe.
Cúntóirí Riachtanas Speisialta
Ní mór do chúntóir riachtanas speisialta iarratas a dhéanamh ach úsáid a bhaint as Foirm CARB1 ón Roinn Coimirce SóisialaíTar éis é a cheadú, ní mór dó/di an Fhoirm Iarratais (PDF, from page 12) in Aguisín A a ghabhann le Ciorclán 0033/2023 a chomhlánú agus í a sheoladh chuig a f(h)ostóir sé seachtaine ar a laghad roimh an dáta tosaithe beartaithe.
Mionsonraí Teagmhála
Teacher and SNAs: Teacher/SNA Terms and Conditions Section
- Seoladh:
- Teacher/SNA Terms & Conditions, Department of Education, Cornamaddy, Athlone, Co. Westmeath N37 X659
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
(090) 648 3734
- Achoimre:
- Special Needs Assistants (SNAs) are encouraged to submit queries regarding SNA Leave Schemes to their employers in the first instance. All employers have access to applicable Circulars relating to SNA Leave Schemes. Queries relating to statutory and non-statutory SNAs Leave Schemes can be submitted to Leave Admin Section, Teacher/SNA Terms and Conditions Section at the email address above. Recruitment and Appointment Unit in Teacher/SNA Terms and Conditions Section sets out the recruitment and appointment procedures for SNAs for the primary and post primary sector. Queries should be submitted to PORqueries@education.gov.ie