An Scéim Teagaisc um Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ)
- Foilsithe: 31 Deireadh Fómhair 2019
- An t-eolas is déanaí: 17 Deireadh Fómhair 2024
- Cad é an Scéim Teagaisc um Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ)
- Conas Iarratas a Dhéanamh
- Foirm Éilimh
- Sonraí Teagmhála
Cad é an Scéim Teagaisc um Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ)
Cuirtear An Scéim Teagaisc um Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ) ar fáil chun seirbhís teagaisc sheachtainiúil a sholáthar ina dtagann teagascóir ar cuairt chuig teach páiste réamhscoile a bhfuil deacracht cloisteála air/uirthi nó páiste scoile a bhfuil deacracht cloisteála air/uirthi chun oiliúint TCÉ a thabhairt don pháiste, dá s(h)iblín(í) agus dá t(h)uismitheoir(í)/c(h)aomhnóir(í).
Conas Iarratas a Dhéanamh
Ní mór do thuismitheoir/caomhnóir an pháiste a bhfuil iarratas á dhéanamh ar a s(h)on, an fhoirm iarratais thíos a chomhlánú agus í a chur isteach chuig An Rannóg Oideachais Speisialta. Tá codanna den fhoirm seo le comhlánú ag príomhoide na scoile, an Múinteoir Cuartaíochta do pháistí agus do dhaoine óga atá bodhar nó le deacracht cloisteála, agus an teagascóir TCÉ.
Foirm Éilimh
Sonraí Teagmhála
Irish Sign Language Tuition Unit
- Seoladh:
- Irish Sign Language Tuition Unit, Special Education Section, Department of Education, Cornamaddy, Co. Westmeath, Athlone, N37 X659
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
(090) 648 4187