An Scéim um Chóiríocht Bhreise
- Foilsithe: 28 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Feabhra 2025
Tuairisc
Is é cuspóir na scéime áirithiú go bhfuil cóiríocht riachtanach seomraí ranga ar fáil chun freastal ar dhaltaí atá rollaithe gach bliain agus i gcás nach féidir le cóiríocht reatha na scoile an gá a chomhlíonadh.
I gcás inar dhóchúil go mbeidh an gá le cóiríocht bhreise ann ar feadh tréimhse fhinideach níos lú ná trí bliana, féadfar cead a thabhairt do scoil cóiríocht shealadach a fháil ar cíos ar fud na tréimhse sin. Is idir an t-údarás scoile agus an chuideachta chíosa atá an conradh cíosa.
I gcás inar dhóchúil go mbeidh gá le cóiríocht bhreise ar feadh tréimhse níos faide ná trí bliana, féadfar deontas a thabhairt do scoil, leis an rogha chun foirgneamh réamhdhéanta a cheannach nó chun úsáid a bhaint as an deontas sin le seomra ranga buan a thógáil.
Conas Iarratas a Dhéanamh
Comhlánaigh an Fhoirm Iarratais um Chóiríocht Scoile Bhreise (ASA) a gus cuir ar ais í chuig:
Bunscoileanna
Iar-Bhunscoile
[document 39453 ]
[document 93878 ]
Aguisín B - Sceideal Cóiríochta
Seol ar ais chuig an seoladh thíos é;
School Remediation Section
- Seoladh:
- School Remediation Section, Department of Education, Portlaoise Road, Tullamore, R35 Y2NS
- Teileafón:
-
(057) 9324300