English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Bunachar Sonraí ar Líne do Bhunscoileanna (POD)



Cad é POD

Is é atá sa Bhunachar Sonraí ar Líne do Bhunscoileanna (POD) ná bunachar náisiúnta de dhaltaí aonair bunscoile, a éascaíonn faireachán ar dhul chun cinn oideachasúil daltaí de réir mar a dhéanann siad a mbealach tríd an gcóras bunoideachais agus ar aghaidh chuig an oideachas iar-bhunscoile. Ligeann an córas do scoileanna tuairisceáin ar líne a dhéanamh chuig an Roinn Oideachais agus cuireann sé an fhaisnéis chuimsitheach dhomhain ar fáil don Roinn a bhfuil gá léi chun beartas oideachais a fhorbairt agus a mheas.


Cad chuige a n-úsáidtear POD

  • móráireamh Náisiúnta na Scoileanna Náisiúnta a thabhairt chun críche
  • leithdháileadh múinteoirí agus íocaíocht deontas caipitíochta agus deontas eile – aon fhaisnéis a sheoltar tríd an Móráireamh Bliantúil, is í is bonn le leithdháileadh múinteoirí agus le híoc caipitíochta agus deontas do gach scoil faoi leith
  • leithdháileadh agus pleanáil acmhainní a chur chun feidhme
  • faisnéis staidrimh – is é POD an phríomhfhoinse faisnéise staidrimh d’earnáil na mbunscoileanna
  • clár na ndaltaí
  • nuashonrú faisnéise scoile a lárú – is é POD an lárchóras ar ar féidir le scoileanna na sonraí atá i seilbh na Roinne a fheiceáil agus a cheartú
  • céannacht daltaí a dhearbhú i gcomhair seirbhísí a bhfeidhmíonn an Roinn iad

Cén fhaisnéis a thaifeadtar ar POD

Bailítear an fhaisnéis anseomaidir le gach dalta ar POD


Eolas do Scoileanna


Deasc Chabhrach POD

Primary On-line Database POD Helpdesk

Seoladh:
POD Helpdesk, Department of Education, Marlborough Street, Dublin 1, D01 RC96
Ríomhphost:

pod@education.gov.ie

Teileafón:
(01) 889 2311