Comhfhreagras as Gaeilge: párollaí a oibríonn an Roinn Oideachais
- Foilsithe: 22 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Nuair a iarrfar a leithéid, déanfaidh Rannóg Párolla na Roinne pádhuillí agus comhfhreagras eile a eisiúint as Gaeilge do na híocaithe ar na párollaí a leanas:
- Párolla d’Oidí Bunoideachais
- Párolla an Iarbhunoideachais
- Párolla don Fhoireann Neamhtheagaisc
- Párolla d’Oidí ar Scor
Nuair a dhéanfar daoine nua a cheapadh do na párollaí a bhaineann leis an bhfoireann teagaisc agus neamhtheagaisc, déanfar an deis a thairiscint do a leithéid de dhaoine comhfhreagras as Gaeilge a éileamh.
Ba chóir go ndéanfar an t-éileamh chun chomhfhreagras a fháil as Gaeilge a rphostáil chuig an réigiún ábhartha Párolla ag an seoladh rphoist thíos. Ar mhiste a dheimhniú go mbeidh an uimhir phárolla / UPSP agus uimhir rolla na scoile luaite agat ar gach chomhfhreagras.
- Oidí Bunoideachais primtch_payroll@education.gov.ie
- Múinteoirí Iarbhunoideachais pppayroll@education.gov.ie
- An Fhoireann Neamhtheagaisc ntspayroll@eduation.gov.ie
- Foireann ar Scor rtps@education.gov.ie
Ar an láimh eile, d’fhéadfaí an t-éileamh a chur sa phost chuig an Rannóg Párolla, An Roinn Oideachais, Cor na Madadh, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí, N37 X659. Ba chóir an clúdach a mharcáil go soiléir go mbaineann an litir faoi iamh leis an réigiún Párolla ábhartha.