Conas iarraidh Saorála Faisnéise a dhéanamh
- Foilsithe: 31 Lúnasa 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Conas iarraidh Saorála Faisnéise a dhéanamh
- Táillí a ghearrtar i leith faisnéis a iarraidh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise
- Foilsiú an Loga Ráithiúil Saorála Faisnéise
- Má tá tú míshásta leis an mbreith maidir leis an iarraidh uait
Conas iarraidh Saorála Faisnéise a dhéanamh
Ba cheart duit an iarraidh uait a dhéanamh i scríbhinn agus í a sheoladh le ríomhphost chuig foi@education.gov.ienó le casadh an phoist chuig: An tAonad um Shaoráil Faisnéise, An Roinn Oideachais, Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 RC96.
Más mian leat, is féidir leat úsáid a bhaint as foirm iarratais chaighdeánach na Roinne nó as an Fbhfoirm iarratais d’iarchónaitheoirí scoileanna saothair agus scoileanna ceartúcháinchun iarraidh a dhéanamh, ag brath ar an gcineál faisnéise atá á lorg agat.
Ba cheart na nithe seo a leanas a bheith san iarraidh uait:
- ráiteas, á rá go bhfuil an iarraidh á déanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise
- an oiread faisnéise agus is féidir faoi na taifid atá á lorg, ar mhaithe leis an gcuardach a éascú. Nuair is féidir, déan iarracht a shonrú cén tréimhse ama ar lena haghaidh is mian leat taifid a rochtain. Nuair is féidir, déan iarracht freisin a shonrú cé na réimsí den Roinn a measann tú go mbeadh siad ar na cinn is ábhartha don iarraidh uait. Sa Scéim Foilsitheoireachta Saorála Faisnéise ón Roinn, tugtar faisnéis faoi struchtúr na Roinne, faoina cuid taifead agus faoina cuid breitheanna. Is féidir go gcabhróidh an méid sin leat sainaithint a dhéanamh ar réimsí laistigh den roinn atá ábhartha don iarraidh uait.
- an fhormáid inar mian leat aon taifid a eiseofar a fháil (e.g. fótachóipeanna).
- i gcás iarrataí pearsanta, foirm éigin aitheantais (cóip de phas, ceadúnas tiomána, teastas breithe, etc.) nó litir toilithe, i gcás go bhfuil aturnaetha ag gníomhú thar do cheann
- uimhir theileafóin lae, más féidir, ionas gur féidir teagmháil a dhéanamh leat go tapa i gcás gur gá mionsonraí faoin iarraidh uait a shoiléiriú.
Cabhair maidir le hiarraidh a dhéanamh
Má theastaíonn aon chabhair uait, beidh baill foirne san Aonad um Shaoráil Faisnéise sásta cúnamh a thabhairt duit.
Freedom of Information Unit
- Seoladh:
- Department of Education, Marlborough Street, Dublin 1 , D01 RC96, Dublin 1, D01 RC96
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
(01) 889 6400
Táillí a ghearrtar i leith faisnéis a iarraidh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise
Ní ghearrtar aon táille i leith iarraidh a dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
Is fíorannamh a ghearrfar aon táillí i leith taifid phearsanta agus ní dhéanfar amhlaidh ach amháin i gcás go mbeidh líon mór taifead i gceist. Áirítear le hiarrataí ar fhaisnéis phearsanta faisnéis a bhaineann le do leanaí agus faisnéis a bhaineann le daoine éagtha.
I gcás iarrataí ar fhaisnéis neamhphearsanta, is féidir go ngearrfar táillí i leith an ama a caitheadh ar thaifid a aimsiú agus i leith aon chostas cóipeála a thabhaigh an Roinn chun an t-ábhar a iarradh a sholáthar duit, i gcás gur mó an costas iomlán ná €100. I gcás go sárófar an tairseach íosta sin (is comhionann le 5 huaire an chloig saor in aisce), gearrfar ráta €20 in aghaidh na huaire i leith an ama ar fad a caitheadh.
I bhformhór na gcásanna, tá feidhm ag teorainn uasta €500 maidir le táillí den sórt sin. I gcás gur mó an costas cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála ná €700, féadfar diúltú géilleadh don iarraidh ach amháin i gcás go gcúngófar raon feidhme na hiarrata.
Liosta táillí
Cuardach agus aisghabháil | €20 in aghaidh na huaire |
Muirir chóipeála | Fótachóip: €0.04 in aghaidh an leatháin |
CD-ROM | €10 |
Radagraf | €6 |
Achomhairc
Táille athbhreithnithe inmheánaigh | €30 (€10 do shealbhóirí cárta leighis) |
Achomharc chuig an gCoimisinéir Faisnéise | €50 (€15 do shealbhóirí cárta leighis) |
Foilsiú an Loga Ráithiúil Saorála Faisnéise
Mionsonraítear sa loga na hiarrataí ar fhaisnéis neamhphearsanta ar thug an Roinn freagra orthu faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Tugtar an loga cothrom le dáta ar bhonn ráithiúil.
Má tá tú míshásta leis an mbreith maidir leis an iarraidh uait
Má tá tú míshásta leis an bhfreagra ón Roinn, féadfaidh tú a iarraidh go ndéanfadh ball foirne níos sinsearaí laistigh den Roinn athscrúdú ar an mbreith. Ba cheart iarratais ar athbhreithniú ar bhreith, agus táille €30 nó táille laghdaithe €10 do shealbhóirí cárta leighis, a sheoladh chuig:
Freedom of Information Unit
- Seoladh:
- Department of Education, Marlborough Street, Dublin 1 , D01 RC96, Dublin 1, D01 RC96
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
(01) 889 6400
Tabhair faoi deara: Níl feidhm ag na táillí sin ach amháin maidir le hiarrataí ar fhaisnéis neamhphearsanta.
Tabhair faoi deara: Níl feidhm ag na táillí sin ach amháin maidir le hiarrataí ar fhaisnéis neamhphearsanta.
Má tá tú fós míshásta leis an mbreith, tá sé de cheart agat achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir Faisnéise in aghaidh na breithe. Ba cheart iarratais, a bhfuil an táille chuí (€50 nó táille laghdaithe €15 do shealbhóirí cárta leighis) ag gabháil leo, a chur ar aghaidh go díreach chuig an seoladh seo a leanas:
Office of the Information Commissioner
- Seoladh:
- 6 Earlsfort Terrace, Dublin 2, D02 W773
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
(01) 6395689