COVID-19: Saoire Speisialta le Pá
- Foilsithe: 15 Bealtaine 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- COVID-19: Saoire Speisialta le Pá
- Conas iarratas a dhéanamh ar Shaoire Speisialta COVID-19
- Mionsonraí Teagmhála
COVID-19: Saoire Speisialta le Pá
Múinteoirí agus Cúntóirí Riachtanas Speisialta
Bunaithe ar gcomhairle reatha ó FSS, is gá do dhuine a fuair toradh deimhneach ar thástáil COVID-19 fanacht sa bhaile ar feadh cúig lá agus teagmháil le daoine eile a sheachaint.
Tá Saoire Speisialta le Pá tar éis Dhiagnóis COVID-19 ar fáil do mhúinteoir nó cúntóir riachtanas speisialta a fhaigheann toradh deimhneach ar thástáil antaigine COVID-19. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Nóta Faisnéise TC/IN 0016/2024 agus Item was unpublished or removed, ina dtugtar mionsonraí faoi na socruithe oibre agus na socruithe saoire le haghaidh múinteoirí agus cúntóirí riachtanas speisialta atá fostaithe i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna aitheanta.
Baill Foirne Eile
Féach Item was unpublished or removed dar teideal ‘Coróinvíreas (COVID-19): Socruithe Oibre Nuashonraithe le haghaidh Múinteoirí agus Cúntóirí Riachtanas Speisialta atá fostaithe i mBoird Oideachais agus Oiliúna’.
Conas iarratas a dhéanamh ar Shaoire Speisialta COVID-19
Múinteoirí agus Cúntóirí Riachtanas Speisialta
Ní mór do Mhúinteoirí agus do Chúntóirí Riachtanas Speisialta an fhoirm in Aguisín A de Nóta Faisnéise TC/IN 0016/2024 a chomhlánú agus í a chur isteach chuig a bhfostóir a luaithe is féidir.
Baill Foirne Eile
Ba cheart do Bhaill Foirne seachas Múinteoirí agus Cúntóirí Riachtanas Speisialta atá fostaithe i mBoird Oideachais agus Oiliúna an fhoirm in Aguisín A de Chiorclán 0039/2022 a chomhlánú.
Mionsonraí Teagmhála
Múinteoirí agus Cúntóirí Riachtanas Speisialta: An Rannán Téarmaí agus Coinníollacha - Múinteoirí agus Cúntóirí Riachtanas Speisialta
Teacher and SNAs: Teacher/SNA Terms and Conditions Section
- Seoladh:
- Teacher/SNA Terms & Conditions, Department of Education, Cornamaddy, Athlone, Co. Westmeath N37 X659
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
(090) 648 3734
- Achoimre:
- Special Needs Assistants (SNAs) are encouraged to submit queries regarding SNA Leave Schemes to their employers in the first instance. All employers have access to applicable Circulars relating to SNA Leave Schemes. Queries relating to statutory and non-statutory SNAs Leave Schemes can be submitted to Leave Admin Section, Teacher/SNA Terms and Conditions Section at the email address above. Recruitment and Appointment Unit in Teacher/SNA Terms and Conditions Section sets out the recruitment and appointment procedures for SNAs for the primary and post primary sector. Queries should be submitted to PORqueries@education.gov.ie