Creidmheas Incriminteach do Mhúinteoirí agus do Chúntóirí Riachtanas Speisialta
- Foilsithe: 31 Eanáir 2020
- An t-eolas is déanaí: 16 Bealtaine 2024
Féadfar creidmheas incriminteach a bhronnadh ar mhúinteoirí cáilithe bunscoile/iarbhunscoile ar shon seirbhíse ábhartha mhúinteoireachta agus neamh-mhúinteoireachta agus ar chúntóirí riachtanas speisialta cáilithe ar shon a dtaithí ábhartha chun críche dul chun cinn ar an scála tuarastail incrimintigh.
Conas Iarratas a Dhéanamh
Ní mór do mhúinteoirí agus do chúntóirí riachtanas speisialta na foirmeacha iarratais ábhartha ceangailte leis na ciorcláin a phléann le creidmheas incriminteach féach thíos:
Múinteoirí Bunscoile
Múinteoirí Iarbhunscoile
Múinteoirí Scoile Iarbhunscoile Príobháidí
Cúntóirí Riachtanas Speisialta
Ina dhiaidh sin, ní mór foirmeacha a chur ar aghaidh chuig an bhfostóir roimhe seo/na fostóirí roimhe seo chun an tseirbhís a fhíorú.
I gcás éilitheora atá fostaithe i mbunscoil/i meánscoil/i bpobalscoil/i scoil chuimsitheachn ní mór don fhostóir roimhe seo an fhoirm a chur ar ais chun críche próiseála chuig:
Teacher Special Needs Assistants Terms and Conditions, Incremental Credit Unit
- Seoladh:
- Department of Education, Athlone, Co Westmeath, N37 X659
- Ríomhphost:
I gcás éilitheora atá fostaithe i Bhord Oideachais agus Oiliúna (BOOanna), ní mór an fostóir roimhe sin an fhoirm a chur ar ais chun críche próiseála chuig:
Príomhfheidhmeannach an Bord Oideachais agus Oiliúna ábhartha ina bhfostaítear an t-éilitheoir faoi láthair.
Achomhairc
Féadfaidh múinteoirí cáilithe bunscoile agus iarbhunscoile achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh chun éileamh creidmheasa incrimintigh do sheirbhís ábhartha neamh-mhúinteoireachta a theorannú nó a dhiúltú chuig coiste neamhspleách achomharc. Ní mór an t-iarratas achomharc a dhéanamh i scríbhinn chuig:
Teacher Special Needs Assistants Terms and Conditions, Incremental Credit Unit
- Seoladh:
- Department of Education, Athlone, Co Westmeath, N37 X659
- Ríomhphost: