English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Deontas Teicneolaíochta Cúnta

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 4 Samhain 2019
  • An t-eolas is déanaí: 24 Deireadh Fómhair 2023


Deontas Teicneolaíochta Cúnta

Faoin scéim um Theicneolaíocht Oiriúnaitheach, cuirtear maoiniú ar fáil do scoileanna i leith costas ríomhairí agus trealaimh speisialaithe, atá riachtanach chun críocha oideachais. Cuirtear trealamh ar fáil faoin scéim seo do leanaí le míchumais níos casta a dteastaíonn trealamh riachtanach uathu, trealamh nach bhfuil ann cheana féin, chun teacht ar churaclam na scoile, nó nach féidir a sholáthar dóibh trí sholáthar TF reatha na scoile.

Leagtar na critéir do scéim Teicneolaíochta Oiriúnaithe na Roinne amach i gCiorclán na Roinne 0010/2013, atá ar fáil ag an nasc seo a leanas:

0010/2013
Amharc amharc

An dóigh le hiarratas a dhéanamh

Tá an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS), trína líonra d'Oifigigh um Riachtanais Oideachais Speisialta (OROSanna), freagrach as iarratais ó scoileanna le haghaidh tacaíochta teicneolaíochta oiriúnaithí a phróiseáil. Tá mionsonra i breise – lena n-áirítear an fhoirm iarratais, ar chóir don scoil a chomhlánú – ar fáil ar shuíomh gréasáin CNOS: http://ncse.ie/for-schools


An dóigh le hachomarc a dhéanamh

Breithneoidh an roinn achomharc ó scoil sa chás:

  • Nár deonaíodh teicneolaíocht Oiriúnaithe, nó
  • I gcás nuair a deonaíodh teicneolaíocht oiriúnaithe ina leith, ach gur mian leis an scoil méid an deontais, nó an trealamh sonrach a chuirtear ar fáil a achomharc.

Chun achomharc a dhéanamh, ní mór don scoil an fhoirm achomhairc thíos a chomhlánú, agus í a chur isteach mar seo a leanas:

Bunscoileanna nó Scoileanna Speisialta (agus Iar-Bhunscoileanna má bhaineann soláthar chlostrealaimh leis an iarratas):

An tArdoifigeach Feidhmiúcháin (Teicneolaíocht Oiriúnaitheach), An Rannóg Oideachais Speisialta, An Roinn Oideachais, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí N37 X659.

Iarbhunscoileanna:

An tArdoifigeach Feidhmiúcháin (Teicneolaíocht Oiriúnaitheach) Rannóg Airgeadais na Scoileanna, ROS, Cor na Madadh, Baile Átha Luain, N37 X659

Tábhachtach: Níor cheart an fhoirm iarratais bhunaidh agus/nó na tuairiscí gairmiúla a cuireadh ar fáil don ESRO a chur isteach arís leis an bhfoirm achomhairc. Sa chás go bhfuil tuairiscí nua nó nuashonraithe ar fáil, is féidir iad sin a chur faoi bhráid an ESRO chun tacú le hiarratas nua. Ní féidir achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh gan Teicneolaíocht Oiriúnaitheach a dheonú ach amháin nuair atá an t-achomharc sin bunaithe ar an bhfaisnéis ar a ndearnadh an cinneadh bunaidh.


Sonraí teagmhála

Bunscoileanna nó Scoileanna Speisialta

  • Ríomhphost: special_education@education.gov.ie
  • Fón: (090)6484187
  • Seoladh: An Rannóg um Teicneolaíocht Oiriúnaitheach, An Roinn Oideachais, Cor na Madadh, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí, N37 X659

Iarbhunscoileanna

  • Ríomhphost: sdfinfo@education.gov.ie
  • Fón: (090) 648 3750, (090) 648 3768
  • Seoladh: An Rannóg um Teicneolaíocht Oiriúnaitheach, An Roinn Oideachais, Cor na Madadh, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí, N37 X659