English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Iompar Scoile



Tairseach Custaiméir Iompair Scoile

Tairseach Custaiméir nua ar fáil do gach duine atá ag iarriadh tarraing isteach leis an aonad iompair scoile.

Is foirm ar líne é atá ar fáil go héasca agus simplí a líonadh. Tabharfaidh sé leide duit an t-eolas ar fad atá ag teastáil a iontráil ionas go féidir leis An Roinn Oideachais a chinntiú go mbeadh gach idirghníomhú leis an gcustaiméir próiseáilte go pras agus proifisiúnta.


Seirbhísí na Scéime Iompair Scoile don scoilbhliain 2025/2026 - dátaí tábhachtacha

Iarratais ar iompar scoile don scoilbhliain 2025/26

Tá tairseach iarratais ar líne Bhus Éireann oscailte anois

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne chuig Bus Éireann ag www.buseireann.ie/schools nó cliceáil anseo Tairseach Bhus Éireann.

Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas nua ná an Aoine, 25 Aibreán 2025.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh agus sonraí cárta leighis a íoc nó a chur isteach ag an am céanna.

Is é an spriocdháta le haghaidh íocaíochtaí nó sonraí cárta leighis a chur isteach ná an Aoine, 6 Meitheamh 2025.

Cé a chaithfidh iarratas a dhéanamh

  • Daltaí nach ndearna iarratas ar iompar scoile riamh.
  • Daltaí a bheidh ag tosú sna naíonáin shóisearacha nó sa chéad bhliain den chéad uair sa scoilbhliain 2025/26.
  • Daltaí a bheidh ag athrú seoladh baile nó a bheidh ag bogadh go scoil eile sa scoilbhliain 2025/26.

Má dhéanann tú iarratas tar éis an spriocdháta, beidh d’iarratas déanach agus b’fhéidir nach bhfaighidh tú ticéad.

Saoráid íocaíochta do 2025/26 oscailte anois

Ní mór duit íocaíocht nó sonraí cárta leighis a chur isteach i gcás:

  • Iarratasóra nua
  • Dalta a d’úsáid iompar scoile roimhe seo agus a dteastaíonn suíochán uaidh don scoilbhliain 2025/26

Is é an spriocdháta le haghaidh íocaíochtaí nó sonraí cárta leighis a chur isteach ná an Aoine, 6 Meitheamh 2025.

Má dhéanann tú íocaíocht nó má chuireann tú sonraí cárta leighis isteach tar éis an dáta seo, beidh sé déanach, agus b’fhéidir nach bhfaighidh tú ticéad.

Táillí ticéid iompair scoile

Is iad na táillí bliantúla do sheirbhísí Iompar Scoile don scoilbhliain 2025/26 ná:

Dalta Bunscoile Incháilithe/Lamháltais €50
Scoláire Iar-bhunscoile Incháilithe/ Lamháltais €75
Uasmhéid Ranníocaíochta Teaghlaigh €125

Sealbhóirí cárta leighis

Ní chaithfidh leanaí atá incháilithe d’iompar scoile agus a bhfuil cárta leighis bailí (Scéim GMS) acu an táille bhliantúil a íoc. Ní mór, áfach, sonraí an chárta leighis a chur isteach chuig Tairseach Bhus Éireann faoin 6 Meitheamh 2025.

Má chuirtear sonraí cárta leighis isteach tar éis an dáta seo beidh sé déanach agus seans nach bhfaighidh tú ticéad.

Dúnadh Sealadach an Tairsigh

Dúnfar tairseach teaghlaigh Bhus Éireann ar feadh 3 seachtaine ag tosú an 7 Meitheamh 2025. Tabharfaidh sé seo am do Bhus Éireann pleanáil don scoilbhliain nua.

Sonraí teagmhála Bhus Éireann

Déanann Bus Éireann an Scéim Iompar Scoile a reáchtáil thar ceann na Roinne Oideachais. Tá ionad glaonna cúram custaiméirí tiomnaithe aige chun cabhrú le teaghlaigh le ceisteanna iompair scoile.

Má tá aon cheist agat, is féidir leat glaoch ar an lárionad ag Íosghlao 0818 919 910. Tá na línte gutháin ar oscailt ó 9:00 am go 5:00 pm, Luan go hAoine.

Is féidir leat do cheisteanna a chur chuig Bus Éireann ar líne freisin.

Sonraí teagmhála na Rannóige Iompar Scoile

Más mian leat teagmháil a dhéanamh leis an Rannóg Iompar Scoile is féidir leat teagmháil a dhéanamh ar líne trí Foirm Cheisteanna Custaiméara

Critéir incháilitheachta

Is iad seo a leanas na critéir incháilitheachta d’Iompar Scoile don scoilbhliain 2025/26:

Tá leanaí i dteideal iompar scoile má chomhlíonann siad na critéir seo a leanas:

  • Bunleibhéal: Maireann siad ar a laghad 3.2 km ón scoil náisiúnta is gaire dóibh, mar a chinneann an Roinn/Bus Éireann, agus éiteas agus teanga na scoile san áireamh.
  • Iar-bhunleibhéal: Cónaíonn siad ar a laghad 4.8 km ón iar-bhunscoil nó ón ionad oideachais is gaire dóibh, mar a chinneann an Roinn/Bus Éireann, agus éiteas agus teanga na scoile san áireamh.

Gheobhaidh leanaí incháilithe a chomhlánaíonn an próiseas iarratais agus íocaíochta in am suíochán ar sheirbhís bus scoile, má tá seirbhís ar fáil.

Déanfar leanaí nach bhfuil incháilithe d’iompar scoile ach a chomhlánaíonn an próiseas iarratais agus íocaíochta in am a mheas le haghaidh aon suíochán breise a bheidh ar fáil tar éis freastal ar leanaí incháilithe. Tugtar suíocháin lamháltais ar na suíocháin spártha seo.

D’fhéadfadh go mbeadh níos mó éilimh ar shuíocháin lamháltais ná an méid suíochán a bheidh ar fáil. I gcásanna dá leithéid, úsáidfidh Bus Éireann próiseas roghnaithe comhaontaithe chun ticéid a leithdháileadh do na suíocháin spártha.

Leanfar le bearta maolaithe sealadacha don scoilbhliain 2025/26. Ciallaíonn sé seo, má tá seirbhísí ar fáil agus dóthain spáis ann, go gcuirfear iompar ar fáil do dhaltaí lamháltais atá i dteideal iompair chuig an scoil is gaire dóibh ach atá ag freastal ar an dara scoil nó ar an ionad iar-bhunscoile is gaire dóibh. Ní dhéanfar é seo ach i gcás go ndéanann siad iarratas agus go n-íocann siad in am.


Iompar Scoile 2030 – Athbhreithniú ar an Scéim Iompair Scoile

Tá athbhreithniú ar an Scéim Iompair Scoile, a rinneadh i dtrí chéim, curtha i gcrích. Tá an tuarascáil as gach céim, chomh maith leis hachoimre ar an tuarascáil, ar fáil anseo. Sa tuarascáil deiridh, “Iompar Scoile 2030 Athbhreithniú ar an Scéim Iompair Scoile – Céim 3 den Tuarascáil” tá moltaí inti faoi fheidhmiú na scéime sa todhchaí. Cuirfear na moltaí seo i bhfeidhm ar bhonn céimnithe idir anois agus 2030.


An Úcráin

Leanfaidh an Roinn Oideachais agus Bus Éireann ag cur seirbhísí Scéime Iompair Scoile ar fáil do leanaí atá ag teacht go hÉirinn ón Úcráin. Leanfar ag fáil iarratas go laethúil de réir mar a dhéantar teaghlaigh a athlonnú nó de réir mar a thagann teaghlaigh nua isteach. Tá gach iarracht á déanamh lena chinntiú go bhfuil seirbhísí iompair scoile faoi lánseol de réir mar is gá leo. Uaireanta, i roinnt cásanna, d’fhéadfadh sé am a ghlacadh seirbhísí a shocrú do theaghlaigh. Tá an t-eolas iomlán maidir leis an bpróiseas ar fáil ar Item was unpublished or removed agus tá sé ar fáil as Úcráinis, as Béarla agus as Rúisis.


Scéimeanna Iompair Scoile na Roinne Oideachais

Feidhmíonn Bus Éireann na scéimeanna iompair scoile thar ceann na Roinne Oideachais.

Mar chuid den scéim, cuirtear iompar ar fáil go dtí scoil agus ar ais ón scoil dóibh seo a leanas:

  • leanaí atá ina gcónaí i bhfad ón mbunscoil agus ón iar-bhunscoil is gaire dóibh
  • leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu

Cé atá incháilithe

Bunscoileanna

Tacaíonn an scéim iompair bunscoile le leanaí atá ina gcónaí níos mó ná 3.2 chiliméadar ón mbunscoil agus atá ag freastal ar an mbunscoil is gaire dóibh a iompar chuig an scoil agus uaithi.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar an scéim, lena n-áirítear critéir incháilitheachta, féach thíos:

Primary School Transport Scheme

Iar-bhunscoileanna

Tacaíonn an scéim iompair iar-bunscoile le leanaí atá ina gcónaí níos mó ná 4.8 ciliméadar ón iar-bhunscoil/ionad oideachais agus atá ag freastal ar an iar-bhunscoil/ionad oideachas is gaire dóibh a iompar chuig an scoil/ionad oideachais agus uaithi/uaidh. Tá sé faoi réir na n-eisceachtaí seo a leanas:

  • D’fhéadfadh leanaí a roghnaíonn freastal ar an scoil shainchreidmheach mhionlaigh is gaire dóibh mar gheall ar éiteas reiligiúnach a bheith incháilithe d’iompar scoile chuig an scoil sin, fiú murab í an scoil is gaire dóibh í.
  • D’fhéadfadh leanaí a roghnaíonn freastal ar an scoil/aonad lán-Ghaeilge is gaire dóibh a bheith incháilithe d’iompar scoile chuig an scoil/aonad sin, fiú murab í an scoil is gaire dóibh í.
  • D’fhéadfadh leanaí a roghnaíonn freastal ar an scoil/aonad uile-Béarla is gaire dóibh a bheith incháilithe d’iompar scoile chuig an scoil/aonad sin, fiú murab í an scoil is gaire dóibh í.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin scéim, lena n-áirítear critéir incháilitheachta, féach thíos:

Post-primary School Transport Scheme


Conas iarratas a dhéanamh

Ní mór iarratais don scéim Iompair Bunscoile agus/nó don Scéim Iompair Iar-bhunscoile a chur isteach ar líne trí shuíomh gréasáin Bhus Éireann trína thairseach teaghlaigh. Ní gá ach do dhaltaí nua iarratas a dhéanamh, nó iad siúd a bhfuil seoladh/scoil athraithe acu. Leanfaidh leanbh atá incháilithe d’iompar scoile sa scéim mura mbíonn aon athrú ar a c(h)úinsí.

Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratas go hiondúil an Aoine deiridh i mí Aibreáin don chéad scoilbhliain eile. Tá sé tábhachtach buseireann.ie a sheiceáil le haghaidh uasdátuithe ar na dátaí tosaigh agus deiridh den tairseach teaghlaigh.

Tá próiseas iarratais déanach ann. Is féidir leat iarratas a dhéanamh go fóill ar iompar scoile i ndiaidh dháta deiridh an iarratais. Is ‘iarratas déanach’ é iarratas ar bith a dhéantar a chomhlánú tar éis an dáta deiridh. Má tá d’iarratas déanach, b’fhéidir nach mbeidh suíochán le fáil agat ar sheirbhís.

Ní féidir cinneadh a dhéanamh maidir le hincháilitheacht ach amháin nuair a dhéantar an measúnú. Ní dhéanfar measúnú ar “iarratais dhéanacha” ach amháin nuair atá na hiarratais ar fad a bhí “in am” próiseáilte. Tabhair faoi deara le do thoil nach féidir a dhearbhú go mbeidh suíocháin le fáil ar sheirbhísí d’iarratasóirí déanacha. Chun Seirbhísí na Scéime Iompair Scoile a úsáid, caithfidh ticéad bailí a bheith ag na daltaí le bheith in ann taisteal.

Athrú seoladh nó scoil nua

Má athraíonn do chúinsí le linn na bliana acadúla, beidh gá le measúnú a dhéanamh ar iarratas nua. Ní mor foirm iarratais nua ar iompar scoile a chur isteach ar shuíomh gréasáin Bhus Éireann mar ní bheidh do sheanticéad bailí a thuilleadh.


Deontas Ceantar Iargúlta

Níl aon fhoirm iarratais dhíreach do Dheontas Ceantar Iargúlta. Ní féidir measúnú a dhéanamh le haghaidh Deontas Ceantar Iargúlta ach amháin nuair a dhéantar cinneadh maidir le hincháilitheacht do scéim Iompair Scoile tar éis iarratas a dhéanamh ar iompar scoile trí shuíomh gréasáin Bhus Éireann. Is féidir teacht ar thuilleadh eolais maidir le hiarratais ar shuíomh gréasáin Bhus Éireann.

Tá deontais ceantar iargúlta iníoctha ag an roinn mar shíntiús i dtreo socruithe iompair phríobháidigh do dhaltaí incháilithe nach bhfuil aon seirbhís iompar ar fáil dóibh. Is féidir na deontais seo a íoc do dhaltaí incháilithe atá ina gcónaí 3.2km nó níos mó ón bpointe bailithe is gaire dóibh don iompar scoile.

Ní mór iarratas ar iompar a chur isteach do gach leanbh ina dhiaidh sin a bhfuil iompar ag teastáil uaidh/uaithi, fiú i gcásanna ina bhfuil an Deontas Ceantar Iargúlta á fháil ag an teaghlach cheana féin.

Athrú seoladh nó scoil nua

Má athraíonn do chúinsí le linn na bliana acadúla, beidh gá le measúnú a dhéanamh ar iarratas nua. Ní mor foirm iarratais nua ar iompar scoile a chur isteach ar shuíomh gréasáin Bhus Éireann mar ní bheidh do sheanticéad bailí a thuilleadh.

Déan rochtain ar thuilleadh eolais faoin Deontas Ceantar Iargúlta thíos.

Remote Area Grant Information Note


Má tá an scoil is gaire duit lán

Má tá iarratas déanta agat chun freastal ar an scoil is gaire duit de bharr an éitis agus na teanga agus má chuir údaráis na scoile in iúl duit go bhfuil sí lán, déanfaidh an roinn breithniú an bhfuil tú incháilithe don chéad scoil eile is gaire duit.

Cuir fianaise na ndoiciméad seo a leanas ar fáil le do thoil mar chruthúnas:

  • Iarratas ar rollú a rinneadh laistigh de na spriocdhátaí atá sonraithe ag an scoil, agus
  • litir ó údaráis na scoile ina ndeimhnítear go raibh an scoil lán uair an rollaithe

Is féidir fiosruithe ar leith a sheoladh chuig school_transport@education.gov.ie


Leanaí a bhFuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu

Tacaíonn an scéim iompair scoile le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a thagann ó mhíchumas diagnóisithe a iompar chuig an scoil agus ón scoil.

Déantar cinneadh maidir le bheith incháilithe tar éis comhairliúcháin leis an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) trína líonra d’Eagraithe Riachtanas Speisialta Oideachais (ERSO).

Ba chóir don tuismitheoir, an scoil agus an ERSO na foirmeacha iarratais a chomhlánú agus a shíniú.

Athrú seoladh nó scoil nua

Sna cásanna ina bhfuil seoladh baile agus/nó an scoil á (h)athrú ag leanbh, ba chóir do phríomhoide na scoile iarratas a dhéanamh chuig an ERSO.

Déan rochtain ar thuilleadh eolais faoin scéim, lena n-áirítear critéir incháilitheachta, thíos.

Iarratas ar Iompar Scoile do Leanaí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu


Deontas Iompair Speisialta

Is féidir le tuismitheoir/caomhnóir leas a bhaint as Deontas Iompair Speisialta (DIS) do leanbh a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Ní mór go mbeadh iarratas ar iompar scoile faoin scéim a bheith déanta sular féidir Deontas Iompair Speisialta (DIS) a mheas.

Áit nach féidir leibhéal réasúnta de sheirbhís iompair a sholáthar, d’fhéadfadh an roinn Deontas Iompair Speisialta (DIS) i dtreo chostas na socruithe iompair phríobháidigh a sholáthar ar an mbunús atá leagtha amach thíos:

  • Nach bhfuil Bus Éireann in ann leibhéal réasúnta seirbhíse a eagrú don leanbh
  • go bhfuil an tEagraí Riachtanas Speisialta Oideachais (ERSO), faoi threoir tuarascálacha gairmiúla iomchuí nó tríd an eolas a chuireann an t-údarás scoile ábhartha ar fáil, sásta gur cineál é nádúr míchumais an linbh, nach mbeadh sé/sí in ann leas a bhaint as seirbhís bus scoile sceidealaithe a bhailíonn leanaí eile ar an mbealach

Le héifeacht ó thús na scoilbhliana 2024/2025, méadófar ráta an Deontais Iompair Speisialta mar a moladh san athbhreithniú ar an scéim iompair scoile. Ba cheart an ráta a mhéadú go 41.80 cent don chéad 6,437 gciliméadar a thaistealaítear agus go 31.78 cent in aghaidh an chiliméadair do gach ciliméadar a thaistealaítear ina dhiaidh sin.

Tá deontais faoi réir athbhreithnithe thréimhsiúil agus d’fhéadfaidís a bheith éagsúil nó d’fhéadfaí iad a tharraingt siar áit a n-athraíonn cúinsí.

Ceadaítear an Deontas Iompair Speisialta ó dháta an iarratais. Ní gné den Deontas Iompair Speisialta iad íocaíochtaí cúlghabhálacha.

Deontas Iompair Speisialta Eatramhach

Is féidir Deontas Iompair Speisialta Eatramhach a chur ar fáil do theaghlaigh de leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, atá, tar éis an phróisis iarratais, incháilithe faoi théarmaí na scéime iompair scoile agus atá ag fanacht go gcuirfí seirbhís Iompair Scoile i bhfeidhm.

Is íocaíocht aon uaire é an deontas seo. Tairgtear an deontas eatramhach ó dháta an iarratais chun cuidiú le costas na socruithe iompair phríobháidigh atá curtha i bhfeidhm ag an teaghlach go dtí go bhfuil seirbhís iompair réidh le tosú.

Ba chóir do theaghlaigh teagmháil a dhéanamh leis an Rannóg Iompair Scoile ag: school_transport@education.gov.ie le haghaidh tuilleadh eolais faoin Deontas Iompair Speisialta Eatramhach seo.

Tionlacan Bus

Fostaítear Tionlacain Bus ar bord seirbhíse iompair scoile a chuirtear ar fáil trí Bhus Éireann áit ar cineál riachtanais cúraim agus sábháilteachta iad an leanbh agus é/í ar bord an iompair scoile go bhfuil gá le tacaíocht tionlacain.

Fostaíonn Údarás Bainistíochta na Scoile Tionlacan an Bhus Scoile.

Ba chóir fiosruithe a bhaineann le tionlacain bus a chur ar aghaidh go dtí Údaráis Bhainistíochta na Scoileanna.

Clár an tSamhraidh

I gClár an tSamhraidh, tairgtear tacaíocht foghlama do thréimhse shonraithe i rith laethanta saoire an tsamhraidh do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

Is gá do scoileanna a bhfuil Clár an tSamhraidh á reáchtáil acu na leanaí a bhfuil iompar scoile ag teastáil uathu a chlárú. Cuirtear iompar do Chlár an tSamhraidh ar fáil do leanaí atá ag glacadh páirt sa chlár scoilbhunaithe, atá incháilithe d’iompar scoile do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus atá ar sheirbhís faoi láthair. Áit nach bhfuil seirbhísí ar fáil do leanaí a bhaineann leas as iompar faoin scéim seo go hiondúil, tá maoiniú deontais iníoctha le tuismitheoirí/caomhnóirí incháilithe tar éis chlár an tsamhraidh a bheith curtha i gcrích.

Tuilleadh eolais maidir le Clár an tSamhraidh

Iarratas Iompair Scoile ar Iompar Scoile ar Chúiseanna Leighis

D’fhéadfadh an roinn breithniú a dhéanamh ar shocruithe iompair speisialta ar chúiseanna leighis. Chun iarratas a dhéanamh ar iompar scoile ar chúiseanna leighis, déan rochtain ar an nasc seo a leanas le do thoil : Iompar Scoile - Iarratas ar Iompar Scoile ar Chúiseanna Leighis


Próiseas na nAchomharc ar Iarratais ar Iompar Scoile

Má diúltaíodh d’iarratas ar iompar scoile, tá tú i dteideal achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh chuig an Bord na nAchomharc Iompair Scoile

Tá an Bord neamhspleách i bhfeidhmiú a fheidhmeanna ach gníomhaíonn sé i gcomhréir (a) lena Théarmaí Tagartha mar a chinnfidh an tAire agus (b) le sraith Nósanna Imeachta Oibriúcháin.

Is iad seo a leanas na cineálacha cinntí a bhféadfaí achomharc a dhéanamh orthu:

  • cinntí atá déanta ag an Roinn Oideachais nó ar a son faoi théarmaí na Scéime Iompair Scoile Bunscoile/Iar-bhunscoile agus na Scéime Iompair Scoile do Leanaí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu
  • cinntí déanta ag an roinn nó ar a son faoi na scéimeanna deontais éagsúla d’iompar scoile
  • cinntí déanta ag Bus Éireann faoi na Treoirlínte um Smacht agus na Nósanna Imeachta chun Déileáil le Mí-iompar Líomhnaithe ar Iompar Scoile ach nach bhfuil cásanna san áireamh a mheasann Bus Éireann go bhfuil mí-iompar tromchúiseach i gceist atá mar bhagairt do shábháilteacht agus d’fholláine na ndaltaí agus/nó don tiománaí nó d’fheidhmiú sábháilte na seirbhíse go ginearálta
  • d’fhéadfadh tuismitheoirí nó daltaí atá os cionn 18 mbliana d’aois achomharc a dhéanamh ar chinneadh atá déanta ag an Roinn Oideachais faoi théarmaí na scéimeanna iompair scoile nó ar chúnamh deontais faoi théarmaí na scéimeanna iompair
  • d’fhéadfadh tuismitheoirí nó daltaí atá os cionn 18 mbliana d’aois achomharc a dhéanamh ar chinneadh atá déanta ag an Roinn Oideachais faoi théarmaí na scéimeanna iompair scoile nó ar chúnamh deontais faoi théarmaí na scéimeanna iompair

Is é ról an Bhoird a chinntiú go gcuirtear téarmaí na Scéime Iompair Scoile i bhfeidhm i gceart.

Le hachomharc a dhéanamh ar chinneadh na Roinne Oideachais/Bhus Éireann, bain úsáid as an nasc seo a leanas: Bord na nAchomharc Iompair Scoile


Scéim Iompair Scoile - tionscadail phíolótacha 2024/2025

Cuireadh athbhreithniú ar an Scéim Iompair Scoile i gcrích le déanaí. I ndiaidh fhaomhadh an Rialtais ag deireadh mhí Feabhra, foilsíodh Iompar Scoile 2030. Tá an Rialtas tiomanta d’obair a dhéanamh chun moladh na tuarascála a bhaint amach maidir le rochtain ar an scéim a mhéadú, ionas go mbeifear in ann 100,000 scoláire breise a iompair faoin mbliain 2030.

Cuirfear tús le cur i bhfeidhm céimnithe ar mholtaí na tuarascála i mí Mheán Fómhair 2024. Mar a tugadh le fios ag am sheoladh Athbhreithniú an Iompair Scoile, áireofar leis sin iarracht chomhroinnte idir an Roinn Oideachais agus an Roinn Iompair, tacaithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) agus Bus Éireann, chun comhtháthú níos fearr líonraí iompair phoiblí reatha le bealaí iompair iar-bhunscoile a reáchtáil ar bhonn píolótach agus a thabhairt isteach. Aithníodh dhá limistéar do na tionscadail phíolótacha tosaigh seo:

• Ceann amháin i limistéar Luimnigh/na Sionainne

• Ceann amháin i limistéar Ros Comáin/Bhaile Átha Luain.

I ndiaidh dhúnadh an phróisis iarratais don chéad scoilbhliain eile, déanfar machnamh ar thuilleadh tionscadal píolótach i limistéir eile na tíre. Déanfar é seo a chur san áireamh in áiteanna ina bhfuil éileamh féideartha ann agus nach bhfuil acmhainn/acmhainní mar shaincheist áirithe ann.

Tá an Scéim Iompair Scoile suntasach ó thaobh scála de agus tógfaidh sé am agus pleanáil chúramach chun na hathruithe, de réir mar a mholtar san athbhreithniú, a chur i bhfeidhm. Mar chuid den anailís a rinneadh don athbhreithniú, d’aithin an Roinn fás réamh-mheasta ar líon na scoláirí go náisiúnta. Tá obair ag tosú ar na sonraí seo a phleanáil agus a mhapáil, le húsáid a bhaint as teicneolaíocht CFG, leis an bpleanáil is fearr maidir leis an scéim seo a leathnú a chinntiú. Leanfar le rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara, lena n-áirítear teaghlaigh agus pobail scoile, de réir mar a chuirtear athruithe na scéime i bhfeidhm.

Cuirfear tús le cur i bhfeidhm céimnithe ar mholtaí na tuarascála i mí Mheán Fómhair 2024. Áireofar leis sin iarracht chomhroinnte idir an Roinn Oideachais agus an Roinn Iompair, tacaithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) agus Bus Éireann, chun comhtháthú níos fearr líonraí iompair le bealaí iompair scoileanna a reáchtáil ar bhonn píolótach agus a thabhairt isteach.

Aithníodh dhá limistéar do na tionscadail phíolótacha tosaigh seo:

• Ceann amháin i limistéar Luimnigh/na Sionainne

• Ceann amháin i limistéar Ros Comáin/Bhaile Átha Luain.

Cuirfear na tionscadail phíolótacha atá beartaithe le linn na scoilbhliana 2024/2025 léargais luachmhara ar

• an tionchar a bheidh ag éileamh méadaithe ar an scéim.

• an fhéidearthacht seirbhísí iompair phoiblí a chomhtháthú le seirbhísí iompair scoile.

• éascú mhodhanna iompair níos inbhuanaithe

Tabharfar leid leis na léargais seo ar scála na pleanála agus cur i bhfeidhm a bheidh ag teastáil ó Scéim Iompair Scoile athbhreithnithe a chur i bhfeidhm ar bhonn náisiúnta, chun comhtháthú sheirbhísí iompair phoiblí agus iompair scoile a chur san áireamh.

Beidh an Roinn Oideachais ag dul i dteagmháil le teaghlaigh agus scoileanna sna limistéir phíolótacha chun comhairle a thabhairt dóibh maidir leis an méid atá i ndán dóibh agus conas iarratas a chur isteach ar iompar más mian leo.

Tá sonraí iomlána ar athbhreithniú na scéime ar fáil ag Item was unpublished or removed


Tairseach Custaiméir Iompair Scoile

Tairseach Custaiméir nua ar fáil do gach duine atá ag iarriadh tarraing isteach leis an aonad iompair scoile.

Is foirm ar líne é atá ar fáil go héasca agus simplí a líonadh. Tabharfaidh sé leide duit an t-eolas ar fad atá ag teastáil a iontráil ionas go féidir leis An Roinn Oideachais a chinntiú go mbeadh gach idirghníomhú leis an gcustaiméir próiseáilte go pras agus proifisiúnta.


Teagmháil eile

Tairseach Custaiméir nua ar fáil do gach duine atá ag iarriadh tarraing isteach leis an aonad iompras scoile.

Iompar Scoile Bhus Éireann

Tá sonraí teagmhála d’oifigí Iompair Scoile Bhus Éireann ar fáil.

Rannóg Iompair Scoile, An Roinn Oideachais

  • seoladh: An Roinn Oideachais, Iompar Scoile, Bóthar Phort Laoise, Tulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí, R35 Y2NS

Fón

Teileafón Contae
0579325466 Ginearálta
0579324482 Sligeach, Luimneach, Maigh Eo
0579325461, 0579324414, 0579324459 Baile Átha Cliath
0579325462, 0579324397 Corcaigh
0579325436 Muineachán, Loch Garman
0579325458 Ceatharlach, Laois, Cill Mhantáin
0579325465 Dún na nGall, Ciarraí, Longfort
0579325457 Cill Chainnigh
0579325460 Gaillimh, Ros Comáin, Tiobraid Árann
0579324454 Uíbh Fhailí, An Clár, An Cabhán
0579324360 Cill Dara, Lú, Port Láirge
0579325455 Liatroim, An Iarmhí, An Mhí