English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Leabhair Tinrimh ag Leibhéal na Bunscoile agus na hIar-bhunscoile


Bunscoileanna

Leabhar Rolla um Thinreamh Laethúil

Sa Leabhar Rolla um Thinreamh Laethúil taifeadtar tinreamh laethúil agus carnach daltaí aonair ag leibhéal na bunscoile. Baineann an chuid is mó de bhunscoileanna úsáid anois as leagan leictreonach den leabhar rolla agus cuireann sé seo deireadh leis an ngá le leabhar rolla de láimh. Ach, más mian le scoil leanúint ar aghaidh agus cóipeanna crua de na leabhair rolla a úsáid chun tinreamh laethúil na ndaltaí a thaifeadadh (féach Ciorclan 0033/2015 ) ba chóir dóibh ríomhphost a sheoladh chuig: requestrollbooks@education.gov.ie

Ba chóir go mbeadh an méid seo a leanas san áireamh sa ríomhphost:

  • Uimhir rolla na scoile, ainm, seoladh agus teagmháil uimhir fón póca.
  • Líon leabhair rolla atá ag teastáil.

Sa Leabhar Tinrimh Laethúil taifeadtar faisnéis achomair maidir le tinreamh laethúil, míosúil agus bliantúil na ndaltaí (féach Ciorclan 0033/2015). Baineann an chuid is mó de na bunscoileanna leagan úsáid as leagan leictreonach chun tinreamh na ndaltaí a thaifeadadh agus cuireann sé seo deireadh leis an ngá le leabhar rolla de láimh. Don líon beag scoileanna nach n-úsáideann córas leictreonach, is féidir leo an comhad excel atá ceangailte leis seo: Leabhar Tinrimh Laethúil a íoslódáil agus a chomhlánú. Níl an doiciméad seo ar fáil i bhformáid cóip chrua ón Roinn.

Leabhar Tinrimh Laethúil

Leis an Leabhar Tinrimh Laethúil taifeadtar faisnéis achomair maidir le tinreamh laethúil, míosúil agus bliantúil na ndaltaí. I gcomhréir le Ciorclán 0028/2013, (cuir an nasc isteach), nuair a úsáideann scoil córas leictreonach le haghaidh tinreamh daltaí a thaifeadadh níl aon riachtanas ann an Leabhar Tinreamh Laethúil a choimeád freisin. Maidir le scoileanna ar mian leo an próiseas sin a choimeád, áfach, tá an doiciméad sin ar fáil le híoslódáil ag:

Daily attendance book
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil

Níl an doiciméad sin ar fáil i bhformáid chruachóipe ón Roinn.

Clárleabhar

Is taifead é an Clárleabhar de rolluithe daltaí cláraithe na scoile. Níl sé riachtanach do bhunscoileanna an Clárleabhar a choimeád i bhformáid chruachóipe mar coinnítear an fhaisnéis sin i bhformáid leictreonach ar POD (Bunachar Sonraí Ar Líne Bunscoileanna). Tá sé sin leagtha amach i gCuid 4 de Chiorclán 0033/2015. (PDF, from page 3)


Iar-bhunscoileanna

Leabhair Tinrimh Iar-bhunscoileanna

Cuireann an rannóg Rialachais Scoileanna na leabhair sin ar fáil do scoileanna agus is taifid oifigiúla iad. Is féidir iad a iarraidh trí ríomhphost a sheoladh chuig: requestrollbooks@education.gov.ie Ba cheart an méid a leanas a chur san áireamh leis an ríomhphost:

  • uimhir rolla, ainm, seoladh agus uimhir theagmhála fhón póca na scoile.
  • cainníocht na Leabhar Tinrimh atá de dhíth.

Comhaid Ghaolmhara

0033/2015
Amharc amharc
0028/2013
Amharc amharc