English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Leithdháileadh Cúntóirí Riachtanais Speisialta 2022/23

Fógra d'Údaráis Bhainistíochta Scoileanna

Beidh na socruithe seo a leanas i bhfeidhm maidir le leithdháileadh tacaíochta CRS i gcás daltaí i ranganna príomhshrutha do 2022/23:

a) Coinneofar na leithdháiltí cúntóirí riachtanas speisialta ar ranganna príomhshrutha a bhí i scoileanna an 31 Bealtaine 2022 don scoilbhliain 2022/23. Cruthóidh sé seo cinnteacht bhreise do scoileanna.

b) Beidh próiseas do scoileanna, má mheasann siad go bhfuil a leithdháileadh CRS sa bhreis ar na riachtanas cúraim, chun dul i dteagmháil leis an CNOS. Ba chóir do scoileanna dul i dteagmháil lena nEagraí Riachtanas Speisialta Oideachais CNOS (ERSO) áitiúil chun tús a chur leis an bpróiseas.

c) Leanfaidh an próiseas um athbhreithniú eisceachtúil an CNOS i bhfeidhm le linn na scoilbhliana 2022/23, inar féidir le scoileanna athbhreithniú a fháil ar a leithdháiltí CRS óna dtiocfaidh ceann de na torthaí seo a leanas:

i. Ní dhéanfar aon athrú ar an leibhéal riachtanas cúraim a aithníodh (agus ní dhéanfar aon athrú dá réir ar an leithdháileadh CRS);

ii. Méadófar an leibhéal riachtanas cúraim a aithníodh (agus má bhíonn sé suntasach beidh méadú ar na leithdháiltí CRS do scoileanna);

iii. Laghdófar an leibhéal riachtanas cúraim a aithníodh sa scoil (agus má bhíonn sé suntasach beidh méadú ar na leithdháiltí CRS toisc go bhféadfaí an riachtanas cúraim a bhainistiú le níos lú acmhainní ná mar atá leithdháilte faoi láthair);

Maidir le toradh iii, déanfar an leithdháileadh CRS a choigeartú ag deireadh an téarma scoile ábhartha.

iv. I rith an tsamhraidh déanfaidh an CNOS critéir a fhorbairt le haghaidh clár rollach d’athbhreithnithe spriocdhírithe ar leithdháiltí príomhshrutha CRS a bheadh straitéiseach agus a chuideodh lena chinntiú go ndéantar CRSanna a leithdháileadh ar scoileanna ina bhfuil na daltaí leis an leibhéal is mó riachtanais chúraim shuntasacha acu. Tosóidh an clár píolótach den phróiseas athbhreithnithe spriocdhírithe sa scoilbhliain 2022/23. Déanfaidh an CNOS mionsonraí iomlána an phróisis a eisiúint chuig gach scoil roimh thús na scoilbhliana 2022/23.

Foilseoidh an NCSE leithdháiltí ar a shuíomh Gréasáin www.ncse.ie

Ciorclán Nua foilsithe:

Eisíodh ciorclán nua 35/2022 chuig scoileanna a chlúdaíonn leithdháileadh CRSanna do 2022/23. Imlíníonn an ciorclán:

  • Socrú do leithdháileadh CRSanna príomhshrutha don scoilbhliain 2022/23
  • Próiseas athbhreithnithe eisceachtúil do leithdháiltí príomhshrutha CRS
Ciorclán Uimh 0035/2022
Leithdháileadh Cúntóirí Riachtanais Speisialta 2022/23
Amharc amharc