Múinteoirí ar iasacht chuig Scoileanna Eorpacha
- Foilsithe: 26 Bealtaine 2022
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025
- Post mar Leas-Stiúrthóir do Shraith na Naíscoile agus na Bunscoile den Scoil Eorpach i Frankfurt
- Iasacht - Leibhéal Bunscoile
- Iasachtaí – Leibhéal Iarbhunscoile
- Conas Iarratas a Dhéanamh: Poist ar Iasacht - Leibhéal Bunscoile
- Conas Iarratas a Dhéanamh: Poist ar Iasacht - Leibhéal Iarbhunscoile
- Tuilleadh eolais d’iarrthóirí 2025/26

Post mar Leas-Stiúrthóir do Shraith na Naíscoile agus na Bunscoile den Scoil Eorpach i Frankfurt
Beidh an post mar Leas-Stiúrthóir do Shraith na naíscoile agus na bunscoile den Scoil Eorpach i Frankfurt folamh ar 01 Meán Fómhair 2025.
Conas iarratas a dhéanamh:
Tá na sonraí faoi conas iarratas a dhéanamh ar an bpost seo ar fáil sa Fógra Poiblí agus sa Nóta Eolais atá ar fáil thíos:
- Fógra Poiblí don Phost mar Leas-Stiúrthóir do Shraith na Naíscoile agus na Bunscoile den Scoil Eorpach i Frankfurt
- Nóta Eolais don Phost mar Leas-Stiúrthóir do Shraith na Naíscoile agus na Bunscoile den Scoil Eorpach i Frankfurt.
Seol isteach trí ríomhphost chuig European_Schools@education.gov.ie doiciméad PDF amháin ina bhfuil Curriculum Vitae 'Europass' mar aon leis na doiciméid riachtanacha go léir, mar atá leagtha amach sna rialacháin ag an nasc thíos:
- Regulations for the Appointment and Evaluation of Directors and Deputy Directors of the European Schools
An dáta deiridh le hiarratais a chur isteach
Ní mór comhaid iarratais chomhlánaithe a sheoladh chuig An Rannóg um Chomhar Idirnaisiúnta sa Roinn Oideachais faoi 17.00 ar an Luan, 14 Aibreán 2025.
Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil síneadh ama curtha leis an dáta deiridh go 17.00 Dé Máirt, 22 Aibreán 2025 chun comhaid iarratais a fháil don phost seo.
Iasacht - Leibhéal Bunscoile
Tá roinnt folúntas iasachta ag an mbunleibhéal sna Scoileanna Eorpacha ag tosú ón 01 Meán Fómhair 2025.
Más mian leat iarratas a dhéanamh ar phost iasachta ag an mbunleibhéal sna Scoileanna Eorpacha, caithfidh tú iarratas a dhéanamh ar líne tráth nach déanaí ná 5 p.m ar 10 Feabhra 2025.
Is féidir leat sonraí faoi na poist sna Scoileanna Eorpacha, An Fhoirm Iarratais agus An Nóta Eolais a íoslódáil trí Conas iarratas a dheanamh: poist ar iasacht - leibheal bunscoile, a chliceáil.
Iasachtaí – Leibhéal Iarbhunscoile
Tá roinnt folúntas iasachta ag an dara leibhéal sna Scoileanna Eorpacha ag tosú ón 01 Meán Fómhair 2025.
Más mian leat iarratas a dhéanamh ar phost iasachta ag an iarbhunleibhéal sna Scoileanna Eorpacha, caithfidh tú iarratas a dhéanamh ar líne tráth nach déanaí ná 5 p.m ar 10 Feabhra 2025.
Is féidir leat sonraí faoi na poist sna Scoileanna Eorpacha, An Fhoirm Iarratais agus An Nóta Eolais a íoslódáil trí Conas iarratas a dheanamh: poist ar iasacht - leibheal iarbhunscoilea, a chliceáil.
Tuarastal, liúntais, pinsean agus téarma iasachta
Faigheann múinteoirí tuarastal a íocann an Roinn Oideachais, atá inphinsin faoi Scéim Pinsin na Múinteoirí. Faigheann múinteoirí atá ar iasacht chuig na Scoileanna Eorpacha tuarastal breise ó na Scoileanna Eorpacha freisin. Tá sonraí maidir le luach saothair agus liúntais do mhúinteoirí ar fáil ar shuíomh gréasáin na Scoileanna Eorpacha www.eursc.eu.Is iasacht ar feadh uastréimhse naoi mbliana é gach post
Conas Iarratas a Dhéanamh: Poist ar Iasacht - Leibhéal Bunscoile
Seol an Fhoirm Iarratais i bhformáid PDF mar aon leis na doiciméid tacaíochta riachtanacha trí ríomhphost le do thoil, chuig: European_schools@education.gov.ie
Tabhair faoi deara le do thoil:
- Leanfaidh an painéal ar aghaidh go dtí an 1 Meán Fómhair, 2025 agus úsáidfear é chun na poist fhógartha sna Scoileanna Eorpacha agus aon phoist fholmha nua do na Scoileanna Eorpacha sonraithe sin a líonadh suas go dtí 1 Meán Fómhair 2025.
- Cinntigh le do thoil go bhfuil na sonraí seo a leanas i líne ábhair do ríomhphost:
2025-26 Scoileanna Eorpacha - Bunleibhéal – Ainm na Scoile Eorpaí
Conas Iarratas a Dhéanamh: Poist ar Iasacht - Leibhéal Iarbhunscoile
Seol an Fhoirm Iarratais i bhformáid PDF mar aon leis na doiciméid tacaíochta riachtanacha trí ríomhphost le do thoil, chuig: European_schools@education.gov.ie
Tabhair faoi deara le do thoil:
- Leanfaidh an painéal ar aghaidh go dtí an 1 Meán Fómhair, 2025 agus úsáidfear é chun na poist fhógartha sna Scoileanna Eorpacha agus aon phoist fholmha nua do na Scoileanna Eorpacha sonraithe sin a líonadh suas go dtí 1 Meán Fómhair 2025.
- Cinntigh le do thoil go bhfuil na sonraí seo a leanas i líne ábhair do ríomhphoist:
2025-26 Scoileanna Eorpacha – Iarbhunleibhéal - Ainm na Scoile Eorpaí
Tuilleadh eolais d’iarrthóirí 2025/26
Ceisteanna Coitianta ar na Scoileanna Eorpacha
Má tá ceist bhreise agat, faoi na Scoileanna Eorpacha, déan teagmháil le:
Scoileanna Eorpacha, An tAonad um Chomhar Idirnáisiúnta, An Roinn Oideachais DO1 RC 96 ag an seoladh ríomhphoist: European_Schools@education.gov.ie